+RIALACHÁN (AE) 2017/1938 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Freagracht as slándáil an tsoláthair gáis
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
------+Airteagal 3 4.
------+Airteagal 3 5.
------+Airteagal 3 6.
------+Airteagal 3 7.
------+Airteagal 3 8.
---+Airteagal 4 An Grúpa Comhordaithe Gáis
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 5 An caighdeán bonneagair
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 5 4.
------+Airteagal 5 5.
------+Airteagal 5 6.
------+Airteagal 5 7.
------+Airteagal 5 8.
------+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 6 An caighdeán soláthair gáis
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
------+Airteagal 6 4.
------+Airteagal 6 5.
------+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6a Spriocanna líonta a agus conairí líonta
------+Airteagal 6a 1.
------+Airteagal 6a 2.
------+Airteagal 6a 3.
------+Airteagal 6a 4.
------+Airteagal 6a 5.
------+Airteagal 6a 5a.
------+Airteagal 6a 5b.
------+Airteagal 6a 5c.
------+Airteagal 6a 5d.
------+Airteagal 6a 5e.
------+Airteagal 6a 5f.
------+Airteagal 6a 6.
------+Airteagal 6a 7.
------+Airteagal 6a 8.
------+Airteagal 6a 9.
------+Airteagal 6a 10.
------+Airteagal 6a 11.
---+Airteagal 6b Na spriocanna líonta a chur chun feidhme
------+Airteagal 6b 1.
------+Airteagal 6b 2.
------+Airteagal 6b 3.
------+Airteagal 6b 4.
---+Airteagal 6c Socruithe stórála agus sásra comhroinnte ualaigh
------+Airteagal 6c 1.
------+Airteagal 6c 2.
------+Airteagal 6c 3.
------+Airteagal 6c 4.
------+Airteagal 6c 5.
---+Airteagal 6d Faireachán agus forfheidhmiú
------+Airteagal 6d 1.
------+Airteagal 6d 2.
------+Airteagal 6d 3.
------+Airteagal 6d 4.
------+Airteagal 6d 5.
------+Airteagal 6d 6.
------+Airteagal 6d 7.
---+Airteagal 7 Measúnú riosca
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
------+Airteagal 7 4.
------+Airteagal 7 5.
------+Airteagal 7 6.
------+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 8 Pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a bhunú
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
------+Airteagal 8 4.
------+Airteagal 8 5.
------+Airteagal 8 6.
------+Airteagal 8 7.
------+Airteagal 8 8.
------+Airteagal 8 9.
------+Airteagal 8 10.
------+Airteagal 8 11.
------+Airteagal 8 12.
---+Airteagal 8a Bearta maidir leis an gcibearshlándáil
------+Airteagal 8a 1.
------+Airteagal 8a 2.
------+Airteagal 8a 3.
---+Airteagal 9 Inneachar na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
------+Airteagal 9 4.
------+Airteagal 9 5.
------+Airteagal 9 6.
------+Airteagal 9 7.
------+Airteagal 9 8.
------+Airteagal 9 9.
------+Airteagal 9 10.
------+Airteagal 9 11.
---+Airteagal 10 Inneachar na bpleananna éigeandála
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
------+Airteagal 10 3.
------+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 11 Géarchéim a fhógairt
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
------+Airteagal 11 3.
------+Airteagal 11 4.
------+Airteagal 11 5.
------+Airteagal 11 6.
------+Airteagal 11 7.
------+Airteagal 11 7a.
------+Airteagal 11 8.
------+Airteagal 11 9.
---+Airteagal 12 Freagairtí éigeandála réigiúnacha agus Aontais
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
------+Airteagal 12 4.
------+Airteagal 12 5.
------+Airteagal 12 6.
------+Airteagal 12 7.
------+Airteagal 12 8.
---+Airteagal 13 Dlúthpháirtíocht
------+Airteagal 13 1.
------+Airteagal 13 2.
------+Airteagal 13 3.
------+Airteagal 13 3a.
------+Airteagal 13 4.
------+Airteagal 13 5.
------+Airteagal 13 6.
------+Airteagal 13 7.
------+Airteagal 13 8.
------+Airteagal 13 8a.
------+Airteagal 13 8b.
------+Airteagal 13 8c.
------+Airteagal 13 9.
------+Airteagal 13 10.
------+Airteagal 13 11.
------+Airteagal 13 15.
------+Airteagal 13 16.
---+Airteagal 13a Comhar idir na Ballstáit a bhfuil nasc indíreach acu agus a úsáideann bearta margadhbhunaithe (bearta deonacha)
------+Airteagal 13a 1.
------+Airteagal 13a 2.
------+Airteagal 13a 3.
------+Airteagal 13a 4.
------+Airteagal 13a 5.
---+Airteagal 14 Malartú faisnéise
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
------+Airteagal 14 3.
------+Airteagal 14 4.
------+Airteagal 14 5.
------+Airteagal 14 6.
------+Airteagal 14 7.
------+Airteagal 14 8.
------+Airteagal 14 9.
------+Airteagal 14 10.
------+Airteagal 14 11.
------+Airteagal 14 12.
---+Airteagal 15 Rúndacht ghairmiúil
------+Airteagal 15 1.
------+Airteagal 15 2.
------+Airteagal 15 3.
------+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 16 Comhar le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh
------+Airteagal 16 1.
------+Airteagal 16 2.
------+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 17 Faireachán an Choimisiúin
---+Airteagal 17a Tuairisciú ón gCoimisiún
------+Airteagal 17a 1.
------+Airteagal 17a 2.
---+Airteagal 18 Fógra a thabhairt
---+Airteagal 19 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 19 1.
------+Airteagal 19 2.
------+Airteagal 19 3.
------+Airteagal 19 4.
------+Airteagal 19 5.
------+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 20 Maolú
------+Airteagal 20 1.
------+Airteagal 20 2.
------+Airteagal 20 3.
------+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 21 Aisghairm
---+Airteagal 22 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I An comhar réigiúnach
---+IARSCRÍBHINN Ib Freagracht chomhroinnte maidir leis an sprioc líonta agus leis an gconair líonta
---+IARSCRÍBHINN II
---+IARSCRÍBHINN III
---+IARSCRÍBHINN IV
---+IARSCRÍBHINN V
---+IARSCRÍBHINN VI
---+IARSCRÍBHINN VII
---+IARSCRÍBHINN VIII
---+IARSCRÍBHINN IX
English - European Union - Energy -

RIALACHÁN (AE) 2017/1938 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

RIALACHÁN (AE) 2017/1938 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2017

maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 Ábhar

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear forálacha a bhfuil sé mar aidhm acu slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a choimirciú trí dhea-fheidhmiú leanúnach an mhargaidh inmheánaigh don ghás a áirithiú, trína cheadú gur féidir bearta eisceachtúla a chur chun feidhme nuair nach féidir leis an margadh na soláthairtí gáis a bhfuil gá leo a sholáthar a thuilleadh, lena n-áirítear beart dlúthpháirtíochta a dhéanfar mar rogha dheiridh, agus trí fhoráil a dhéanamh maidir le freagrachtaí maidir le gníomhaíocht choisctheach agus maidir le freagairt a thabhairt ar shuaitheadh nithiúil soláthair gáis araon a shainiú go soiléir agus iad a leithdháileadh orthu go soiléir i measc gnóthas gáis nádúrtha, na mBallstát agus an Aontais. Leis an Rialachán seo, bunaítear freisin sásraí trédhearcacha, de mheon na dlúthpháirtíochta, i dtaca le comhordú a dhéanamh ar an bpleanáil le haghaidh éigeandálaí ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

