+IARSCRÍBHINN IV TUAIRISCIÚ DO SHOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEASHÓCMHAINNÍ – TREORACHA
---+1. Tá treoracha san Iarscríbhinn seo maidir le tuairisciú na dteimpléad le haghaidh soláthraithe …
---+2. Tá trí thacar teimpléad san Iarscríbhinn seo: (a) Faisnéis faoi shealbhóirí (S 06.00); (b) …
---+3. Soláthraítear tagairtí dlí le haghaidh gach teimpléid. Áirítear sa chuid seo den Rialachán Cur …
---+4. Leantar an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha: {Teimpléad; Ró; Colún; z-ais}.
---+5. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis a shonraítear san …
---+6. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na trí thacar teimpléad san Iarscríbhinn …
---+7. I dTeimpléad S 06.00, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá an …
---+8. Beidh faisnéis sa teimpléad seo amhail ag deireadh an dáta tagartha, i gcomhréir le teimpléad S …
---+9. I dTeimpléad S 07.01, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá an …
---+10. Leanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an cur chuige thíos chun a chinneadh cé na …
---+11. Is mar a leanas a bheidh suíomh an tionscnóra agus an tairbhí a bhfuil baint aige leis na …
---+12. Beidh na hidirbhearta sin faoi raon feidhme an teimpléid seo, i gcás ina bhfuil ceann amháin ar …
---+13. Cinnfidh an t-eisitheoir luach na n-idirbheart de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in …
---+14. Áireofar miondealú le haghaidh na n-idirbheart i dteimpléad S 07.01: (a) ina measc, a rinneadh …
---+15. Déanfar teimpléad S 07.01 a thuairisciú ar leithligh do gach tír a bhaineann leis na …
---+16. Is é an t-aon difríocht idir Teimpléad S 07.02 agus Teimpléad S 07.01 go bhfuil Teimpléad S …
---+17. I dTeimpléad S 07.03, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá an …
---+18. Leanfaidh an teimpléad seo na ceanglais a leagtar amach le Rialachán Tarmligthe C[(2024) 6910].
---+19. Tuairisceofar an teimpléad seo ar leithligh do gach limistéar airgeadra aonair mar a …
---+20. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní do na heisitheoirí na seoltaí mórleabhar …
---+21. Áireofar i dteimpléad S 08.00 faisnéis faoi líon agus méid an chomhartha atá faoi raon feidhme …
|
IARSCRÍBHINN IV TUAIRISCIÚ DO SHOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEASHÓCMHAINNÍ – TREORACHA
IARSCRÍBHINN IV
TUAIRISCIÚ DO SHOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ CRIPTEASHÓCMHAINNÍ – TREORACHA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
1. Tá treoracha san Iarscríbhinn seo maidir le tuairisciú na dteimpléad le haghaidh soláthraithe …
|
|
1.
|
Tá treoracha san Iarscríbhinn seo maidir le tuairisciú na dteimpléad le haghaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní.
|
|
|
2. Tá trí thacar teimpléad san Iarscríbhinn seo: (a) Faisnéis faoi shealbhóirí (S 06.00); (b) …
|
|
2.
|
Tá trí thacar teimpléad san Iarscríbhinn seo:
|
(a)
|
Faisnéis faoi shealbhóirí (S 06.00);
|
|
(b)
|
Faisnéis faoi idirbhearta (S 07.01, S 07.02, S 07.03 agus S 07.04);
|
|
(c)
|
Faisnéis faoi chomhartha (S 08.00).
|
|
|
|
3. Soláthraítear tagairtí dlí le haghaidh gach teimpléid. Áirítear sa chuid seo den Rialachán Cur …
|
|
3.
|
Soláthraítear tagairtí dlí le haghaidh gach teimpléid. Áirítear sa chuid seo den Rialachán Cur Chun Feidhme tuilleadh faisnéise mionsonraithe maidir le gnéithe níos ginearálta den tuairisciú ar gach bloc teimpléad agus treoracha maidir le suíomhanna sonracha.
|
|
|
4. Leantar an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha: {Teimpléad; Ró; Colún; z-ais}.
|
|
4.
|
Leantar an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha: {Teimpléad; Ró; Colún; z-ais}.
|
II. Raon feidhme an tuairiscithe
|
|
5. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis a shonraítear san …
|
|
5.
|
Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis a shonraítear san Iarscríbhinn seo do na heisitheoirí, i gcomhréir le hAirteagail 1(2) agus 3(2) den Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
|
6. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na trí thacar teimpléad san Iarscríbhinn …
|
|
6.
