+IARSCRÍBHINN X Faisnéis phoiblí
|
IARSCRÍBHINN X Faisnéis phoiblí
IARSCRÍBHINN X
Faisnéis phoiblí
1. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don phobal:
|
(a)
|
sonraí atá cothrom le dáta in aghaidh na huaire i gcás gach pointe samplála dé-ocsaíde sulfair, dé-ocsaíde nítrigine, ábhair cháithnínigh (PM10 agus PM2,5), aonocsaíde carbóin agus ózóin. beidh feidhm aige sin maidir le faisnéis ó gach pointe samplála ina bhfuil faisnéis atá cothrom le dáta ar fáil, agus ar a laghad maidir le faisnéis ón líon íosta pointí samplála is gá faoi Iarscríbhinn III má tá an modh tomhais iomchuí do shonraí cothrom le dáta (UTD), d’ainneoin go soláthraíonn na Ballstáit an oiread faisnéise is féidir faoi UTD don phobal agus a modhanna tomhais a oiriúnú de réir a chéile chun na críche sin; i gcás ina bhfuil sí ar fáil, soláthrófar faisnéis atá cothrom le dáta mar thoradh ar fheidhmchláir samhaltaithe freisin;
|
|
(b)
|
tiúchaintí tomhaiste de gach truailleán i gcás inar féidir, comparáid idir na tiúchaintí sin agus na huastiúchaintí is déanaí atá molta ag EDS, agus, comparáid idir na tiúchaintí sin agus na huastiúchaintí is déanaí atá molta ag EDS, a chuirtear i láthair de réir na dtréimhsí iomchuí mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I;
|
|
(c)
|
faisnéis maidir le sárú/sáruithe breathnaithe ar aon teorainnluach, spriocluach ózóin, agus oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
|
(i)
|
suíomh nó limistéar an tsáraithe,
|
|
(ii)
|
an t-am a thosaigh an sárú agus an fad a mhair sé,
|
|
(iii)
|
an tiúchan thomhaiste i gcomparáid leis na caighdeáin aercháilíochta is infheidhme, nó an táscaire meánteagmhála i gcás sárú ar an oibleagáid maidir le laghdú meánteagmhála;
|
|
|
(d)
|
faisnéis maidir le tionchair ar an tsláinte, lena n-áirítear ar a laghad an méid seo a leanas:
|
(i)
|
tionchar sláinte an truaillithe aeir ar an bpobal i gcoitinne, agus, a mhéid is féidir, gach truailleán a chumhdaítear leis an Treoir seo;
|
|
(ii)
|
tionchair an truaillithe aeir ar an bpobal íogair agus ar ghrúpaí leochaileacha, agus, a mhéid is féidir, ar gach truailleán a chumhdaítear leis an Treoir seo;
|
|
(iii)
|
tuairisc ar na siomptóim dhóchúla,
|
|
(iv)
|
na réamhchúraimí a mholtar a dhéanamh, arna miondealú de réir réamhchúraimí atá le déanamh ag an bpobal i gcoitinne agus ag pobal íogair agus grúpaí leochaileacha;
|
|
(v)
|
an áit ina bhfaighfear eolas breise;
|
|
|
(e)
|
faisnéis maidir le tionchair ar fhásra;
|
|
(f)
|
faisnéis maidir le gníomhaíochtaí coisctheacha chun truailliú agus teagmháil leis a laghdú: léiriú na bpríomhearnálacha foinseacha; moltaí maidir le gníomhaíochtaí chun astaíochtaí a laghdú;
|
|
(g)
|
faisnéis maidir le feachtais tomhais nó gníomhaíochtaí comhchosúla agus a dtorthaí i gcás ina ndéantar iad.
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis thráthúil ar fáil don phobal maidir le sáruithe iarbhír nó tuartha ar thairseacha foláirimh, agus ar aon tairseach faisnéise. Áireofar leis na mionsonraí a sholáthraítear an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
faisnéis maidir le sárú/sáruithe a breathnaíodh:
|
(i)
|
suíomh nó limistéar an tsáraithe,
|
|
(ii)
|
an cineál tairsí a sáraíodh (foláireamh nó faisnéis);
|
|
(iii)
|
an t-am a thosaigh an sárú agus an fad a mhair sé,
|
|
(iv)
|
an tiúchan 1 uair an chloig is airde agus, anuas air sin, an mheántiúchan 8 n-uair an chloig is airde i gcás ózóin;
|
|
|
(b)
|
an réamhaisnéis maidir leis an tráthnóna nó lá/laethanta dár gcionn:
|
(i)
|
limistéar geografach na sáruithe ionchasacha ar thairseach foláirimh nó ar thairseach faisnéise,
|
|
(ii)
|
athruithe ionchasacha ar an truailliú (feabhas, cobhsú nó meath), mar aon leis na cúiseanna atá leis na hathruithe sin;
|
|
|
(c)
|
faisnéis maidir leis an gcineál daonra lena mbaineann, na tionchair shláinte a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus an t-iompar molta:
|
(i)
|
faisnéis maidir leis na grúpaí den daonra atá i mbaol;
|
|
(ii)
|
tuairisc ar na siomptóim dhóchúla;
|
|
(iii)
|
na réamhchúraimí a mholtar don phobal lena mbaineann a dhéanamh;
|
|
(iv)
|
an áit ina bhfaighfear eolas breise;
|
|
|
(d)
|
faisnéis faoi phleananna gníomhaíochta gearrthéarmacha agus gníomhaíochtaí coisctheacha chun truailliú nó teagmháil leis a laghdú: léiriú na bpríomhearnálacha foinseacha; moltaí maidir le gníomhaíocht chun astaíochtaí ó fhoinsí antrapaigineacha a laghdú;
|
|
(e)
|
moltaí maidir le gníomhaíocht chun teagmháil a laghdú;
|
|
(f)
|
i gcás sáraithe tuartha, déanfaidh na Ballstáit bearta lena áirithiú go gcuirfear na sonraí a bhaineann leis ar fáil a mhéid is féidir.
|
3. I gcás ina ndéantar sárú nó i gcás ina bhfuil riosca ann go sárófar aon teorainnluach, spriocluach ózóin, oibleagáidí maidir le laghdú meánteagmhála, tairseach foláirimh nó tairseach faisnéise, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo faoi bhráid an phobail freisin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L2881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|