▼M3 —————

▼B

(2) 

ciallaíonn “custaiméir” custaiméir mar a shainmhínítear i bpointe 24 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(3) 

“custaiméir teaghlaigh” custaiméir teaghlaigh mar a shainmhínítear i bpointe 25 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(4) 

ciallaíonn “seirbhís shóisialta riachtanach” seirbhís a bhaineann le cúram sláinte, cúram sóisialta riachtanach, riarachán éigeandála, slándála, oideachais nó poiblí;

(5) 

ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint” custaiméir teaghlaigh atá nasctha le gréasán dáileacháin gáis agus, ina theannta sin, i gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh, ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, ar choinníoll nach ionann na fiontair nó na seirbhísí sin dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), i gcomhpháirt, agus níos mó ná 20 % den tomhaltas gáis bliantúil deiridh iomlán sa Bhallstát sin:

(a) 

gnóthas beag nó meánmhéide, ar choinníoll go bhfuil sé nasctha le gréasán dáileacháin gáis;

(b) 

seirbhís shóisialta riachtanach, ar choinníoll go bhfuil sé nasctha le gréasán dáileacháin gáis nó le gréasán tarchurtha gáis;

(c) 

suiteáil téimh ceantair sa mhéid go soláthraíonn sé téamh do chustaiméirí teaghlaigh, do ghnóthais bheaga nó mheánmhéide, nó do sheirbhísí sóisialta riachtanacha, ar choinníoll nach bhfuil suiteáil den sórt sin in ann athrú go breoslaí eile seachas gás;

(6) 

ciallaíonn “custaiméir atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht” custaiméir teaghlaigh atá nasctha le gréasán dáileacháin gáis, agus, ina theannta sin, féadfaidh sé ceann amháin díobh seo a leanas nó an dá cheann a áireamh:

(a) 

suiteáil téimh ceantair más custaiméir atá faoi chosaint é sa Bhallstát ábhartha agus a mhéid go soláthraíonn sí teas do theaghlaigh nó do sheirbhísí sóisialta riachtanacha seachas seirbhísí oideachais agus seirbhísí riaracháin phoiblí, agus a mhéid sin amháin;

(b) 

seirbhís shóisialta riachtanach más custaiméir atá faoi chosaint é sa Bhallstát ábhartha, seachas seirbhísí oideachais agus seirbhísí riaracháin phoiblí;

(7) 

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás rialtasach náisiúnta nó údarás rialála náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát chun cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú;

(8) 

ciallaíonn “údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE;

(9) 

ciallaíonn “gnóthas gáis nádúrtha” gnóthas gáis nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(10) 

ciallaíonn “conradh soláthair gáis” conradh soláthair gáis mar a shainmhínítear i bpointe 34 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(11) 

ciallaíonn “tarchur” tarchur mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(12) 

ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear i bpointe 4 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(13) 

ciallaíonn “dáiliúchán” dáiliúchán mar a shainmhínítear i bpointe 5 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(14) 

ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe 6 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(15) 

ciallaíonn “idirnascaire” idirnascaire mar a shainmhínítear i bpointe 17 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(16) 

ciallaíonn “conairí soláthair éigeandála” bealaí soláthair gáis an Aontais lena gcabhraítear leis na Ballstáit maolú níos fearr a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheadh ar aon suaitheadh soláthair nó bonneagair a d'fhéadfadh tarlú;

(17) 

ciallaíonn acmhainn stórála acmhainn stórála mar a shainmhínítear i bpointe 28 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(18) 

ciallaíonn “acmhainn theicniúil” acmhainn theicniúil mar a shainmhínítear i bpointe 18 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(19) 

ciallaíonn “acmhainn dhocht” acmhainn dhocht mar a shainmhínítear i bpointe 16 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(20) 

ciallaíonn “acmhainn in-idirbhriste” acmhainn in-idirbhriste mar a shainmhínítear i bpointe 13 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(21) 

ciallaíonn “acmhainn saoráide GNL” acmhainn saoráide GNL mar a shainmhínítear i bpointe 24 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

(22) 

ciallaíonn “saoráid GNL” saoráid GNL mar a shainmhínítear i bpointe 11 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(23) 

ciallaíonn “saoráid stórála” saoráid stórála mar a shainmhínítear i bpointe 9 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(24) 

ciallaíonn “córas” córas mar a shainmhínítear i bpointe 13 d'Airteagal2 de Threoir 2009/73/CE;

(25) 

ciallaíonn “úsáideoir córais” úsáideoir córais mar a shainmhínítear i bpointe 23 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(26) 

ciallaíonn “seirbhísí coimhdeacha” seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear i bpointe 14 d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

▼M4

(27) 

ciallaíonn “conair líonta” sraith spriocanna idirmheánacha táscacha le haghaidh saoráidí stórála gáis faoi thalamh gach Ballstáit, lena léirítear plean líonta an Bhallstáit sin, a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 6a(7);

▼M2

(28) 

ciallaíonn “sprioc líonta” sprioc cheangailteach maidir leis an leibhéal líonta maidir le hacmhainn chomhiomlán saoráidí stórála gáis faoi thalamh;

(29) 
ciallaíonn “stóráil straitéiseach” stóráil faoi thalamh nó cuid de stóráil faoi thalamh i leith gás nádúrtha neamhleachtaithe a cheannaíonn, a bhainistíonn agus a stórálann oibreoirí córais tarchurtha, gnóthas nó eintiteas arna ainmniú ag na Ballstáit nó gnóthas agus ar féidir iad a scaoileadh ach amháin tar éis réamhfhógra nó údarú ón údarás poiblí lena scaoileadh, agus a scaoiltear i gcoitinne i gcás:
(a) 

mórghanntanas soláthair;

(b) 

suaitheadh sa soláthar; nó

(c) 

éigeandáil a fhógairt dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c);

(30) 

ciallaíonn “stoc comhardúcháin” gás nádúrtha neamhleachtaithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

ceannaíonn agus bainistíonn oibreoirí córais tarchurtha nó eintiteas arna ainmniú ag an mBallstát é agus stórálann siad é faoi thalamh, chun críoch feidhmeanna oibreoirí córais tarchurtha a dhéanamh agus chun críocha shlándáil an tsoláthair gáis agus chun na gcríoch sin amháin; agus

(b) 

ní sheoltar é ach amháin i gcás inar gá sin chun an córas a choinneáil ag oibriú faoi dhálaí slána inbhraite i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2009/73/CE agus Airteagail 8 agus 9 de Rialachán (AE) Uimh. 312/2014;

(31) 

ciallaíonn “saoráid stórála gáis faoi thalamh” saoráid stórála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir 2009/73/CE a úsáidtear le haghaidh gás nádúrtha a stocáil, lena n-áirítear stoc comhardúcháin, agus atá ceangailte le córas tarchurtha nó dáileacháin, seachas stóráil sféarúil os cionn talún nó stóráil línephacála;

▼M3

(32) 

ciallaíonn “gás” gás nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1788 ( 1 );

▼M5

(33) 

ciallaíonn “foráil lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta” foráil chonarthach lena gceanglaítear ar an gceannaitheoir glacadh le seachadadh íoscháinníochta sonraí gáis laistigh de thréimhse áirithe, nó de rogha air sin, íoc as, gan beann ar cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas an gás i ndáiríre;

(34) 

ciallaíonn “foráil lena ngabhann dearbhoibleagáid seachadta” foráil chonarthach lena gceanglaítear ar an díoltóir fíneáil chonarthach a íoc i gcás nach ndéantar gás a sheachadadh.

