+1. Ceanglais ghinearálta le haghaidh córais athúsáide

1. Ceanglais ghinearálta le haghaidh córais athúsáide

1.   Ceanglais ghinearálta le haghaidh córais athúsáide

Maidir le gach córas athúsáide::

(a)

beidh struchtúr rialachais acu a shaineofar go soiléir mar a thuairiscítear sna treoirlínte maidir le rialachas;

(b)

beidh struchtúr rialachais acu lena ndéanfar an méid seo a leanas:

(i)

áiritheofar gur féidir cuspóirí an chórais sna treoirlínte rialachais agus, más infheidhme, na spriocanna athúsáide agus aon chuspóirí eile de chuid an chórais a bhaint amach;

(ii)

beidh rochtain chomhionann ar an gcóras agus coinníollacha cothroma do na hoibreoirí eacnamaíocha uile ar mian leo a bheith mar chuid de;

(iii)

beidh rochtain chomhionann air agus coinníollacha cothroma do na húsáideoirí deiridh uile;

(c)

beidh siad deartha chun a áirithiú go gcríochnóidh an phacáistíocht in-athúsáidte a bhfuil uainíocht á déanamh orthu laistigh den íoslíon uainíochtaí atá beartaithe di ar a laghad, a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 11(2);

(d)

beidh rialacha acu lena sainmhínítear a bhfeidhmiú, lena n-áirítear ceanglais le haghaidh úsáid phacáistíochta, a nglacann na rannpháirtithe córais uile leo, agus ar cheart an méid seo a leanas a dhéanamh leo:

(i)

cineálacha agus dearadh na pacáistíochta a cheadaítear a scaipeadh sa chóras a shonrú;

(ii)

tuairisc a thabhairt ar tháirgí a bheartaítear a úsáid, a líonadh nó a iompar tríd an gcóras;

(iii)

téarmaí agus coinníollacha le haghaidh láimhseáil agus úsáid chuí pacáistíochta a shonrú;

(iv)

ceanglais mhionsonraithe le haghaidh athriochtú pacáistíochta a shonrú;

(v)

na ceanglais maidir le bailiú pacáistíochta a shonrú;

(vi)

na ceanglais le haghaidh stóráil pacáistíochta a shonrú;

(vii)

na ceanglais le haghaidh líonadh nó uaslódáil pacáistíochta a shonrú;

(viii)

rialacha a shonrú chun bailiú éifeachtach éifeachtúil pacáistíochta in-athúsáidte a áirithiú, lena n-áirítear trí dhreasachtaí a chur ar fáil chun go dtabharfaidh na húsáideoirí deiridh an phacáistíocht ar ais chuig na pointí bailiúcháin nó an córas bailiúcháin grúpáilte;

(ix)

rialacha a shonrú chun rochtain chomhionann agus chothrom ar an gcóras athúsáide a áirithiú, lena n-áirítear do thomhaltóirí leochaileacha;

(e)

beidh oibreoir córais acu a rialaíonn feidhmiú cuí an chórais agus a fhíoraíonn cé acu atá nó nach bhfuil an athúsáid cumasaithe go cuí;

(f)

beidh rialacha maidir le tuairisciú acu lena gceadaítear rochtain a fháil ar shonraí ar an líon líontaí nó athúsáidí (i.e. uainíochtaí in aghaidh na catagóire), agus diúltuithe, ráta bailiúcháin (i.e. rátaí tabhairt ar ais) aonaid díolacháin nó aonaid choibhéiseacha, lena n-áirítear an t-ábhar agus in aghaidh na catagóire, nó meánmheastachán mura bhfuil an ríomh indéanta, líon na n-aonad pacáistíochta in-athúsáidte nó in-athlíonta a cuireadh leis an gcóras agus líon na n-aonad pacáistíochta a láimhseáladh sa phlean deireadh ré;

(g)

áiritheoidh siad go ndéantar dearadh na pacáistíochta a leagan síos i gcomhréir le sonraíochtaí nó caighdeáin arna gcomhaontú go frithpháirteach;

(h)

áiritheoidh siad dáileadh cothrom costas agus tairbhí do na rannpháirtithe córais uile;

(i)

áirithítear go gcuirfear chun feidhme na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora le haghaidh na pacáistíochta in-athúsáidte a úsáideadh sa chóras agus a tháinig chun bheith ina dramhaíl.

Beidh na córais lúboscailte nach bhfuil oibreoir córais acu díolmhaithe ó phointí (b)(i), (e), (f) agus (h).

Beidh na córais lúboscailte a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo díolmhaithe ó na ceanglais faoi phointí (a), (b)(i) agus (ii), (e), (f) agus (h).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.