|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.Féadfaidh na Ballstáit long a stadann ag a gcalafoirt a dhíolmhú ó na hoibleagáidí in Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 (“an díolúine”), i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:
(a)
go bhfuil an long páirteach i dtrácht sceidealaithe ina stadtar go minic agus go rialta ag calafoirt;
(b)
go bhfuil socrú ann chun a áirithiú go seachadtar an dramhaíl agus go n-íoctar na táillí i gcalafort feadh bhealach na loinge:
(i)
léirithe le conradh a síníodh le calafort nó conraitheoir dramhaíola agus le hadmhálacha seachadta dramhaíola;
(ii)
gur cuireadh gach calafort feadh bhealach na loinge ar an eolas; agus
(iii)
gur ghlac an calafort ina dtarlaíonn an seachadadh agus an íocaíocht, a d’fhéadfaí a bheith ina gcalafort de chuid an Aontais nó i gcalafort eile a bhfuil, bunaithe ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh go leictreonach sa chuid sin den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in GISIS, saoráidí leordhóthanacha ar fáil;
(c)
nach mbeidh tionchar diúltach ag an díolúine ar shábháilteacht agus ar shláinte mhuirí, ar shlí mhaireachtála ná ar dhálaí oibre ar bord loinge ná ar an muirthimpeallacht. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|