▼B

Airteagal 3 Freagracht as slándáil an tsoláthair gáis
Airteagal 4 An Grúpa Comhordaithe Gáis
Airteagal 5 An caighdeán bonneagair
Airteagal 6 An caighdeán soláthair gáis
Airteagal 6a Spriocanna líonta a agus conairí líonta
Airteagal 6b Na spriocanna líonta a chur chun feidhme
Airteagal 6c Socruithe stórála agus sásra comhroinnte ualaigh
Airteagal 6d Faireachán agus forfheidhmiú
Airteagal 7 Measúnú riosca
Airteagal 8 Pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus pleananna éigeandála a bhunú
Airteagal 8a Bearta maidir leis an gcibearshlándáil
Airteagal 9 Inneachar na bpleananna um ghníomhaíocht choisctheach
Airteagal 10 Inneachar na bpleananna éigeandála
Airteagal 11 Géarchéim a fhógairt
Airteagal 12 Freagairtí éigeandála réigiúnacha agus Aontais
Airteagal 13 Dlúthpháirtíocht
Airteagal 13a Comhar idir na Ballstáit a bhfuil nasc indíreach acu agus a úsáideann bearta margadhbhunaithe (bearta deonacha)
Airteagal 14 Malartú faisnéise
Airteagal 15 Rúndacht ghairmiúil
Airteagal 16 Comhar le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh
Airteagal 17 Faireachán an Choimisiúin

Airteagal 17

Faireachán an Choimisiúin

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhearta i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis agus tuairisceoidh sé go tráthrialta do GCG.

▼M5

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar neamhchosaint chóras fuinnimh an Aontais ar sholáthairtí gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise agus trí thríú tíortha freisin, go háirithe ar bhonn na faisnéise ar tugadh fógra don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla fúithi i gcomhréir le hAirteagal 14(6), pointe (c).

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi a gcuirtear deireadh de réir a chéile le gás de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise faoi Rialachán (AE) 2026/261 ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais ar bhonn na bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán sin agus cuirfidh sé an measúnú uaidh faoi bhráid an Ghrúpa Chomhordaithe Gháis.

Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa tríú mír, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil, ina dtabharfar forléargas cuimsitheach ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit ó thaobh a bpleananna éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis a chur chun feidhme.

I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis plean éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis a bheith curtha isteach, moladh a eisiúint ina sainaithneofar na gníomhaíochtaí agus na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar éagsúlú ar an soláthar gáis ar bhealach slán agus go gcuirfear deireadh tráthúil de réir a chéile le gás de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise.

Ar bhonn an mholta sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann a phlean éagsúlaithe náisiúnta le haghaidh gáis cothrom le dáta laistigh de 3 mhí, agus an moladh ón gCoimisiún á chur san áireamh.

Airteagal 17a Tuairisciú ón gCoimisiún
Airteagal 18 Fógra a thabhairt

Airteagal 18

Fógra a thabhairt

Tabharfar fógra don Choimisiún faoin measúnú riosca, faoi na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach, faoi na pleananna éigeandála agus faoi gach doiciméad eile go leictreonach ar an ardán CIRCABC.

Déanfar gach comhfhreagras a mbeidh baint aige le fógra a thabhairt a chur go leictreonach.

Airteagal 19 An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 20 Maolú
Airteagal 21 Aisghairm

Airteagal 21

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 22 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an ceathrú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Samhain 2017.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 13(1) go (6), ag an gcéad mhír agus ag an dara mír d'Airteagal 13(8), agus ag Airteagal 13(14) agus (15) ón 1 Nollaig 2018.

▼M4

Beidh feidhm ag Airteagal 2, pointí (27) go (31), Airteagail 6a go 6d, Airteagal 16(3), Airteagal 17a, Airteagal 20(4) agus Iarscríbhinn Ib go dtí an 31 Nollaig 2027.

▼B

IARSCRÍBHINN I An comhar réigiúnach




IARSCRÍBHINN I

An comhar réigiúnach

Is iad seo a leanas grúpaí riosca na mBallstát atá mar bhonn don chomhar a mhéid a bhaineann le rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 3(7):

1. 

Grúpa riosca soláthair GNL:

(a) 

An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn.

2. 

Grúpa riosca maidir le soláthar gáis ón Muir Thuaidh:

(b) 

An Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Fhionlainn, an tSualainn.

3. 

Grúpa riosca maidir le soláthar gáis ón Afraic Thuaidh:

(c) 

An Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin.

4. 

Grúpa riosca maidir le soláthar gáis ón Oirdheisceart:

(d) 

An Bhulgáir, an tSeicia, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Ostair, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic.

IARSCRÍBHINN Ib Freagracht chomhroinnte maidir leis an sprioc líonta agus leis an gconair líonta




IARSCRÍBHINN Ib

Freagracht chomhroinnte maidir leis an sprioc líonta agus leis an gconair líonta

Maidir leis an sprioc líonta agus leis an gconair líonta de bhun Airteagal 6a, comhroinneann Poblacht na Slóvaice agus an tSeicia an fhreagracht a bhaineann le saoráidí stórála Dolní Bojanovice. Tá cóimheas cruinn agus fairsinge na freagrachta sin de chuid Phoblacht na Slóvaice agus na Seicia faoi réir an chomhaontaithe dhéthaobhaigh idir na Ballstáit sin.

Gan dochar d’Airteagal 13 agus i gcomhréir le hAirteagal 11(6), pointe (b), áiritheoidh Poblacht na Slóvaice agus an tSeicia, nuair a fhógraítear géarchéim de bhun an Rialacháin seo, nach dtabharfar isteach aon bhearta a dhéanfaidh difear do shaoráid stórála Dolní Bojanovice ar dócha go gcuirfear staid an tsoláthair gáis i mbaol go mór leo nó go mbainfear an bonn ó chumas gnóthas gáis nádúrtha gás a sholáthar do chustaiméirí atá faoi chosaint i gcomhréir leis an gcaighdeán soláthair gáis náisiúnta.

IARSCRÍBHINN II




IARSCRÍBHINN II

Foirmle N – 1 a ríomh

1.    Sainmhíniú ar fhoirmle N – 1

Tuairisc is ea foirmle N – 1 ar an méid is féidir le hacmhainn theicniúil an bhonneagair gáis an t-éileamh iomlán ar ghás sa limistéar arna ríomh a shásamh i gcás shuaitheadh an bhonneagair gáis is mó lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil.

Is cuid den bhonneagar gáis é an gréasán tarchurtha gáis lena n-áirítear idirnascairí, chomh maith le saoráidí táirgthe, saoráidí GNL agus saoráidí stórála atá nasctha leis an limistéar arna ríomh.

Acmhainn theicniúil na mbonneagar gáis eile uile a mbeidh fáil orthu i gcás shuaitheadh an bhonneagair gáis is mó, beidh sí comhionann, ar a laghad, le suim an éilimh laethúil iomláin ar ghás sa limistéar arna ríomh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil.

Beidh torthaí fhoirmle N – 1, mar atá ríofa thíos, comhionann, ar a laghad, le 100 %.

