I gcás go bhfuil an Coimisiún den tuairim nach bhfuil forais dhóthanacha ann, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh aige, chun gníomhú i leith gearáin, cuirfidh sé a chúiseanna leis sin in iúl don ghearánach agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a thabhairt le fios i scríbhinn.
Má thugann an gearánach a thuairimí le fios laistigh den teorainn ama a bheidh socraithe ag an gCoimisiún agus mura mbeidh mar thoradh ar na haighneachtaí i scríbhinn arna ndéanamh ag an ngearánach go ndéanfar measúnú éagsúil ar an ngearán, diúltóidh an Coimisiún don ghearán le cinneadh. Mura n-éiríonn leis an ngearánach a thuairimí a thabhairt le fios laistigh den teorainn ama atá socraithe ag an gCoimisiún, measfar gur tharraing an gearánaí siar an gearán.
Sa chás go n-eisíonn an Coimisiún ráiteas agóidí, soláthróidh sé don ghearánach cóip den leagan neamhrúnda agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a thabhairt le fios i scríbhinn.