+Airteagal 8 Córais gnóthaithe costas
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.

Airteagal 8 Córais gnóthaithe costas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Maidir leis na costais atá ar shaoráidí glactha calafoirt a oibriú chun dramhaíl ó longa, seachas iarmhair lasta, a ghlacadh agus a chóireáil, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar iad trí tháille a bhailiú ó longa. Áirítear sna costais sin na gnéithe a liostaítear in Iarscríbhinn 4.
Airteagal 8 2.

Ní bheidh aon dreasacht le fáil do longa sna córais gnóthaithe costas a gcuid dramhaíola a sceitheadh ar muir. Chuige sin, agus na córais gnóthaithe costas á gceapadh agus á n-oibriú ag na Ballstáit, cuirfidh siad na prionsabail seo ar fad a leanas i bhfeidhm:

(a) 

íocfaidh na longa táille indíreach, beag beann ar sheachadadh na dramhaíola go saoráid glactha calafoirt;

(b) 

cumhdófar sa táille indíreach an méid seo a leanas:

(i) 

na costais riaracháin indíreacha;

(ii) 

cuid shuntasach de na costais oibriúcháin dhíreacha, arna gcinneadh in Iarscríbhinn 4, arb ionann iad agus 30 %, ar a laghad, de na costais dhíreacha iomlána a bhí ar sheachadadh iarbhír na dramhaíola le linn na bliana roimhe sin; I dteannta na féidearthachta na costais a bhainfidh leis an méid tráchta iomlán a bhfuiltear ag súil leis don bhliain dár gcionn a chur san áireamh freisin;

(c) 

chun foráil a dhéanamh maidir le huasdreasacht do sheachadadh na dramhaíola Iarscríbhinn V a ghabhann le MARPOL, seachas iarmhair lasta, ní ghearrfar aon táille dhíreach ar dhramhaíl den sórt sin, chun ceart seachadta gan aon mhuirir bhreise a áirithiú, bunaithe ar an méid dramhaíola a seachadadh, ach amháin sa chás go dtéann an méid dramhaíola a seachadadh thar uasthoilleadh stórála thiomnaithe mar a luaitear san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Treoir seo; cuimseoidh an córas seo an dramhaíl a iascadh go héighníomhach, lena n-áirítear ceart seachadta;

(d) 

ionas nach bhfágfar costas an bhailithe agus an chóireála a bhaineann le dramhaíl a iascadh go héighníomhach faoi úsáideoirí an chalafoirt amháin, cuimseoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, na costais sin ó ioncaim a ghintear le córais mhaoinithe malartacha, lena n-áirítear scéimeanna bainistithe dramhaíola agus le maoiniú an Aontais, náisiúnta nó réigiúnach atá ar fáil;

(e) 

ionas go seachadfar iarmhair a eascraíonn as umarghlantachán ina mbíonn substaintí leanúnacha ardslaodachta snámhacha, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí airgeadais iomchuí chun go dtarlódh sin;

(f) 

Ní chumhdófar sa táille indíreach an dramhaíl ó chórais glanta gáis sceite; cumhdófar na costais sin ar bhonn chineálacha agus chainníochtaí na dramhaíola arna seachadadh.

Airteagal 8 3.
Maidir leis an gcuid de na costais nach gcumhdófar sa táille indíreach, más ann di, cumhdófar í ar bhonn chineálacha agus chainníochtaí na dramhaíola arna seachadadh ag an long.
Airteagal 8 4.

Féadfar na táillí a dhifreáil ar an mbonn seo a leanas:

(a) 

catagóir, cineál agus méid na loinge;

(b) 

na seirbhísí a sholáthraítear do longa lasmuigh de na gnáthuaireanta oibriúcháin sa chalafort; nó

(c) 

an chontúirt a bhaineann leis an dramhaíl.

Airteagal 8 5.

Laghdófar na táillí ar an mbonn seo a leanas:

(a) 

an cineál trádála ina mbíonn an long páirteach ann, go háirithe nuair a bhíonn long páirteach i dtrádáil loingseoireacht ghearrthurais;

(b) 

más féidir a léiriú, de thoradh dhearadh, threalamh agus oibriú na loinge, go dtagann méid laghdaithe dramhaíola ón long agus go mbainistíonn sí a cuid dramhaíola ar bhealach inbhuanaithe agus ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh faoin 28 Meitheamh 2020, ina saineofar na critéir chun a chinneadh an bhfuil na ceanglais a shonraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír comhlíonta aici maidir le bainistiú dramhaíola na loinge ar bord. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

Airteagal 8 6.
Chun a áirithiú go bhfuil na táillí cothrom, trédhearcach, inaitheanta, neamh-idirdhealaitheach, agus go léiríonn siad costais na saoráidí agus na seirbhísí arna gcur ar fáil, agus, más iomchuí, arna n-úsáid, déanfar méid na dtáillí agus an bonn ar ar ríomhadh iad a chur ar fáil d’úsáideoirí an chalafoirt i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an calafort lonnaithe, agus i gcás inarb ábhartha, i dteanga a úsáidtear go hidirnáisiúnta sa phlean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil.
Airteagal 8 7.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbaileofar na sonraí monatóireachta i dtaca le líon agus cainníocht na dramhaíola a iascadh go héighníomhach, agus go ndéanfaidh na Ballstáit na sonraí monatóireachta sin a thuairisciú don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil, bunaithe ar na sonaí monatóireachta sin, faoin 31 Nollag 2022 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina saineofar modheolaíochtaí na sonraí monatóireachta agus an fhormáid don tuairisciú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0883
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.