2.    Modh ríofa fhoirmle N – 1

image

, N – 1 ≥ 100 %

Na paraiméadair a úsáidfear don ríomh, tabharfar tuairisc shoiléir orthu agus údar soiléir leo.

Chun EPm a ríomh, déanfar liosta mionsonraithe de na pointí iontrála agus dá n-acmhainn aonair a sholáthar.

3.    Sainmhínithe ar pharaiméadair fhoirmle N – 1

Ciallaíonn “limistéar arna ríomh” limistéar geografach a ríomhtar foirmle N – 1 ina leith, de réir mar a chinnfidh an t-údarás inniúil é.

Sainmhíniú maidir leis an éileamh

Ciallaíonn “Dmax ” éileamh laethúil iomlán (in mcm/d) an limistéir arna ríomh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dóchúlacht staitistiúil.

Sainmhínithe maidir leis an soláthar

“EPm ”: ciallaíonn acmhainn theicniúil na bpointí iontrála (in mcm/d), cé is moite de shaoráidí táirgthe, saoráidí GNL agus saoráidí stórála atá cumhdaithe ag Pm GNLm agus Sm, suim acmhainn theicniúil gach pointe iontrála teorann a bhfuil sé d'acmhainn aige gás a sholáthar don limistéar arna ríomh.
“Pm ”: ciallaíonn acmhainn táirgeachta theicniúil uasta (in mcm/d) suim na n-acmhainní táirgeachta teicniúla uasta laethúla atá ag na saoráidí táirgthe gáis uile agus is féidir a sheachadadh ar na pointí iontrála sa limistéar arna ríomh.
“Sm ”: ciallaíonn inseachadtacht stórála theicniúil uasta (in mcm/d) suim na n-acmhainní aistarraingthe teicniúla uasta laethúla atá ag na saoráidí stórála uile agus is féidir a sheachadadh ar phointí iontrála an limistéir arna ríomh, agus na saintréithe fisiceacha atá acu á gcur san áireamh.
“GNLm ”: ciallaíonn acmhainn theicniúil uasta saoráidí GNL (in mcm/d) suim acmhainní astaithe teicniúla uasta laethúla na saoráidí GNL uile sa limistéar arna ríomh, agus eilimintí criticiúla á gcur san áireamh amhail dí-ualú, seirbhísí coimhdeacha, stóráil shealadach agus athghású GNL chomh maith leis an acmhainn astaithe theicniúil chuig an gcóras.
Ciallaíonn “Im ” acmhainn theicniúil an bhonneagair gáis is mó (in mcm/d) ag a bhfuil an acmhainn is mó gás a sholáthar don limistéar arna ríomh. Nuair atá roinnt bonneagar gáis nasctha le bonneagar gáis réamhtheachtach nó iartheachtach comhchoiteann agus nach féidir iad a oibriú ar leithligh ó chéile, measfar gur aon bhonneagar gáis amháin iad.

4.    Foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh

image

, N – 1 ≥ 100 %

Sainmhíniú maidir leis an éileamh

Ciallaíonn “Deff ”an chuid sin (in mcm/d) de Dmax is féidir a chumhdach go leordhóthanach agus go tráthúil i gcás suaitheadh an tsoláthair gáis le bearta margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 9(1) agus le hAirteagal 5(2).

5.    Foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach

Déanfar an limistéar ríofa dá dtagraítear i bpointe 3 a leathnú go dtí an leibhéal réigiúnach iomchuí, i gcás inarb infheidhme é, de réir mar a chinnfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann. Is féidir an ríomh a leathnú go dtí leibhéal réigiúnach an ghrúpa riosca freisin, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca. Chun foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach, is é an bonneagar gáis comhleasa is mó a úsáidfear. Is é atá sa bhonneagar gáis comhleasa is mó i réigiún an bonneagar gáis is mó sa réigiún sin a chuireann go díreach nó go hindíreach leis an soláthar gáis chuig Ballstáit an réigiúin sin agus déanfar é a shainiú sa mheasúnú riosca.

Féadfar ríomh fhoirmle N – 1 ar leibhéal réigiúnach a úsáid in ionad ríomh fhoirmle N – 1 ar an leibhéal náisiúnta i gcás ina mbeidh an bonneagar gáis comhleasa is mó ríthábhachtach do gach Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir leis an measúnú riosca comhchoiteann, agus sa chás sin amháin.

Ar leibhéal an ghrúpa riosca, i gcás na ríomhanna dá dtagraítear in Airteagal 7(4), is é an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca atá liostaithe in Iarscríbhinn I a úsáidfear.

IARSCRÍBHINN III




IARSCRÍBHINN III

Buanacmhainn dhéthreoch

1. Chun na forálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta gníomhú mar údarás inniúil má chinneann an Ballstát sin.

2. Chun acmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú ar idirnascaire nó chun díolúine ón oibleagáid sin a fháil nó a shíneadh, déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha ar an dá thaobh den idirnascaire an méid seo a leanas a chur faoi bhráid a n-údarás inniúil (“na húdaráis inniúla lena mbaineann”) agus a n-údarás rialála (“na húdaráis rialála lena mbaineann”) tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na hoibreoirí córais tarchurtha uile a d'fhéadfadh go mbainfeadh sé leo:

(a) 

togra lena gcumasófaí buanacmhainn fhisiceach chun gás a iompar sa dá threo le haghaidh buanacmhainn dhéthreoch i dtaca leis an gcúltreo (“acmhainn fhisiciúil sreafa cúltreo”); nó

(b) 

iarraidh ar dhíolúine ón oibleagáid acmhainn dhéthreoch a chumasú.

Féachfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha le togra comhpháirteach nó iarraidh ar dhíolúine a thíolacadh. I gcás togra chun acmhainn dhéthreoch a chumasú, féadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha togra a bhfuil bunús maith leis a dhéanamh le haghaidh leithdháileadh costas trasteorann. Déanfar an méid sin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil an 1 Nollaig 2018 ar a dhéanaí i gcás na n-idirnasc uile atá ann an 1 Samhain 2017 agus tar éis an staidéar féidearthachta a chríochnú ach roimh thús a chur le céim an deartha theicniúil mhionsonraithe i gcás idirnascairí nua.

3. Tar éis dóibh an togra nó an iarraidh ar dhíolúine a fháil, rachaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcomhairle, gan mhoill, le húdaráis inniúla an Bhallstáit sin a d'fhéadfadh, i gcomhréir leis an measúnú riosca, tairbhe a bhaint as an acmhainn sreafa cúltreo agus, i gcás nach iad na húdaráis inniúla iad, le húdaráis rialála náisiúnta na mBallstát sin, leis an nGníomhaireacht agus leis an gCoimisiún maidir leis an togra nó an iarraidh ar dhíolúine. Féadfaidh na húdaráis a ndeachthas i gcomhairle leo tuairim a eisiúint faoi cheann 4 mhí ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil.

4. Laistigh de 6 mhí tar éis dóibh an togra comhpháirteach a fháil, de bhun Airteagal 5(6) agus (7) agus tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na tionscnóirí tionscadail lena mbaineann, glacfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann cinntí comhordaithe maidir le leithdháileadh trasteorann na gcostas infheistíochta atá le híoc ag gach oibreoir córais tarchurtha de chuid an tionscadail. I gcás nach mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann tar éis teacht ar chomhaontú laistigh den spriocdháta sin, cuirfidh siad sin iúl do na húdaráis inniúla lena mbaineann gan mhoill.

5. Glacfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann cinneadh comhordaithe ar bhonn an mheasúnaithe riosca, na faisnéise a liostaítear in Airteagal 5(5) den Rialachán seo agus na dtuairimí a fuarthas tar éis dul i mbun comhairliúchán i gcomhréir le pointe 3 den Iarscríbhinn seo agus slándáil an tsoláthair gáis agus a mhéid a chuireann sé leis an margadh inmheánach gáis á gcur san áireamh acu. Déanfar an cinneadh comhordaithe sin laistigh de 2 mhí. Tosóidh an tréimhse 2 mhí tar éis na tréimhse 4 mhí a cheadaítear do na tuairimí dá dtagraítear faoi phointe 3 den Iarscríbhinn seo, mura rud é go bhfuarthas na tuairimí uile roimh, nó tar éis na tréimhse 6 mhí dá dtagraítear i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo a thugtar d'údaráis rialála lena mbaineann chun cinneadh comhordaithe a ghlacadh. Leis an gcinneadh comhordaithe:

(a) 

glacfar leis an togra maidir le hacmhainn dhéthreoch. Sa chinneadh sin beidh anailís costas agus sochar, amlíne le haghaidh cur chun feidhme agus na socruithe le haghaidh a úsáide ina dhiaidh sin agus beidh an cinneadh comhordaithe maidir leis an leithdháileadh costas trasteorann dá dtagraítear i bpointe 4 agus arna ullmhú ag na húdaráis rialála lena mbaineann ag gabháil leis; nó;

(b) 

díolúine shealadach a thabhairt nó a shíneadh ar feadh uastréimhse 4 bliana, más rud é go léiríonn an anailís costas agus sochar a ghabhann leis an gcinneadh nach gcuirfeadh an acmhainn sreafa cúltreo le slándáil soláthair gáis aon Bhallstát ábhartha nó más rud é gur mhó go mór a bheadh na costais infheistíochta ná na sochair a d'fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair gáis; nó

(c) 

éileamh ar na hoibreoirí córais tarchurtha a dtogra nó a n-iarraidh ar dhíolúine a leasú agus a chur isteach arís laistigh d'uastréimhse 4 mhí.

6. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an cinneadh comhordaithe a chur, gan mhoill, faoi bhráid na n-údarás inniúil agus na n-údarás rialála náisiúnta a thíolaic tuairim i gcomhréir le pointe 3, na n-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann, na Gníomhaireachta agus an Choimisiúin lena n-áirítear na tuairimí a fuarthas tar éis an chomhairliúcháin i gcomhréir le pointe 3.

7. Laistigh de 2 mhí tar éis dóibh an cinneadh comhordaithe a fháil, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe 6 a n-agóidí i gcoinne an chinnidh chomhordaithe a chur in iúl agus iad a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil lena mbaineann a ghlac an cinneadh sin, agus faoi bhráid na Gníomhaireachta agus an Choimisiúin. Ní bheidh sna hagóidí ach fíricí agus measúnú, go háirithe leithdháileadh trasteorann costais nach raibh faoi réir comhairliúcháin i gcomhréir le pointe 3.

8. Laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an cinneadh comhordaithe a fháil i gcomhréir le pointe 6, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuairim a thabhairt uaithi maidir le gnéithe an chinnidh chomhordaithe, ag cur san áireamh aon agóid a d'fhéadfaí a dhéanamh, agus cuirfidh sí an tuairim faoi bhráid na n-údarás inniúil uile lena mbaineann agus na n-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe 6 agus faoi bhráid an Choimisiúin.

9. Laistigh de 4 mhí tar éis dóibh an tuairim a thugann an Ghníomhaireacht uaithi de bhun phointe 8 a fháil, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh ina n-iarrtar modhnuithe ar an gcinneadh comhordaithe. Aon chinneadh dá leithéid ón gCoimisiún, glacfar é ar bhonn an méid a leanas: na critéir a leagtar amach i bpointe 5, na cúiseanna leis an gcinneadh ó na húdaráis lena mbaineann agus tuairim na Gníomhaireachta. Comhlíonfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an iarraidh ón gCoimisiún trína gcinneadh a leasú laistigh de thréimhse 4 seachtaine.

I gcás nach ngníomhóidh an Coimisiún laistigh den tréimhse 4 mhí sin a luaitear thuas, measfar nach ndearna sé aon agóid i gcoinne chinneadh na n-údarás inniúil lena mbaineann.

10. Mura raibh na húdaráis inniúla lena mbaineann in ann cinneadh comhpháirteach a ghlacadh faoin sprioc a leagtar amach i bpointe 5 nó mura raibh na húdaráis rialála náisiúnta in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an leithdháileadh costas faoin sprioc a leagtar amach i bpointe 4, cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún ar an eolas an lá a rachaidh an sprioc in éag, ar a dhéanaí. Laistigh de 4 mhí tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, tar éis comhairliúchán a d'fhéadfadh a bheith aige leis an nGníomhaireacht, lena gcumhdófar gach gné de chinneadh comhordaithe a liostaítear i bpointe 5, cé is moite de leithdháileadh costas trasteorann agus cuirfidh sé an cinneadh sin faoi bhráid na n-údarás inniúil lena mbaineann agus faoi bhráid na Gníomhaireachta.

11. Má cheanglaítear acmhainn dhéthreoch faoin gcinneadh ón gCoimisiún de bhun phointe 10 den Iarscríbhinn seo, glacfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh lena gcumhdaítear leithdháileadh costas trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 5(7) den Rialachán seo laistigh de 3 mhí tar éis di an cinneadh ón gCoimisiún a fháil. Sula ndéanfar cinneadh den sórt sin, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialála náisiúnta lena mbaineann agus leis na hoibreoirí córais tarchurtha. Féadfar síneadh 2 mhí eile a chur leis an tréimhse 3 mhí sin i gcás go gcaithfidh an Ghníomhaireacht tuilleadh faisnéise a iarraidh. Tosóidh an tréimhse bhreise ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil.

12. Caomhnóidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na húdaráis inniúla, na húdaráis rialála náisiúnta agus na hoibreoirí córais tarchurtha rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

13. Beidh díolúintí ón oibleagáid chun acmhainn dhéthreoch a chumasú, arna tabhairt faoi Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, fós bailí seachas i gcás go n-iarrann an Coimisiún nó an Ballstát eile lena mbaineann athbhreithniú nó go dtéann fad ama na ndíolúintí in éag.

IARSCRÍBHINN IV




IARSCRÍBHINN IV

Teimpléad don mheasúnú riosca comhchoiteann

Líonfar an teimpléad a leanas i dteanga arna comhaontú laistigh den ghrúpa riosca.