|
Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní na trí thacar teimpléad san Iarscríbhinn seo do na heisitheoirí faoi seach ar leithligh le haghaidh gach comhartha sócmhainn-tagartha de réir Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, lena léirítear don eisitheoir atá faoi réir tíolacadh ar leith, cód aitheantais, tagairt nó ainm an chomhartha, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, bunaithe ar an bpáipéar bán cripteashócmhainní foilsithe don chomhartha.
|
CUID II: FAISNÉIS DO SHEALBHÓIRÍ (S 06.00)
III. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 06.00
|
|
7. I dTeimpléad S 06.00, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá an …
|
|
7.
|
I dTeimpléad S 06.00, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá an fhaisnéis faoi na sealbhóirí is gá chun go gcomhlíonfaidh na heisitheoirí na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo.
|
|
|
8. Beidh faisnéis sa teimpléad seo amhail ag deireadh an dáta tagartha, i gcomhréir le teimpléad S …
|
|
8.
|
Beidh faisnéis sa teimpléad seo amhail ag deireadh an dáta tagartha, i gcomhréir le teimpléad S 01.00 ”Líon na sealbhóirí – ar an dáta tagartha” le haghaidh eisitheoirí mar a léirítear in Iarscríbhinní I agus II den Rialachán seo. Is mar seo a leanas a chinnfidh suíomh an tsealbhóra tír an tsealbhóra:
|
(a)
|
i gcás daoine nádúrtha, an áit a bhfuil gnáthchónaí orthu;
|
|
(b)
|
i gcás daoine dlítheanacha, an seoladh oifige cláraithe.
|
|
IV. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 06.00
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Ainm
Ainm iomlán daoine nádúrtha agus ainm cláraithe oifigiúil daoine dlítheanacha, lena n-áirítear aon tagairt don chineál cuideachta i gcomhréir le dlí náisiúnta na gcuideachtaí, i gcomhréir leis an aitheantóir uathúil a sholáthraítear don sealbhóir i gcolún 0020 den teimpléad seo.
|
|
0020
|
Cód
Ní mór an cód atá ina chuid d’aitheantóir ró a bheith uathúil i gcás gach eintitis tuairiscithe. Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad agus le himeacht ama. Beidh luach ag an gcód i gcónaí.
Cód an tsealbhóra, amhail uimhir aitheantais náisiúnta le haghaidh daoine nádúrtha nó cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh (LEI) le haghaidh daoine dlítheanacha, nó aon aitheantóir oifigiúil eile is infheidhme atá ar fáil. Má tá LEI ar fáil, tuairisceofar an LEI sin.
Chun próiseas réitigh sonraí na n-eisitheoirí a éascú, cuirfear an cur chuige seo a leanas san áireamh agus an cód á thuairisciú. Tá dhá liosta ann ina bhfuil cineálacha éagsúla cód, ceann amháin do dhaoine nádúrtha, agus ceann eile d’eintitis dhlíthiúla. Tuairisceoidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an chéad chineál cóid atá ar fáil ón liosta a shonraítear i gcolún 0030, ag tosú ón gcéad rogha ar an liosta, agus ansin bogfaidh siad síos ceann ar cheann don chuid eile de na roghanna, i gcás nach bhfuil an cineál aitheantóra sin ar fáil don sealbhóir.
|
|
0030
|
An cineál cóid
Cineálacha cód daoine nádúrtha:
|
1.
|
Uimhir aitheantais náisiúnta
|
|
2.
|
Uimhir chánach náisiúnta
|
|
4.
|
Cineál eile uimhreach aitheantais
|
Cineálacha cód daoine dlítheanacha:
|
1.
|
Cód aitheantóra eintitis dhlítheanaigh (LEI)
|
|
2.
|
Uimhir chlárúcháin náisiúnta oifigiúil nó Aitheantóir Uathúil Eorpach (EUID) a chuirtear ar fáil faoi Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)
|
|
3.
|
Uimhir chánach chláraithe oifigiúil
|
|
4.
|
Cineál eile uimhreach aitheantais
Tuairisceofar an cineál cóid i gcónaí.
|
|
|
0040
|
Miondíol/Neamh-mhiondíol
Cuir Miondíol nó Neamh-mhiondíol san áireamh, bunaithe ar an sealbhóir faoi raon feidhme.
