+8. Ábhar athchúrsáilte, in-athchúrsáilteacht agus athúsáid: leis an dearadh pacáistíochta …

8. Ábhar athchúrsáilte, in-athchúrsáilteacht agus athúsáid: leis an dearadh pacáistíochta …

8.

Ábhar athchúrsáilte, in-athchúrsáilteacht agus athúsáid: leis an dearadh pacáistíochta áiritheofar in-athúsáidteacht, in-athchúrsáilteacht agus cuimsiú ábhair athchúrsáilte mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo. Má bheartaítear an phacáistíocht a athúsáid, comhlíonfaidh sí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11(1). Ciallaíonn sin go bhféadfadh sé gur ghá meáchan nó toirt na pacáistíochta a mhéadú thar an méid a bheadh indéanta ar shlí eile faoi na fachtóirí feidhmíochta eile ar mhaithe le, mar shampla, líon níos airde turas nó uainíochtaí a dhéanamh, cuimsiú ábhair athchúrsáilte a éascú nó in-athchúrsáilteacht a fheabhsú (mar shampla nuair atáthar ag bogadh chuig aon-ábhar nó chuig ábhar athchúrsáilte iar-thomhaltóra).

Cuid B

Modheolaíocht mheasúnaithe agus cinneadh mhéid agus mheáchan íosta na pacáistíochta

An measúnú ar mhéid agus meáchan íosta na pacáistíochta is gá chun an fheidhmiúlacht phacáistíochta a áirithiú mar a thuairiscítear in Airteagal 3(1), pointe (1), míneofar é sa doiciméadacht theicniúil agus áireofar leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an tuairisc ar thoradh an mheasúnaithe, lena n-áirítear na mionsonraí maidir le ríomh an mheáchain agus an mhéid íosta is gá le haghaidh na pacáistíochta; athruithe féideartha idir baisceanna táirgeachta le haghaidh na pacáistíochta céanna, cuirfear san áireamh iad agus déanfar iad a dhoiciméadú;

(b)

le haghaidh gach critéir feidhmíochta a liostaítear i gCuid A, tuairisc ina míneofar tuairisc an ceanglas dearaidh lena gcuirfear cosc ar aon laghdú breise ar mheáchan nó méid na pacáistíochta gan an fheidhmiúlacht phacáistíochta a chur i mbaol, lena n-áirítear sábháilteacht agus sláinteachas, le haghaidh an táirge phacáistithe, na pacáistíochta agus an úsáideora; tabharfar tuairisc ar an modh a úsáidtear chun na ceanglais dearaidh sin a shainaithint, agus tabharfar míniú ar na cúiseanna lena gcuirtear cosc le meáchan nó méid na pacáistíochta a laghdú a thuilleadh; scrúdófar na deiseanna laghdúcháin uile a bhaineann le hábhar pacáistíochta ar leith, amhail aon chiseal iomarcach nach gcomhlíonann feidhm phacáistíochta a laghdú; ní mheasfar gur leor ábhar pacáistíochta amháin a ionadú le hábhar pacáistíochta eile;

(c)

aon toradh tástála, taighde margaidh nó staidéar a úsáideadh le haghaidh an mheasúnaithe a rinneadh faoi phointí (a) agus (b).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.