+2. Doiciméadacht theicniúil

2. Doiciméadacht theicniúil

2.   Doiciméadacht theicniúil

Is é an monaróir a bhunóidh an doiciméadacht theicniúil. De bhíthin na doiciméadachta sin, féadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na pacáistíochta leis na ceanglais; áireofar sa doiciméadacht anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí neamhchomhréireachta.

Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid is ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú na pacáistíochta. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad ar áireamh, cibé acu is infheidhme, sa doiciméadacht theicniúil:

(a)

tuairisc ghinearálta ar an bpacáistíocht agus ar a húsáid bheartaithe;

(b)

dearadh coincheapúil, líníochtaí agus ábhair mhonaraíochta na gcomhpháirteanna;

(c)

na tuairiscí agus na mínithe is gá chun na líníochtaí dá bhforáiltear faoi phointe (b) a thuiscint agus na scéimeanna agus oibriú na pacáistíochta;

(d)

liosta den mhéid seo a leanas:

(i)

na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 36, atá i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach;

(ii)

na sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 37, atá i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach;

(iii)

sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a úsáidtear chun críoch tomhais nó ríomha;

(iv)

i gcás caighdeáin chomhchuibhithe a bheith i bhfeidhm go páirteach nó sonraíochtaí comhchoiteanna, tásc ar na codanna a cuireadh i bhfeidhm;

(v)

i gcás caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna gan bheith á gcur i bhfeidhm, tuairisc ar na réitigh a ghlactar chun na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 1 a chomhlíonadh;

(e)

tuairisc cháilíochtúil ar an gcaoi a ndearnadh na measúnuithe dá bhforáiltear in Airteagail 6, 10 agus 11; agus

(f)

tuarascálacha tástála.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.