Áireofar miondíol i gcás ina gcáilíonn an sealbhóir faoin raon feidhme mar shealbhóir miondíola, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe 37, de Rialachán (AE) 2023/1114.
Áireofar neamh-mhiondíol ar shlí eile.
|
|
0050
|
Tír
Cuir isteach ainm thír an tsealbhóra faoin raon feidhme, i gcomhréir le pointe 8 den Iarscríbhinn seo.
|
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
Leithdháilfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ró amháin ar gach sealbhóir sonrach a thagann faoin raon feidhme.
|
CUID III: FAISNÉIS FAOI IDIRBHEARTA (S 07.01, S 07.02, S 07.03 agus S 07.04)
V. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 7.01
|
|
9. I dTeimpléad S 07.01, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá an …
|
|
9.
|
I dTeimpléad S 07.01, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá an fhaisnéis faoi na hidirbhearta is gá chun go gcomhlíonfaidh na heisitheoirí na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo. Áireofar i dteimpléad S 07.01 faisnéis maidir le líon iomlán agus luach comhiomlán iomlán na n-idirbheart le linn na tréimhse tuairiscithe, arna gcur i láthair ar leithligh le haghaidh na dtíortha faoi raon feidhme an tuairiscithe.
|
|
|
10. Leanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an cur chuige thíos chun a chinneadh cé na …
|
|
10.
|
Leanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an cur chuige thíos chun a chinneadh cé na hidirbhearta atá le háireamh i raon feidhme an teimpléid seo:
|
(a)
|
Idirbhearta, a bhfuil baint ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní leo agus a ghníomhaíonn mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní thairbhí nó íocaí an idirbhirt. Sna cásanna sin, bíonn tionscnóir nó íocóir an idirbhirt ag idirghníomhú freisin trí sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní; nó gan baint a bheith ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní leis, mar shampla trína thiachóg neamhchoinneála.
|
|
(b)
|
Idirbhearta, a bhfuil baint ag an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní leo agus a ghníomhaíonn mar sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní thionscnóir nó íocóir an idirbhirt. Sna cásanna sin, tá tairbhí nó íocaí an idirbhirt ag idirghníomhú gan baint a bheith ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní leis, mar shampla trína thiachóg neamhchoinneála. Déantar na cineálacha idirbheart sin a ríomh agus a thuairisciú ar bhonn na hiarrachta is fearr, i ngeall ar an bhfaisnéis theoranta a d’fhéadfadh a bheith ag soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní thionscnóir nó íocóir an idirbhirt ar an dá shealbhóir a bhfuil baint acu leis na haistrithe.
|
|
|
|
11. Is mar a leanas a bheidh suíomh an tionscnóra agus an tairbhí a bhfuil baint aige leis na …
|
|
11.
|
Is mar a leanas a bheidh suíomh an tionscnóra agus an tairbhí a bhfuil baint aige leis na hidirbhearta, de réir an chur chuige chun tír na sealbhóirí a shainiú i dteimpléad S 01.00 “Líon na sealbhóirí – ar an dáta tagartha”:
|
(a)
|
i gcás daoine nádúrtha, an áit a bhfuil gnáthchónaí orthu;
|
|
(b)
|
i gcás daoine dlítheanacha, an seoladh oifige cláraithe.
|
|
|
|
12. Beidh na hidirbhearta sin faoi raon feidhme an teimpléid seo, i gcás ina bhfuil ceann amháin ar …
|
|
12.
|
Beidh na hidirbhearta sin faoi raon feidhme an teimpléid seo, i gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na sealbhóirí a bhfuil baint acu leis an idirbheart lonnaithe laistigh den Aontas. Ina theannta sin, nuair a thagraíonn an comhartha d’airgeadra oifigiúil cheann de Bhallstáit an Aontais, áireofar idirbhearta ina bhfuil an dá shealbhóir lena mbaineann lonnaithe lasmuigh den Aontas freisin i raon feidhme an tuairiscithe.
|
|
|
13. Cinnfidh an t-eisitheoir luach na n-idirbheart de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in …
|
|
13.
|
Cinnfidh an t-eisitheoir luach na n-idirbheart de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe [(2024) 6910]
|
|
|
14. Áireofar miondealú le haghaidh na n-idirbheart i dteimpléad S 07.01: (a) ina measc, a rinneadh …
|
|
14.
