+Airteagal 16 Nósanna imeachta
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.

Airteagal 16 Nósanna imeachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Sula ndéanfaidh an Coimisiún cinntí de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 15, eiseoidh sé ráiteas agóidí chuig na gnóthais nó chuig na comhlachais ghnóthas lena mbaineann agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur isteach i scríbhinn agus, arna iarraidh sin dóibh amhlaidh, ag éisteacht ó bhéal.
Airteagal 16 2.

Ní nochtfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis den chineál atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla agus a fuair sé de bhun an Rialacháin seo.

Déanfaidh aon duine a chuireann faisnéis isteach chuig an gCoimisiún faoin Rialachán seo aon ábhar a mheasann sé a bheith rúnda a shainaithint go soiléir, agus cúiseanna a thabhairt leis sin, agus soláthróidh sé nó sí leagan neamhrúnda ar leithligh faoin dáta a bheidh socraithe ag an gCoimisiún.

Airteagal 16 3.

I gcás go bhfuil an Coimisiún den tuairim nach bhfuil forais dhóthanacha ann, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh aige, chun gníomhú i leith gearáin, cuirfidh sé a chúiseanna leis sin in iúl don ghearánach agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a thabhairt le fios i scríbhinn.

Má thugann an gearánach a thuairimí le fios laistigh den teorainn ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún agus mura mbeidh mar thoradh ar na haighneachtaí i scríbhinn arna ndéanamh ag an ngearánach go ndéanfar measúnú éagsúil ar an ngearán, diúltóidh an Coimisiún don ghearán le cinneadh. Mura n-éiríonn leis an ngearánach a thuairimí a thabhairt le fios laistigh den teorainn ama atá socraithe ag an gCoimisiún, measfar gur tharraing an gearánaí siar an gearán.

Sa chás go n-eisíonn an Coimisiún ráiteas agóidí, soláthróidh sé don ghearánach cóip den leagan neamhrúnda agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a thabhairt le fios i scríbhinn.

Airteagal 16 4.
Tabharfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcomhad do na páirtithe ar sheol sé ráiteas agóidí chucu agus don ghearánach, arna iarraidh sin dóibh amhlaidh. Tabharfar rochtain tar éis an ráiteas agóidí a fhógairt. Ní fholóidh an ceart rochtana ar an gcomhad rúin ghnó, faisnéis rúnda eile agus doiciméid inmheánacha an Choimisiúin.
Airteagal 16 5.
Má mheasann an Coimisiún go bhfuil gá leis, féadfaidh sé éisteacht a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0080
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.