+IARSCRÍBHINN VI Ceanglais a bhaineann go sonrach leis na córais athúsáide agus athlíonta
---+1. Ceanglais ghinearálta le haghaidh córais athúsáide
---+2. Ceanglais le haghaidh córais lúbiata
---+3. Ceanglais le haghaidh córais lúboscailte
---+1. Leis an bpróiseas athriochtúcháin ní chruthófar rioscaí do shláinte agus sábháilteacht na …
---+2. Le hathriochtú cumhdófar na hoibríochtaí seo a leanas a oiriúnaítear don fhormáid phacáistíochta …
---+3. I gcás inar gá, déanfar próisis ghlantacháin agus níocháin ag céimeanna éagsúla den athriochtú …
---+4. Comhlíonfaidh an táirge athriochtaithe na ceanglais sláinte agus sábháilteachta atá infheidhme …

IARSCRÍBHINN VI Ceanglais a bhaineann go sonrach leis na córais athúsáide agus athlíonta

IARSCRÍBHINN VI

Ceanglais a bhaineann go sonrach leis na córais athúsáide agus athlíonta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
1. Ceanglais ghinearálta le haghaidh córais athúsáide

1.   Ceanglais ghinearálta le haghaidh córais athúsáide

Maidir le gach córas athúsáide::

(a)

beidh struchtúr rialachais acu a shaineofar go soiléir mar a thuairiscítear sna treoirlínte maidir le rialachas;

(b)

beidh struchtúr rialachais acu lena ndéanfar an méid seo a leanas:

(i)

áiritheofar gur féidir cuspóirí an chórais sna treoirlínte rialachais agus, más infheidhme, na spriocanna athúsáide agus aon chuspóirí eile de chuid an chórais a bhaint amach;

(ii)

beidh rochtain chomhionann ar an gcóras agus coinníollacha cothroma do na hoibreoirí eacnamaíocha uile ar mian leo a bheith mar chuid de;

(iii)

beidh rochtain chomhionann air agus coinníollacha cothroma do na húsáideoirí deiridh uile;

(c)

beidh siad deartha chun a áirithiú go gcríochnóidh an phacáistíocht in-athúsáidte a bhfuil uainíocht á déanamh orthu laistigh den íoslíon uainíochtaí atá beartaithe di ar a laghad, a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 11(2);

(d)

beidh rialacha acu lena sainmhínítear a bhfeidhmiú, lena n-áirítear ceanglais le haghaidh úsáid phacáistíochta, a nglacann na rannpháirtithe córais uile leo, agus ar cheart an méid seo a leanas a dhéanamh leo:

(i)

cineálacha agus dearadh na pacáistíochta a cheadaítear a scaipeadh sa chóras a shonrú;

(ii)

tuairisc a thabhairt ar tháirgí a bheartaítear a úsáid, a líonadh nó a iompar tríd an gcóras;

(iii)

téarmaí agus coinníollacha le haghaidh láimhseáil agus úsáid chuí pacáistíochta a shonrú;

(iv)

ceanglais mhionsonraithe le haghaidh athriochtú pacáistíochta a shonrú;

(v)

na ceanglais maidir le bailiú pacáistíochta a shonrú;

(vi)

na ceanglais le haghaidh stóráil pacáistíochta a shonrú;

(vii)

na ceanglais le haghaidh líonadh nó uaslódáil pacáistíochta a shonrú;

(viii)

rialacha a shonrú chun bailiú éifeachtach éifeachtúil pacáistíochta in-athúsáidte a áirithiú, lena n-áirítear trí dhreasachtaí a chur ar fáil chun go dtabharfaidh na húsáideoirí deiridh an phacáistíocht ar ais chuig na pointí bailiúcháin nó an córas bailiúcháin grúpáilte;

(ix)

rialacha a shonrú chun rochtain chomhionann agus chothrom ar an gcóras athúsáide a áirithiú, lena n-áirítear do thomhaltóirí leochaileacha;

(e)

beidh oibreoir córais acu a rialaíonn feidhmiú cuí an chórais agus a fhíoraíonn cé acu atá nó nach bhfuil an athúsáid cumasaithe go cuí;

(f)

beidh rialacha maidir le tuairisciú acu lena gceadaítear rochtain a fháil ar shonraí ar an líon líontaí nó athúsáidí (i.e. uainíochtaí in aghaidh na catagóire), agus diúltuithe, ráta bailiúcháin (i.e. rátaí tabhairt ar ais) aonaid díolacháin nó aonaid choibhéiseacha, lena n-áirítear an t-ábhar agus in aghaidh na catagóire, nó meánmheastachán mura bhfuil an ríomh indéanta, líon na n-aonad pacáistíochta in-athúsáidte nó in-athlíonta a cuireadh leis an gcóras agus líon na n-aonad pacáistíochta a láimhseáladh sa phlean deireadh ré;

(g)

áiritheoidh siad go ndéantar dearadh na pacáistíochta a leagan síos i gcomhréir le sonraíochtaí nó caighdeáin arna gcomhaontú go frithpháirteach;

(h)

áiritheoidh siad dáileadh cothrom costas agus tairbhí do na rannpháirtithe córais uile;

(i)

áirithítear go gcuirfear chun feidhme na hoibleagáidí faoin bhfreagracht leathnaithe táirgeora le haghaidh na pacáistíochta in-athúsáidte a úsáideadh sa chóras agus a tháinig chun bheith ina dramhaíl.

