+Airteagal 9 Díolúintí
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 9 5.

Airteagal 9 Díolúintí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1.

Féadfaidh na Ballstáit long a stadann ag a gcalafoirt a dhíolmhú ó na hoibleagáidí in Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 (“an díolúine”), i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) 

go bhfuil an long páirteach i dtrácht sceidealaithe ina stadtar go minic agus go rialta ag calafoirt;

(b) 

go bhfuil socrú ann chun a áirithiú go seachadtar an dramhaíl agus go n-íoctar na táillí i gcalafort feadh bhealach na loinge:

(i) 

léirithe le conradh a síníodh le calafort nó conraitheoir dramhaíola agus le hadmhálacha seachadta dramhaíola;

(ii) 

gur cuireadh gach calafort feadh bhealach na loinge ar an eolas; agus

(iii) 

gur ghlac an calafort ina dtarlaíonn an seachadadh agus an íocaíocht, a d’fhéadfaí a bheith ina gcalafort de chuid an Aontais nó i gcalafort eile a bhfuil, bunaithe ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in GISIS, saoráidí leordhóthanacha ar fáil;

(c) 

nach mbeidh tionchar diúltach ag an díolúine ar shábháilteacht agus ar shláinte mhuirí, ar shlí mhaireachtála ná ar dhálaí oibre ar bord loinge ná ar an muirthimpeallacht.

Airteagal 9 2.
Má thugtar an díolúine, eiseoidh an Ballstát ina bhfuil an calafort lonnaithe deimhniú díolúine, a bheidh bunaithe ar an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn 5, ina ndearbhófar go gcomhlíonann an long na coinníollacha agus na ceanglais is gá chun an díolúine a chur i bhfeidhm agus ina gcuirfear tréimhse na díolúine in iúl.
Airteagal 9 3.
Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ón deimhniú díolúine a thuairisciú go leictreonach sa chuid den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13.
Airteagal 9 4.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán éifeachtach ar na socruithe maidir le seachadadh agus íocaíocht a bheidh ann do longa díolmhaithe a thugann cuairt ar a gcalafoirt, agus go ndéanfar na socruithe sin a fhorfheidhmiú go héifeachtach.
Airteagal 9 5.
D’ainneoin an díolúine a dheonú, ní fhéadfaidh long dul ar aghaidh go dtí an chéad chalafort cuarda eile murab ann do leorthoilleadh stórála thiomnaithe le haghaidh na dramhaíola ar fad atá carntha agus a charnfar le linn aistear beartaithe na loinge go dtí an chéad chalafort cuarda eile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0883
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.