Eolas ginearálta

— 
Ballstáit sa ghrúpa riosca
— 
Ainm na n-údarás inniúil atá freagrach as an measúnú riosca a ullmhú ( 9 )

1.    Tuairisc ar an gcóras

Tabhair tuairisc ghairid ar chóras gáis an ghrúpa riosca, ina gcumhdaítear:

(a) 

na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis ( 10 ): tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara ( 11 ), buaicéileamh (an t-iomlán agus an miondealú in aghaidh na catagóire tomhaltóra in mcm/d);

(b) 

tuairisc ar fheidhmiú an chórais gáis sa ghrúpa riosca: príomhshreafaí (isteach/amach/idirthurais), acmhainn an bhonneagair ag pointí iontrála isteach sa réigiún agus ag pointí fágála amach as an réigiún i gcás gach Ballstáit, lena n-áirítear ráta úsáide, saoráidí GNL (acmhainn laethúil uasta, ráta úsáide agus córas rochtana), etc.;

(c) 

miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis, in aghaidh na tíre tionscnaimh ( 12 );

(d) 

tuairisc ar ról na saoráidí stórála is ábhartha don ghrúpa riosca, lena n-áirítear rochtain trasteorann:

(i) 

an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;

(ii) 

an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);

(e) 

tuairisc ar ról an táirgthe baile sa ghrúpa riosca:

(i) 

méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;

(ii) 

an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;

(f) 

tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán).

2.    An caighdeán bonneagair (Airteagal 5)

Tabhair tuairisc ar ríomh na foirmle (foirmlí) N – 1 ar leibhéal réigiúnach don ghrúpa riosca, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca, agus ar na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas:

(a) 

foirmle N – 1

(i) 

an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca a shainaithint;

(ii) 

foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach;

(iii) 

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna mbreithniú faoin bparaiméadar seo);

(iv) 

má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);

(b) 

acmhainn dhéthreoch

(i) 

Tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;

(ii) 

Tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);

(iii) 

Tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í.

3.    Rioscaí a shainaithint

Tabhair tuairisc ar an bpríomhriosca trasnáisiúnta ar cruthaíodh an grúpa ina leith agus ar na fachtóirí riosca a d'fhéadfadh, i roinnt mhaith cásanna, a bheith ina gcúis leis an riosca teacht as, ar an dóchúlacht a bhaineann leo, agus ar na hiarmhairtí.

Liosta, nach bhfuil uileghabhálach, de na fachtóirí riosca nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú, i gcás inarb infheidhme de réir an údaráis inniúil ábhartha agus sa chás sin amháin:

(a) 

rioscaí polaitiúla

— 
suaitheadh an tsoláthair gáis ó thríú tíortha ar chúiseanna éagsúla,
— 
corraíl pholaitiúil (sa tír tionscnaimh nó i dtír idirthurais),
— 
cogadh/cogadh cathartha (sa tír tionscnaimh nó i dtír idirthurais),
— 
sceimhlitheoireacht;
(b) 

rioscaí teicneolaíocha

— 
pléascadh/dóiteáin,
— 
dóiteáin (laistigh de shaoráid ar leith),
— 
sceitheadh,
— 
easpa cothabhála cuí,
— 
mífheidhmiú trealaimh (cliseadh trealaimh tosú, cliseadh trealaimh le linn oibriú, etc.),
— 
easpa leictreachais (nó foinse fuinnimh eile),
— 
cliseadh na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (cliseadh na mbogearraí nó na gcrua-earraí, fadhbanna leis an idirlíon, fadhbanna le córais um maoirseacht agus fáil sonraí (SCADA) etc.),
— 
cibear-ionsaí,
— 
tionchar ó oibreacha tochailte (tochailt, píleáil), oibreacha talún, etc.;
(c) 

rioscaí tráchtála/margaidh/airgeadais

— 
comhaontuithe le soláthróirí tríú tír,
— 
díospóid tráchtála,
— 
ceannas ag eintitis tríú tír ar bhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis, cor as a bhféadfadh sé go dtiocfadh, i measc rudaí eile, rioscaí tearcinfheistíochta, lagú na héagsúlachta nó neamh-chomhlíonadh dhlí an Aontais,
— 
luaineacht praghsanna,
— 
tearcinfheistíocht,
— 
buaicéileamh tobann gan choinne,
— 
rioscaí eile a bhféadfadh tearcfheidhmíocht struchtúrach a bheith mar thoradh orthu;
(d) 

rioscaí sóisialta

— 
stailceanna (in earnálacha eile gaolmhara, amhail earnáil an gháis, calafoirt, iompar, etc.),
— 
sabaitéireacht,
— 
loitiméireacht,
— 
gadaíocht;
(e) 

rioscaí nádúrtha

— 
creathanna talún,
— 
sciorrthaí talún,
— 
tuilte (báisteach throm, tuilte abhann),
— 
stoirmeacha (farraige),
— 
maidhmeanna sléibhe,
— 
dálaí adhaimsire,
— 
dóiteáin (lasmuigh den tsaoráid, e.g. i bhforaoisí, féaraigh mórthimpeall, etc.).

Anailís

(a) 

tabhair tuairisc ar an bpríomhriosca trasnáisiúnta nó ar aon fhachtóir riosca ábhartha eile don ghrúpa riosca, lena n-áirítear an dóchúlacht a bhaineann leo agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu mar aon le hidirghníomhú agus comhghaolú rioscaí i measc na mBallstát, de réir mar is iomchuí;

(b) 

tabhair tuairisc ar na critéir a úsáidtear chun a chinneadh an bhfuil córas neamhchosanta ar rioscaí arda/neamh-inghlactha;

(c) 

leag síos liosta de chásanna eiseamláireacha riosca ábhartha i gcomhréir le foinsí na rioscaí agus tabhair tuairisc ar an gcaoi ar roghnaíodh iad;

(d) 

luaigh a mhéid a breithníodh na cásanna eiseamláireacha a d'ullmhaigh ENTSOG.

4.    Anailís riosca agus measúnú ar riosca

Déan anailís ar an tacar cásanna eiseamláireacha riosca ábhartha a sainaithníodh faoi phointe 3. Cuir san áireamh in ionsamhlúchán na rioscaí féideartha na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, amhail an caighdeán bonneagair arna ríomh trí úsáid a bhaint as foirmle N – 1 mar a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, más iomchuí agus an caighdeán soláthair gáis. I gcás gach cás eiseamláireach riosca ar leith:

(a) 

Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an cás eiseamláireach riosca, lena n-áirítear na toimhdí uile agus, más infheidhme, na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh;

(b) 

Tabhair tuairisc mhionsonraithe ar thorthaí na n-ionsamhlúchán arna ndéanamh, lena n-áirítear cainníochtú ar an tionchar (e.g. na toirteanna gáis nár seachadadh, an tionchar socheacnamaíoch, tionchar ar théamh ceantair, tionchar ar ghiniúint leictreachais).

5.    Conclúidí

Tabhair tuairisc ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn, áirítear leis sin na cásanna eiseamláireacha riosca féideartha ar gá tuilleadh a dhéanamh ina leith a lua.

IARSCRÍBHINN V




IARSCRÍBHINN V

Teimpléad don mheasúnú riosca náisiúnta

Eolas ginearálta

Ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an measúnú riosca seo a ullmhú ( 13 ).

1.    Tuairisc ar an gcóras

1.1.

