+IARSCRÍBHINN IV Modheolaíocht le haghaidh measúnú íoslaghdúcháin pacáistíochta
---+1. Cosaint táirge: leis an dearadh pacáistíochta áiritheofar cosaint an táirge ó thaobh …
---+2. Próisis monaraíochta pacáistíochta: beidh dearadh na pacáistíochta comhoiriúnach leis na próisis …
---+3. Lóistíocht: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar dáileadh, iompar, láimhseáil agus stórasú …
---+4. Feidhmiúlacht na pacáistíochta: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar a feidhmiúlacht agus …
---+5. Ceanglais faisnéise: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar gur féidir aon fhaisnéis is gá …
---+6. Sláinteachas agus sábháilteacht: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar sábháilteacht an …
---+7. Ceanglais dlí: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar gur féidir leis an bpacáistíocht agus …
---+8. Ábhar athchúrsáilte, in-athchúrsáilteacht agus athúsáid: leis an dearadh pacáistíochta …
|
IARSCRÍBHINN IV Modheolaíocht le haghaidh measúnú íoslaghdúcháin pacáistíochta
IARSCRÍBHINN IV Modheolaíocht le haghaidh measúnú íoslaghdúcháin pacáistíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
1. Cosaint táirge: leis an dearadh pacáistíochta áiritheofar cosaint an táirge ó thaobh …
|
|
1.
|
Cosaint táirge: leis an dearadh pacáistíochta áiritheofar cosaint an táirge ó thaobh pacáistíochta nó líonadh go dtí an úsáid deiridh, d’fhonn cosc a chur le damáiste, caillteanas, meathlú nó dramhaíl táirge ar mórscála. D’fhéadfadh cosaint ar dhamáiste meicniúil nó ceimiceach, creathadh, comhbhrú, bogthaise, cailliúint taise, ocsaídiú, solas, ocsaigin, ionfhabhtú micribhitheolaíoch, lotnaidí, meathlú ar thréithe orgánaileipteacha etc. a bheith i gceist leis na ceanglais agus is féidir go n-áireofar orthu tagairtí do dhlí sonrach de chuid an Aontais lena leagtar amach ceanglais maidir le cáilíocht táirgí.
|
|
|
2. Próisis monaraíochta pacáistíochta: beidh dearadh na pacáistíochta comhoiriúnach leis na próisis …
|
|
2.
|
Próisis monaraíochta pacáistíochta: beidh dearadh na pacáistíochta comhoiriúnach leis na próisis monaraíochta agus líonta pacáistíochta. Leis na próisis monaraíochta pacáistíochta, féadfar eilimintí deartha na pacáistíochta a chinneadh, amhail cruth coimeádáin, lamháltais tiús, méid, indéantacht uirlisiúcháin, nó sonraíochtaí lena n-íoslaghdaítear an dramhaíl sa mhonaraíocht. D’fhéadfadh sé go n-éileodh na próisis a oibríonn monaróir táirgí freisin gnéithe dearaidh áirithe a bheith sa phacáistíocht, amhail tuairtfhiotaíocht agus strusfhriotaíocht, neart meicniúil, luas agus éifeachtúlacht líne pacála, cobhsaíocht in iompar, teasfhriotaíocht, dúnadh éifeachtach, idirspás íosta, nó sláinteachas.
|
|
|
3. Lóistíocht: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar dáileadh, iompar, láimhseáil agus stórasú …
|
|
3.
|
Lóistíocht: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar dáileadh, iompar, láimhseáil agus stórasú leordhóthanach agus sábháilte maidir leis an táirge pacáistithe. D’fhéadfadh comhordú toiseach maidir leis an úsáid spáis is fearr is féidir, comhoiriúnacht le córais phailléidiúcháin agus díphailléidiúcháin, córas láimhseála agus stórasúcháin, agus sláine an chórais pacáistíochta le linn iompair agus láimhseála a bheith i gceist leis na ceanglais.
|
|
|
4. Feidhmiúlacht na pacáistíochta: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar a feidhmiúlacht agus …
|
|
4.
|
Feidhmiúlacht na pacáistíochta: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar a feidhmiúlacht agus cuspóir an táirge agus saintréithe an táirge á gcur san áireamh a chuireann lena dhíol, amhail díolacháin chun críoch bronntanais nó nuair a tharlaíonn teagmhais shéasúracha.
|
|
|
5. Ceanglais faisnéise: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar gur féidir aon fhaisnéis is gá …
|
|
5.