|
Áireofar miondealú le haghaidh na n-idirbheart i dteimpléad S 07.01:
|
(a)
|
ina measc, a rinneadh laistigh den tír;
|
|
(b)
|
ina measc, a fuair idirbheart chuig an tír;
|
|
(c)
|
ina measc, a sheol idirbheart ón tír.
|
|
|
|
15. Déanfar teimpléad S 07.01 a thuairisciú ar leithligh do gach tír a bhaineann leis na …
|
|
15.
|
Déanfar teimpléad S 07.01 a thuairisciú ar leithligh do gach tír a bhaineann leis na hidirbhearta. Is iad tíortha an idirbhirt tíortha cónaithe na sealbhóirí atá páirteach san idirbheart, lena n-áirítear tír an tionscnóra agus tír thairbhí an idirbhirt.
|
VI. Treoracha maidir le suíomhanna sonracha Theimpléad S 07.01
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Idirbhearta le linn na tréimhse tuairiscithe – iomlán
I gcás na tíre arna cinneadh leis an z-ais, idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra nó suíomh an tairbhí laistigh den tír sin.
|
|
0020
|
Ina measc, a rinneadh laistigh den tír
I gcás na tíre a chinntear leis an z-ais, idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra agus suíomh an tairbhí araon laistigh den tír sin.
|
|
0030
|
Ina measc, a fuair idirbheart chuig an tír
I gcás na tíre a chinntear leis an z-ais, idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra lasmuigh den tír sin agus ina bhfuil suíomh an tairbhí laistigh den tír sin.
|
|
0040
|
Ina measc, a sheol idirbheart ón tír
I gcás na tíre a chinntear leis an z-ais, idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra laistigh den tír sin agus ina bhfuil suíomh an tairbhí lasmuigh den tír sin.
|
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Uimhir
An líon iomlán idirbheart sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
0020
|
Méid
Luach comhiomlán iomlán na n-idirbheart sa tréimhse tuairiscithe.
|
VII. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 7.02
|
|
16. Is é an t-aon difríocht idir Teimpléad S 07.02 agus Teimpléad S 07.01 go bhfuil Teimpléad S …
|
|
16.
|
Is é an t-aon difríocht idir Teimpléad S 07.02 agus Teimpléad S 07.01 go bhfuil Teimpléad S 07.02 ann le haghaidh na n-idirbheart uile san Aontas, lena n-áirítear idirbhearta insreafa agus eis-sreafa, agus dá bhrí sin nach bhfuil an z-ais ann lena gcinntear an tír atá faoin raon feidhme.
|
VIII. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 07.02
|
Sraith
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Idirbhearta le linn na tréimhse tuairiscithe – iomlán
Idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra nó suíomh an tairbhí laistigh den Aontas.
|
|
0020
|
An méid díobh a rinneadh laistigh den Aontas
Idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra agus suíomh an tairbhí araon laistigh den Aontas.
|
|
0030
|
Ina measc, a fuair idirbheart chuig an Aontas Eorpach
Idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra lasmuigh den Aontas agus ina bhfuil suíomh an tairbhí laistigh den Aontas.
|
|
0040
|
An méid díobh a sheol idirbheart ón Aontas
Idirbhearta i gcás ina bhfuil suíomh an tionscnóra laistigh den Aontas agus ina bhfuil suíomh an tairbhí lasmuigh den Aontas.
|
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Uimhir
Líon iomlán na n-idirbheart sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
0020
|
Méid
Luach comhiomlán iomlán na n-idirbheart sa tréimhse tuairiscithe.
|
IX. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 07.03
|
|
17. I dTeimpléad S 07.03, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá an …
|
|
17.
|
I dTeimpléad S 07.03, i gcomhréir le hAirteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2023/1114, tá an fhaisnéis faoi na hidirbhearta is gá chun go gcomhlíonfaidh na heisitheoirí na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo. Maidir leis an teimpléad seo, beidh raon feidhme ag na hidirbhearta sin, a bhaineann le húsáidí an chomhartha sócmhainn-tagartha mar mhodh malartaithe, de réir Airteagal 22(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/1114.
|
|
|
18. Leanfaidh an teimpléad seo na ceanglais a leagtar amach le Rialachán Tarmligthe C[(2024) 6910].
|
|
18.
|
Leanfaidh an teimpléad seo na ceanglais a leagtar amach le Rialachán Tarmligthe C[(2024) 6910].
|
|
|
19. Tuairisceofar an teimpléad seo ar leithligh do gach limistéar airgeadra aonair mar a …
|
|
19.