Beidh na córais lúboscailte nach bhfuil oibreoir córais acu díolmhaithe ó phointí (b)(i), (e), (f) agus (h).

Beidh na córais lúboscailte a bunaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo díolmhaithe ó na ceanglais faoi phointí (a), (b)(i) agus (ii), (e), (f) agus (h).

2. Ceanglais le haghaidh córais lúbiata

2.   Ceanglais le haghaidh córais lúbiata

De bhreis ar na ceanglais ghinearálta maidir le córais athúsáide a liostaítear faoi phointe 1, comhlíonfaidh córais lúbiata na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá lóistíocht aisiompaithe ag an gcóras lena n-éascaítear aistriú na pacáistíochta ó na húsáideoirí deiridh ar ais chuig na rannpháirtithe córais;

(b)

leis an gcóras áirithítear bailiú, athriochtú agus athdháileadh na pacáistíochta;

(c)

tá oibleagáid ar rannpháirtithe córais an phacáistíocht a thabhairt ar ais ón bpointe bailiúcháin má úsáideadh, má bailíodh agus má stóráladh í i gcomhréir leis na rialacha córais.

3. Ceanglais le haghaidh córais lúboscailte

3.   Ceanglais le haghaidh córais lúboscailte

De bhreis ar na ceanglais ghinearálta maidir le córais athúsáide a liostaítear faoi phointe 1, comhlíonfaidh córais lúbiata na ceanglais seo a leanas:

(a)

tar éis úsáid a bhaint as an bpacáistíocht, cinneann an rannpháirtí córais an athúsáidfidh sé an phacáistíocht nó an gcuirfidh sé ar aghaidh chuig rannpháirtí córais eile í lena hathúsáid;

(b)

leis an gcóras áirithítear go bhfuil bailiú, athriochtú agus athdháileadh na pacáistíochta i bhfeidhm agus ar fáil go ginearálta;

(c)

tá athriochtú lena gcomhlíontar na ceanglais faoi Chuid B mar chuid den chóras.

Cuid B

Athriochtú

1. Leis an bpróiseas athriochtúcháin ní chruthófar rioscaí do shláinte agus sábháilteacht na …

1.

Leis an bpróiseas athriochtúcháin ní chruthófar rioscaí do shláinte agus sábháilteacht na ndaoine sin atá freagrach as athriochtú na pacáistíochta agus déanfar tionchar an phróisis sin ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Oibreofar é i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme maidir le hábhair atá íogair ó thaobh teagmhála de, dramhaíl agus astaíochtaí tionsclaíocha.
2. Le hathriochtú cumhdófar na hoibríochtaí seo a leanas a oiriúnaítear don fhormáid phacáistíochta …

2.

Le hathriochtú cumhdófar na hoibríochtaí seo a leanas a oiriúnaítear don fhormáid phacáistíochta in-athúsáidte agus dá húsáid bheartaithe:

(a)

measúnú ar riocht na pacáistíochta;

(b)

baint comhpháirteanna pacáistíochta damáistithe nó neamh-inathúsáidte;

(c)

iompar comhpháirteanna pacáistíochta bainte chuig próiseas aisghabhála iomchuí;

(d)

glantachán agus níochán na pacáistíochta de réir na gcoinníollacha sláinteachais a cheanglaítear;

(e)

deisiú na pacáistíochta;

(f)

iniúchadh agus measúnú ar oiriúnacht na pacáistíochta don fheidhm.

3. I gcás inar gá, déanfar próisis ghlantacháin agus níocháin ag céimeanna éagsúla den athriochtú …

3.

I gcás inar gá, déanfar próisis ghlantacháin agus níocháin ag céimeanna éagsúla den athriochtú agus déanfar an athuair iad.
4. Comhlíonfaidh an táirge athriochtaithe na ceanglais sláinte agus sábháilteachta atá infheidhme …

4.

Comhlíonfaidh an táirge athriochtaithe na ceanglais sláinte agus sábháilteachta atá infheidhme maidir leis.

Cuid C

Ceanglais le haghaidh athlíonadh

Comhlíonfaidh stáisiúin athlíonta an na ceanglais seo a leanas:

(a)

taispeántar faisnéis shoiléir agus bheacht ag an stáisiún athlíonta maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

na caighdeáin sláinteachais nach mór do choimeádán an úsáideora deiridh a chomhlíonadh chun go n-úsáidfear é chun táirgí a cheannach ag an stáisiún athlíonta a úsáid;

(ii)

na cineálacha coimeádán is féidir a úsáid chun na táirgí a cheannach trí athlíonadh;

(iii)

na sonraí teagmhála an dáileora deiridh chun comhlíonadh na gcaighdeán sláinteachais faoin dlí is infheidhme a áirithiú;

(b)

cuimsítear feiste tomhais sa stáisiún athlíonta nó cuireann siad modh malartach ar fáil chun a áirithiú go mbeidh cainníocht shonraithe den táirge le roghnú ag an úsáideoir deiridh;

(c)

ní dhéantar meáchan an choimeádáin athlíonta a áireamh sa phraghas a íocann na húsáideoirí deiridh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.