+IARSCRÍBHINN IV LIOSTA TÁSCACH DE BHEARTA LAGHDÚCHÁIN RIOSCA

IARSCRÍBHINN IV LIOSTA TÁSCACH DE BHEARTA LAGHDÚCHÁIN RIOSCA

IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA TÁSCACH DE BHEARTA LAGHDÚCHÁIN RIOSCA

(1)   

Teicnící feabhsúcháin ithreach le haghaidh feabhsú in situ nó ex situ:

(a)

Teicnící feabhsúcháin ithreach fisiceacha:

(i)

eastóscadh gaile, spreachallú aeir;

(ii)

cóireáil teasa, instealladh gaile, dí-asú teirmeach, gloiniú;

(iii)

ní agus sruthlú ithreach;

(iv)

baint sraithe leachtaí.

(b)

Teicnící feabhsúcháin ithreach bitheolaíocha:

(i)

díghrádú aeróbach nó anaeróbach a spreagadh: bithfheabhsú, bithspreagadh, bithmhéadú, bithscaoileadh, bithspreachallú;

(ii)

fíti-eastóscadh, fítea-ghalú, fíti-dhíghrádú;

(iii)

múiríniú, leasuithe ithreach, feirmeoireacht talún, agus córais bhith-imoibreora;

(iv)

bithscagadh, bogaigh cóireála bitheolaíche, agus bithcheapacha;

(v)

maolú nádúrtha a ndéantar faireachán air.

(c)

Teicnící feabhsúcháin ceimiceacha:

(i)

ocsaídiú ceimiceach;

(ii)

imoibrithe dí-ocsaídiúcháin ceimiceacha agus imoibrithe ocsaídiúcháin agus dí-ocsaídiúcháin (ocsdí);

(iii)

screamhuisce a chaidéalú agus a chóireáil;

(iv)

teicnící feabhsúcháin chun aistriú éilleán a laghdú trí aonrú, srianadh agus faireachán:

(1)

barrchaidhpeáil, bacainní imoibríocha, imchochlú;

(2)

cobhsú, soladú agus díluailiú ceimiceach;

(3)

aonrú agus srianadh geo-hidreolaíoch;

(4)

fítea-chobhsú;

(5)

rialú agus iarchúram trí fhaireachán a dhéanamh ar thoibreacha.

(2)   

Bearta laghdúcháin riosca, nach bearta feabhsúcháin ithreach iad, chun nochtadh a laghdú:

(a)

Srianta ar shaothrú agus ar thomhaltas barr agus glasraí;

(b)

Srianta ar thomhaltas uibheacha;

(c)

Srianta ar rochtain a bheith ag peataí nó beostoc;

(d)

Srianta ar eastóscadh nó úsáid screamhuisce chun críocha an óil, an tsláinteachais phearsanta nó na tionsclaíochta;

(e)

Srianta ar scartáil, díshéalú, nó tógáil ar an láithreán (e.g. bearta tógála le haghaidh aerála, tancála, etc.);

(f)

Srianta ar rochtain ar an láithreán (e.g. trí fhálú) nó ar na limistéir atá timpeall ar an láithreán;

(g)

Srianta ar úsáid talún nó athruithe ar úsáid talún;

(h)

Srianta ar rómhar, druileáil nó tochailt;

(i)

Srianta chun teagmháil le hithir, deannach nó aer laistigh a sheachaint, agus réamhchúraimí a chur i bhfeidhm chun sláinte an duine a chosaint (e.g. análaitheoirí, lámhainní, fliuchghlanadh, etc.).

(3)   

Na teicnící is fearr dá bhfuil ar fáil dá dtagraítear i dTreoir 2010/75/AE.

(4)   

Bearta a ghlacann údaráis inniúla agus oibreoirí tionsclaíocha tar éis mórthimpiste, i gcomhréir le Treoir 2012/18/AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.