|
Tuairisceofar an teimpléad seo ar leithligh do gach limistéar airgeadra aonair mar a shonraítear in Airteagal 3(5) de Rialachán Tarmligthe C[(2024) 6910].
|
X. Treoracha maidir le suíomhanna sonracha Theimpléad S 07.03
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Idirbhearta le linn na tréimhse tuairiscithe – iomlán
Maidir leis an limistéar airgeadra aonair a chinntear leis an z-ais, idirbhearta atá laistigh den limistéar airgeadra aonair sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Rialachán Tarmligthe C[(2024) 6910].
|
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Uimhir
Líon iomlán na n-idirbheart sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
0020
|
Méid
Luach comhiomlán iomlán na n-idirbheart sa tréimhse tuairiscithe.
|
|
z-ais
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
Ainm an limistéir airgeadra aonair
|
Tuairisceofar an teimpléad seo ar leithligh do gach limistéar airgeadra aonair atá faoin raon feidhme. Soláthrófar leis an z-ais na limistéir airgeadra aonair éagsúla uile bunaithe ar shuíomh na sealbhóirí a bhfuil baint acu leis na hidirbhearta atá faoin raon feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Rialachán Tarmligthe C[(2024) 6910].
|
XI. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 7.04
|
|
20. Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní do na heisitheoirí na seoltaí mórleabhar …
|
|
20.
|
Soláthróidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní do na heisitheoirí na seoltaí mórleabhar dáilte poiblí a úsáideann siad chun aistrithe a dhéanamh thar ceann a gcliant. Is é sin chun é a dhéanamh níos éasca d’eisitheoirí a aithint cé na hidirbhearta atá cláraithe ar an mórleabhar dáilte a dhéantar idir tiachóga neamhchoinneála, tuilleadh faisnéise a sholáthar do na heisitheoirí chun a dteimpléid a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinní I agus II den Rialachán Cur Chun Feidhme seo, go háirithe S 04.03 “Idirbhearta agus aistrithe in aghaidh an lae idir tiachóga neamhchoinneála – ar an meán”. Soláthraítear le Teimpléad S 07.04 “Seoltaí mórleabhar dáilte chun aistrithe a dhéanamh thar ceann cliant” an fhaisnéis sin do na heisitheoirí.
|
XII. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 07.04
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Seoladh mórleabhar dáilte
An seoltaí mórleabhar dáilte poiblí a úsáideann an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní chun aistrithe a dhéanamh thar ceann a chliant.
|
|
Sraith
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
Leithdháilfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní ró amháin do gach seoladh mórleabhair dháilte atá faoin raon feidhme.
|
CUID IV: FAISNÉIS FAOI CHOMHARTHA (S 08.00)
XIII. Barúlacha ginearálta ar Theimpléad S 08.00
|
|
21. Áireofar i dteimpléad S 08.00 faisnéis faoi líon agus méid an chomhartha atá faoi raon feidhme …
|
|
21.
|
Áireofar i dteimpléad S 08.00 faisnéis faoi líon agus méid an chomhartha atá faoi raon feidhme na dteimpléad tuairiscithe, atá i seilbh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, agus laistigh de sin chun líon agus méid na gcomharthaí sin atá i seilbh chliaint an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní san Aontas a shonrú. Roinnfear an fhaisnéis sin leis an eisitheoir, ionas go mbeidh an t-eisitheoir in ann a luach comhiomlánaithe dá chomhartha arna eisiúint san Aontas agus dá chúlchiste sócmhainní gaolmhar a ríomh go cruinn, go háirithe i gcás ina n-eisítear an comhartha faoi seach ar scála idirnáisiúnta lasmuigh den Aontas freisin.
|
XIV. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha Theimpléad S 08.00
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Comhartha atá i seilbh an tSoláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní
Na comharthaí sin atá i seilbh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní.
|
|
0020
|
arna sealbhú trí chliaint AE an tSoláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní
Na comharthaí sin atá i seilbh an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní, atá i seilbh chliaint an tsoláthraí seirbhísí cripteashócmhainní san Aontas.
|
|
Colún
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Uimhir
Líon na gcomharthaí faoin raon feidhme.
|
|
0020
|
Méid
Méid na gcomharthaí faoin raon feidhme.
Cinnfear luach na n-idirbheart de réir an mhodha luachála a shainmhínítear in Airteagal 4(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) C[(2024) 6910].
|
(1) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/1132/oj).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2902
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|