Cuir tuairisc chomhdhlúite ghairid ar fáil ar an gcóras gáis réigiúnach do gach grúpa riosca ( 14 ) ina bhfuil an Ballstát rannpháirteach, lena gcumhdaítear an méid a leanas:

(a) 

na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis ( 15 ): tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara ( 16 ), buaicéileamh (an t-iomlán agus an miondealú in aghaidh na catagóire tomhaltóra mcm/d);

(b) 

tuairisc ar fheidhmiú an chórais gáis nó na gcóras gáis sna grúpaí riosca ábhartha: príomhshreafaí (isteach/amach/idirthurais), acmhainn an bhonneagair ag pointí iontrála isteach i réigiún nó réigiúin na ngrúpaí riosca agus ag pointí fágála amach as réigiún nó réigiúin na ngrúpaí riosca agus i gcás gach Ballstáit, lena n-áirítear ráta úsáide, saoráidí GNL (acmhainn laethúil uasta, ráta úsáide agus córas rochtana), etc.;

(c) 

miondealú, a mhéid is féidir, ar an gcéatadán d'fhoinsí allmhairiúcháin gáis, in aghaidh na tíre tionscnaimh ( 17 );

(d) 

tuairisc ar ról na saoráidí stórála is ábhartha don ghrúpa riosca, lena n-áirítear rochtain trasteorann:

(i) 

an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;

(ii) 

an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach na leibhéil nuair a bhíonn sé lán agus éilimh ag deireadh an tséasúir);

(e) 

tuairisc ar ról an táirgthe baile sa ghrúpa nó sna grúpaí riosca:

(i) 

méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;

(ii) 

an acmhainn táirgeachta uasta laethúil agus tuairisc ar an gcaoi ar féidir léi an tomhaltas laethúil uasta a chumhdach;

(f) 

tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán).

1.2.

Tabhair tuairisc ghairid ar chóras gáis an Bhallstáit, ina gcumhdaítear:

(a) 

na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis: tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara, buaicéileamh (mcm/d);

(b) 

tuairisc ar fheidhmiú an chórais gás ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear bonneagair (sa mhéid is nach bhfuil seo cumhdaithe faoi phointe 1.1.(b)). Más infheidhme, trácht ar an gcóras L-gás freisin;

(c) 

an bonneagar is tábhachtaí ó thaobh shlándáil an tsoláthair gáis de a shainaithint;

(d) 

miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis ar an leibhéal náisiúnta, in aghaidh na tíre tionscnaimh;

(e) 

tuairisc ar ról na stórála agus cuir an méid seo a leanas san áireamh:

(i) 

an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;

(ii) 

an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);

(f) 

tuairisc ar ról an táirgthe baile agus tabhair freisin:

(i) 

méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;

(ii) 

an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;

(g) 

tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán).

2.    An caighdeán bonneagair (Airteagal 5)

Tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíontar an caighdeán bonneagair, lena n-áirítear na príomhluachanna a úsáidtear d'fhoirmle N – 1 agus roghanna malartacha chun é a chomhlíonadh (i gcomhar le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu, trí bhíthin bearta atá dírithe ar an éileamh) agus na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas:

(a) 

foirmle N – 1

(i) 

an bonneagar gáis is mó a shainaithint;

(ii) 

foirmle N – 1 a ríomh ar an leibhéal náisiúnta;

(iii) 

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);

(iv) 

má úsáideadh modheolaíochtaí agus chun na paraiméadair bhhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);

(v) 

míniú ar thorthaí ríomh fhoirmle N – 1 i bhfianaise na leibhéal stórála ag 30 % agus 100 % den uastoirt oibre;

(vi) 

míniú ar phríomhthorthaí ionsamhlúchán chás fhéideartha fhoirmle N – 1 trí shamhail hiodrálach a úsáid;

(vii) 

má chinneann an Ballstát amhlaidh, déan foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh:

— 
foirmle N – 1 a ríomh i gcomhréir le pointe 2 d'Iarscríbhinn II;
— 
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 2(a)(iii) thuas);
— 
má úsáideadh modheolaíochtaí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
— 
mínigh na bearta margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh a glacadh/atá le glacadh chun suaitheadh an tsoláthair gáis agus an tionchar a mheastar a bheidh aige (Deff) a chúiteamh;
(viii) 

ríomh comhpháirteach nó ríomhanna comhpháirteacha fhoirmle N – 1, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha nó le Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu:

— 
foirmle N – 1 a ríomh i gcomhréir le pointe 5 d'Iarscríbhinn II;
— 
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 2(a)(iii);
— 
má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
— 
mínigh na socruithe arna gcomhaontú chun comhlíonadh oibleagáid N – 1 a áirithiú;
(b) 

acmhainn dhéthreoch:

(i) 

tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;

(ii) 

tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);

(iii) 

tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í.

3.    Rioscaí a shainaithint

Tabhair tuairisc ar na fachtóirí riosca a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis sa Bhallstát, ar an dóchúlacht a bhaineann leo, agus ar na hiarmhairtí.

Liosta, nach bhfuil uileghabhálach, de na cineálacha fachtóirí riosca is gá a chur san áireamh sa mheasúnú, i gcás inarb infheidhme agus sa chás sin amháin de réir an údaráis inniúil:

(a) 

rioscaí polaitiúla

— 
suaitheadh an tsoláthair gáis ó thríú tíortha ar chúiseanna éagsúla,
— 
corraíl pholaitiúil (sa tír tionscnaimh nó i dtír idirthurais),
— 
cogadh/cogadh cathartha (sa tír tionscnaimh nó i dtír idirthurais),
— 
sceimhlitheoireacht;
(b) 

rioscaí teicneolaíocha

— 
pléascadh/dóiteáin,
— 
dóiteáin (laistigh de shaoráid ar leith),
— 
sceitheadh,
— 
easpa cothabhála cuí,
— 
mífheidhmiú trealaimh (cliseadh trealaimh tosú, cliseadh trealaimh le linn oibriú, etc.),
— 
easpa leictreachais (nó foinse fuinnimh eile),
— 
cliseadh na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (cliseadh na mbogearraí nó na gcrua-earraí, fadhbanna leis an idirlíon, fadhbanna le córais um maoirseacht agus fáil sonraí (SCADA) etc.),
— 
cibear-ionsaí,
— 
tionchar ó oibreacha tochailte (tochailt, píleáil), oibreacha talún, etc.;
(c) 

rioscaí tráchtála/margaidh/airgeadais

— 
comhaontuithe le soláthróirí tríú tír,
— 
díospóid tráchtála,
— 
ceannas ag eintitis tríú tír ar bhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair, cor as a bhféadfadh sé go dtiocfadh, i measc rudaí eile, rioscaí tearcinfheistíochta, lagú na héagsúlachta nó neamh-chomhlíonadh dhlí an Aontais,
— 
luaineacht praghsanna,
— 
tearcinfheistíocht,
— 
buaicéileamh tobann gan choinne,
— 
rioscaí eile a bhféadfadh tearcfheidhmíocht struchtúrach a bheith mar thoradh orthu;
(d) 

rioscaí sóisialta

— 
stailceanna (in earnálacha eile gaolmhara, amhail earnáil an gháis, calafoirt, iompar, etc.),
— 
sabaitéireacht,
— 
loitiméireacht,
— 
gadaíocht;
(e) 

rioscaí nádúrtha

— 
creathanna talún,
— 
sciorrthaí talún,
— 
tuilte (báisteach throm, tuilte abhann),
— 
stoirmeacha (farraige),
— 
maidhmeanna sléibhe,
— 
dálaí adhaimsire,
— 
dóiteáin (lasmuigh den tsaoráid, e.g. i bhforaoisí, féaraigh mórthimpeall, etc.).

Anailís:

(a) 

sainaithin na fachtóirí riosca ábhartha i gcás an Bhallstáit, lena n-áirítear an dóchúlacht a bhaineann leo agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith acu;

(b) 

tabhair tuairisc ar na critéir a úsáidtear chun a chinneadh an bhfuil córas neamhchosanta ar rioscaí arda/neamh-inghlactha;

(c) 

leag síos liosta de rioscaí féideartha ábhartha i gcomhréir leis na fachtóirí riosca agus an dóchúlacht a bhaineann leo agus tabhair tuairisc ar an gcaoi ar roghnaíodh iad.

