+IARSCRÍBHINN I FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR SAN IARRATAS AR ÚDARÚ
|
IARSCRÍBHINN I FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR SAN IARRATAS AR ÚDARÚ
IARSCRÍBHINN I
FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR SAN IARRATAS AR ÚDARÚ
Beidh an fhaisnéis seo a leanas go léir san iarratas ar údarú:
|
(a)
|
ainm iomlán an iarratasóra, seoladh oifige cláraithe an iarratasóra laistigh den Aontas, suíomh gréasáin an iarratasóra agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an iarratasóra;
|
|
(b)
|
ainm agus sonraí teagmhála duine teagmhála ag an iarratasóir;
|
|
(c)
|
stádas dlíthiúil an iarratasóra;
|
|
(d)
|
struchtúr úinéireachta an iarratasóra;
|
|
(e)
|
céannacht na n-eintiteas laistigh de struchtúr úinéireachta an iarratasóra a sholáthróidh rátálacha ESG nó aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(1);
|
|
(f)
|
céannacht chomhaltaí bainistíochta sinsearaí an iarratasóra agus leibhéal na cáilíochta, na taithí agus na hoiliúna atá acu;
|
|
(g)
|
an líon anailísithe rátála, fostaithe agus daoine eile atá ag obair don iarratasóir, atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí rátála ESG, agus an leibhéal taithí agus oiliúna atá acu;
|
|
(h)
|
cumhdach margaidh a bhfuiltear ag súil leis maidir le rátálacha ESG;
|
|
(i)
|
tuairisc ar na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí a úsáidtear chun rátálacha ESG arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir a eisiúint agus a athbhreithniú, i dtaobh an bhfuil an soláthraí rátála ESG ag súil go n-úsáidfidh sé faisnéis a nochtar faoi Rialachán (AE) 2019/2088 agus Treoir 2013/34/AE, agus i dtaobh an bhfuil an t-iarratasóir ag súil le modheolaíochtaí a úsáid atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus a chuireann spriocanna agus cuspóirí Chomhaontú Pháras nó aon chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile san áireamh;
|
|
(j)
|
na beartais nó na nósanna imeachta arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir maidir le haon choinbhleacht leasa dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh;
|
|
(k)
|
i gcás inarb infheidhme, doiciméid agus faisnéis a bhaineann le haon socrú seachfhoinsithe atá ann cheana nó atá beartaithe le haghaidh gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo;
|
|
(l)
|
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi ghníomhaíochtaí eile, lena n-áirítear formhuiniú a bhfuiltear ag súil leis, a dhéanann an t-iarratasóir, nó gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir a dhéanamh;
|
|
(m)
|
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na bearta sonracha arna gcur chun feidhme ag an iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 16(2) agus (3) den Rialachán seo;
|
|
(n)
|
i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi ghníomhaíochtaí rátála ESG roimhe seo.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|