+Airteagal 8 Tuarascálacha trédhearcachta na n-údarás inniúil
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
|
Airteagal 8 Tuarascálacha trédhearcachta na n-údarás inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Foilseoidh na húdaráis inniúla tuarascálacha trédhearcachta bliantúla maidir lena gcuid gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo. Áireofar sna tuarascálacha sin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir leis an mbliain féilire áirithe a chumhdaítear:
|
(a)
|
líon na n-orduithe baint anuas a eisítear faoi Airteagal 3, ina sonraítear líon na n-orduithe baint anuas de bhun Airteagal 4(1), líon na n-orduithe baint anuas ar a ndéantar grinnscrúdú faoi Airteagal 4, agus faisnéis faoi chur i bhfeidhm na n-orduithe baint anuas sin a rinneadh ag na soláthraithe seirbhísí óstála lena mbaineann, lena n-áirítear, i ngach cás, líon na gcásanna inar baineadh anuas an t-ábhar sceimhlitheoireachta nó inar díchumasaíodh an rochtain air agus líon na gcásanna nár baineadh an t-ábhar sceimhlitheoireachta anuas ná nár díchumasaíodh rochtain ar an ábhar sin;
|
|
(b)
|
líon na gcinntí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5(4), (6) nó (7), agus faisnéis faoi chur i bhfeidhm na gcinntí sin a rinneadh ag na soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear tuairisc ar na bearta sonracha a forchuireadh;
|
|
(c)
|
líon na gcásanna ina raibh orduithe baint anuas agus cinntí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5(4) agus (6) faoi réir imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus faisnéis faoi thoradh na n-imeachtaí ábhartha;
|
|
(d)
|
líon na gcinntí lena bhforchuirtear pionóis de bhun Airteagal 18, agus tuairisc ar an gcineál pionóis a forchuireadh.
|
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Ní bheidh faisnéis san áireamh sna tuarascálacha trédhearcachta bliantúla dá dtagraítear i mír 1 a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do ghníomhaíochtaí leanúnacha chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó do leasanna slándála náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0784
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|