|
+Airteagal 8 2. |
Airteagal 8 2.Ní bheidh aon dreasacht le fáil do longa sna córais gnóthaithe costas a gcuid dramhaíola a sceitheadh ar muir. Chuige sin, agus na córais gnóthaithe costas á gceapadh agus á n-oibriú ag na Ballstáit, cuirfidh siad na prionsabail seo ar fad a leanas i bhfeidhm:
(a)
íocfaidh na longa táille indíreach, beag beann ar sheachadadh na dramhaíola go saoráid glactha calafoirt;
(b)
cumhdófar sa táille indíreach an méid seo a leanas:
(i)
na costais riaracháin indíreacha;
(ii)
cuid shuntasach de na costais oibriúcháin dhíreacha, arna gcinneadh in Iarscríbhinn 4, arb ionann iad agus 30 %, ar a laghad, de na costais dhíreacha iomlána a bhí ar sheachadadh iarbhír na dramhaíola le linn na bliana roimhe sin; I dteannta na féidearthachta na costais a bhainfidh leis an méid tráchta iomlán a bhfuiltear ag súil leis don bhliain dár gcionn a chur san áireamh freisin;
(c)
chun foráil a dhéanamh maidir le huasdreasacht do sheachadadh na dramhaíola Iarscríbhinn V a ghabhann le MARPOL, seachas iarmhair lasta, ní ghearrfar aon táille dhíreach ar dhramhaíl den sórt sin, chun ceart seachadta gan aon mhuirir bhreise a áirithiú, bunaithe ar an méid dramhaíola a seachadadh, ach amháin sa chás go dtéann an méid dramhaíola a seachadadh thar uasthoilleadh stórála thiomnaithe mar a luaitear san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Treoir seo; cuimseoidh an córas seo an dramhaíl a iascadh go héighníomhach, lena n-áirítear ceart seachadta;
(d)
ionas nach bhfágfar costas an bhailithe agus an chóireála a bhaineann le dramhaíl a iascadh go héighníomhach faoi úsáideoirí an chalafoirt amháin, cuimseoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, na costais sin ó ioncaim a ghintear le córais mhaoinithe malartacha, lena n-áirítear scéimeanna bainistithe dramhaíola agus le maoiniú an Aontais, náisiúnta nó réigiúnach atá ar fáil;
(e)
ionas go seachadfar iarmhair a eascraíonn as umarghlantachán ina mbíonn substaintí leanúnacha ardslaodachta snámhacha, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí airgeadais iomchuí chun go dtarlódh sin;
(f)
Ní chumhdófar sa táille indíreach an dramhaíl ó chórais glanta gáis sceite; cumhdófar na costais sin ar bhonn chineálacha agus chainníochtaí na dramhaíola arna seachadadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|