|
Ceanglais faisnéise: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar gur féidir aon fhaisnéis is gá maidir leis an táirge pacáistithe féin, maidir lena úsáid, lena stóráil agus lena chúram, lena n-áirítear treoracha sábháilteachta, a sholáthar d’úsáideoirí deiridh. D’fhéadfadh faisnéis faoin táirge, treoracha maidir le stóráil, cur i bhfeidhm agus úsáid, barrachóid, agus an dáta ‘b’fhearr roimh’ a sholáthar a bheith i gceist leis na ceanglais.
|
|
|
6. Sláinteachas agus sábháilteacht: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar sábháilteacht an …
|
|
6.
|
Sláinteachas agus sábháilteacht: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar sábháilteacht an úsáideora agus an tomhaltóra chomh maith le sábháilteacht agus sláinteachas an táirge ar fud dháileadh, úsáid deiridh agus dhiúscairt an táirge phacáistithe. D’fhéadfadh ceanglais maidir le dearadh láimhseála sábháilte, friotaíocht leanaí, frithchrioscaíl, frithghadaíocht, frith-ghóchumadh, rabhaidh ghuaise, sainaithint shoiléir ábhair, feiste oscailte shábháilte nó dúnadh scaoilte brú a bheith i gceist leis na ceanglais.
|
|
|
7. Ceanglais dlí: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar gur féidir leis an bpacáistíocht agus …
|
|
7.
|
Ceanglais dlí: le dearadh na pacáistíochta áiritheofar gur féidir leis an bpacáistíocht agus leis an táirge pacáistithe an dlí is infheidhme a chomhlíonadh.
|
|
|
8. Ábhar athchúrsáilte, in-athchúrsáilteacht agus athúsáid: leis an dearadh pacáistíochta …
|
|
8.
|
Ábhar athchúrsáilte, in-athchúrsáilteacht agus athúsáid: leis an dearadh pacáistíochta áiritheofar in-athúsáidteacht, in-athchúrsáilteacht agus cuimsiú ábhair athchúrsáilte mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo. Má bheartaítear an phacáistíocht a athúsáid, comhlíonfaidh sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11(1). Ciallaíonn sin go bhféadfadh sé gur ghá meáchan nó toirt na pacáistíochta a mhéadú thar an méid a bheadh indéanta ar shlí eile faoi na fachtóirí feidhmíochta eile ar mhaithe le, mar shampla, líon níos airde turas nó uainíochtaí a dhéanamh, cuimsiú ábhair athchúrsáilte a éascú nó in-athchúrsáilteacht a fheabhsú (mar shampla nuair atáthar ag bogadh chuig aon-ábhar nó chuig ábhar athchúrsáilte iar-thomhaltóra).
|
Cuid B Modheolaíocht mheasúnaithe agus cinneadh mhéid agus mheáchan íosta na pacáistíochta An measúnú ar mhéid agus meáchan íosta na pacáistíochta is gá chun an fheidhmiúlacht phacáistíochta a áirithiú mar a thuairiscítear in Airteagal 3(1), pointe (1), míneofar é sa doiciméadacht theicniúil agus áireofar leis an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
an tuairisc ar thoradh an mheasúnaithe, lena n-áirítear na mionsonraí maidir le ríomh an mheáchain agus an mhéid íosta is gá le haghaidh na pacáistíochta; athruithe féideartha idir baisceanna táirgeachta le haghaidh na pacáistíochta céanna, cuirfear san áireamh iad agus déanfar iad a dhoiciméadú;
|
|
(b)
|
le haghaidh gach critéir feidhmíochta a liostaítear i gCuid A, tuairisc ina míneofar tuairisc an ceanglas dearaidh lena gcuirfear cosc ar aon laghdú breise ar mheáchan nó méid na pacáistíochta gan an fheidhmiúlacht phacáistíochta a chur i mbaol, lena n-áirítear sábháilteacht agus sláinteachas, le haghaidh an táirge phacáistithe, na pacáistíochta agus an úsáideora; tabharfar tuairisc ar an modh a úsáidtear chun na ceanglais dearaidh sin a shainaithint, agus tabharfar míniú ar na cúiseanna lena gcuirtear cosc le meáchan nó méid na pacáistíochta a laghdú a thuilleadh; scrúdófar na deiseanna laghdúcháin uile a bhaineann le hábhar pacáistíochta ar leith, amhail aon chiseal iomarcach nach gcomhlíonann feidhm phacáistíochta a laghdú; ní mheasfar gur leor ábhar pacáistíochta amháin a ionadú le hábhar pacáistíochta eile;
|
|
(c)
|
aon toradh tástála, taighde margaidh nó staidéar a úsáideadh le haghaidh an mheasúnaithe a rinneadh faoi phointí (a) agus (b).
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|