+8. Beidh faisnéis sa teimpléad seo amhail ag deireadh an dáta tagartha, i gcomhréir le teimpléad S …

8. Beidh faisnéis sa teimpléad seo amhail ag deireadh an dáta tagartha, i gcomhréir le teimpléad S …

8.

Beidh faisnéis sa teimpléad seo amhail ag deireadh an dáta tagartha, i gcomhréir le teimpléad S 01.00 ”Líon na sealbhóirí – ar an dáta tagartha” le haghaidh eisitheoirí mar a léirítear in Iarscríbhinní I agus II den Rialachán seo. Is mar seo a leanas a chinnfidh suíomh an tsealbhóra tír an tsealbhóra:

(a)

i gcás daoine nádúrtha, an áit a bhfuil gnáthchónaí orthu;

(b)

i gcás daoine dlítheanacha, an seoladh oifige cláraithe.

IV.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 06.00

Colún

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Ainm

Ainm iomlán daoine nádúrtha agus ainm cláraithe oifigiúil daoine dlítheanacha, lena n-áirítear aon tagairt don chineál cuideachta i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí, i gcomhréir leis an aitheantóir uathúil a sholáthraítear don sealbhóir i gcolún 0020 den teimpléad seo.

0020

Cód

Ní mór an cód atá ina chuid d’aitheantóir ró a bheith uathúil i gcás gach eintitis tuairiscithe. Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad agus le himeacht ama. Beidh luach ag an gcód i gcónaí.

Cód an tsealbhóra, amhail uimhir aitheantais náisiúnta le haghaidh daoine nádúrtha nó cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh (LEI) le haghaidh daoine dlítheanacha, nó aon aitheantóir oifigiúil eile is infheidhme atá ar fáil. Má tá LEI ar fáil, tuairisceofar an LEI sin.

Chun próiseas réitigh sonraí na n-eisitheoirí a éascú, cuirfear an cur chuige seo a leanas san áireamh agus an cód á thuairisciú. Tá dhá liosta ann ina bhfuil cineálacha éagsúla cód, ceann amháin do dhaoine nádúrtha, agus ceann eile d’eintitis dhlíthiúla. Tuairisceoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an chéad chineál cóid atá ar fáil ón liosta a shonraítear i gcolún 0030, ag tosú ón gcéad rogha ar an liosta, agus ansin bogfaidh siad síos ceann ar cheann don chuid eile de na roghanna, i gcás nach bhfuil an cineál aitheantóra sin ar fáil don sealbhóir.

0030

An cineál cóid

Cineálacha cód daoine nádúrtha:

1.

Uimhir aitheantais náisiúnta

2.

Uimhir chánach náisiúnta

3.

Uimhir an phas

4.

Cineál eile uimhreach aitheantais

Cineálacha cód daoine dlítheanacha:

1.

Cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh (LEI)

2.

Uimhir chlárúcháin náisiúnta oifigiúil nó Aitheantóir Uathúil Eorpach (EUID) a chuirtear ar fáil faoi Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

3.

Uimhir chánach chláraithe oifigiúil

4.

Cineál eile uimhreach aitheantais

Tuairisceofar an cineál cóid i gcónaí.

0040

Miondíol/Neamh-mhiondíol

Cuir Miondíol nó Neamh-mhiondíol san áireamh, bunaithe ar an sealbhóir faoi raon feidhme.

Áireofar miondíol i gcás ina gcáilíonn an sealbhóir faoin raon feidhme mar shealbhóir miondíola, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 37, de Rialachán (AE) 2023/1114.

Áireofar neamh-mhiondíol ar shlí eile.

0050

Tír

Cuir isteach ainm thír an tsealbhóra faoin raon feidhme, i gcomhréir le pointe 8 den Iarscríbhinn seo.


Ró

Tagairtí dlí agus treoracha

Leithdháilfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ró amháin ar gach sealbhóir sonrach a thagann faoin raon feidhme.

CUID III:   FAISNÉIS FAOI IDIRBHEARTA (S 07.01, S 07.02, S 07.03 agus S 07.04)

V.   Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 7.01

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2902
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.