4.    Anailís riosca agus measúnú ar riosca:

Déan anailís ar an tacar cás eiseamláireach rioscaí féideartha ábhartha a tugadh faoi phointe 3. Cuir san áireamh in ionsamhlúchán na cásanna eiseamláireacha riosca féideartha na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis, amhail an caighdeán bonneagair arna ríomh trí úsáid a bhaint as foirmle N – 1 mar a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, agus an caighdeán soláthair gáis. In aghaidh an cháis eiseamláirigh gach riosca féideartha ar leith:

(a) 

tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an gcás eiseamláireach riosca, lena n-áirítear na toimhdí uile agus, más infheidhme, na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh;

(b) 

tabhair tuairisc mhionsonraithe ar thorthaí na n-ionsamhlúchán arna ndéanamh, lena n-áirítear cainníochtú ar an tionchar (e.g. na toirteanna gáis nár seachadadh, an tionchar socheacnamaíoch, tionchar ar théamh ceantair, tionchar ar ghiniúint leictreachais).

5.    Conclúidí

Tabhair tuairisc ar phríomhthorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn ina raibh na Ballstáit páirteach, áirítear leis sin na cásanna eiseamláireacha riosca ar gá tuilleadh a dhéanamh ina leith a lua.

IARSCRÍBHINN VI




IARSCRÍBHINN VI

Teimpléad don phlean um ghníomhaíocht choisctheach

Eolas ginearálta

— 
Ballstáit sa ghrúpa riosca
— 
Ainmneacha an údaráis inniúil atá freagrach as an bplean a ullmhú ( 18 )

1.    Tuairisc ar an gcóras

1.1.

Cuir tuairisc chomhdhlúite ghairid ar fáil ar na córais gáis réigiúnacha do gach grúpa ( 19 ) ina bhfuil an Ballstát rannpháirteach, lena gcumhdaítear an méid a leanas:

(a) 

na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis ( 20 ): tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara ( 21 ), buaicéileamh (an t-iomlán agus an miondealú in aghaidh na catagóire tomhaltóra in mcm/d);

(b) 

tuairisc ar fheidhmiú an chórais gáis sna grúpaí riosca ábhartha: príomhshreafaí (isteach/amach/idirthurais), acmhainn an bhonneagair ag pointí iontrála isteach i réigiún nó réigiúin an ghrúpa riosca agus ag pointí fágála amach as réigiún nó réigiúin an ghrúpa riosca agus i gcás gach Ballstáit, lena n-áirítear ráta úsáide, saoráidí GNL (acmhainn laethúil uasta, ráta úsáide agus córas rochtana), etc.;

(c) 

miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis, in aghaidh na tíre tionscnaimh ( 22 );

(d) 

tuairisc ar ról na saoráidí stórála is ábhartha don réigiún, lena n-áirítear rochtain trasteorann:

(i) 

an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;

(ii) 

an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);

(e) 

tuairisc ar ról an táirgthe baile sa réigiún:

(i) 

méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;

(ii) 

an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;

(f) 

tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán);

(g) 

tuairisc ar ról na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus a n-éifeacht ar an tomhaltas gáis bliantúil deiridh.

1.2.

Tabhair tuairisc ghairid ar an gcóras gáis i ngach Ballstáit, ina gcumhdaítear:

(a) 

na príomhfhigiúirí tomhaltais gáis: tomhaltas gáis bliantúil deiridh (bcm) agus an miondealú in aghaidh an chineáil custaiméara, buaicéileamh (mcm/d);

(b) 

tuairisc ar fheidhmiú an chórais gás ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear bonneagair (sa mhéid is nach bhfuil seo cumhdaithe faoi phointe 1.1.(b));

(c) 

an bonneagar is tábhachtaí ó thaobh shlándáil an tsoláthair de a shainaithint;

(d) 

miondealú, a mhéid is féidir, ar fhoinsí allmhairiúcháin gáis ar an leibhéal náisiúnta, in aghaidh na tíre tionscnaimh;

(e) 

tuairisc ar ról na stórála sa Bhallstát agus cuir san áireamh:

(i) 

an acmhainn stórála (acmhainn iomlán agus acmhainn oibre) i gcomparáid leis an éileamh i séasúr an téimh;

(ii) 

an acmhainn aistarraingthe uasta laethúil ar leibhéil éagsúla líonta (go hidéalach an leibhéal nuair a bhíonn sé lán agus an leibhéal ag deireadh an tséasúir);

(f) 

tuairisc ar ról an táirgthe baile agus tabhair freisin:

(i) 

méid na táirgeachta i dtaca leis an tomhaltas gáis bliantúil deiridh;

(ii) 

an acmhainn táirgeachta uasta laethúil;

(g) 

tuairisc ar ról an gháis i dtáirgeadh leictreachais (e.g. a thábhachtaí atá sé, a ról mar chúltaca ag na foinsí in-athnuaite), lena n-áirítear acmhainn giniúna gásadhainte (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán) agus comhghiniúint (an t-iomlán (MWe) agus mar chéatadán den acmhainn giniúna iomlán);

(h) 

tuairisc ar ról na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus a n-éifeacht ar an tomhaltas gáis bliantúil deiridh.

2.    Achoimre ar an measúnú tionchair

Tabhair tuairisc ghairid ar thorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn agus náisiúnta is ábhartha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7, agus an méid a leanas san áireamh:

(a) 

liosta de na cásanna eiseamláireacha a ndearnadh measúnú orthu agus tuairisc ghairid ar na toimhdí a úsáideadh maidir le gach ceann acu mar aon leis na rioscaí/na heasnaimh a sainaithníodh;

(b) 

príomhchonclúidí an mheasúnaithe riosca.

3.    An caighdeán bonneagair (Airteagal 5)

Tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíontar an caighdeán bonneagair, lena n-áirítear na príomhluachanna a úsáidtear d'fhoirmle N – 1 agus roghanna malartacha chun é a chomhlíonadh (i gcomhar le Ballstáit chomharsanachta, trí bhíthin bearta atá dírithe ar an éileamh) agus na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas:

3.1.   Foirmle N – 1

(i) 

an bonneagar gáis comhleasa is mó sa réigiún a shainaithint;

(ii) 

foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach;

(iii) 

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás Epm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);

(iv) 

má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt).

3.2.   Leibhéal náisiúnta

(a) 

foirmle N – 1

(i) 

an bonneagar gáis is mó a shainaithint;

(ii) 

foirmle N – 1 a ríomh ar an leibhéal náisiúnta;

(iii) 

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);

(iv) 

na modheolaíochtaí úsáideadh, mas ann dóibh, chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);

(v) 

má chinneann an Ballstát amhlaidh, déan foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh:

— 
foirmle N – 1 a ríomh de réir phointe 2 d'Iarscríbhinn II;
— 
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 3(a)(iii) den Iarscríbhinn seo);
— 
má úsáideadh modheolaíochtaí chun na paraiméadair d'fhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
— 
mínigh na bearta margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh a glacadh/atá le glacadh chun suaitheadh an tsoláthair gáis agus an tionchar a mheastar a bheidh aige (Deff) a chúiteamh;
(vi) 

ríomh comhpháirteach nó ríomhanna comhpháirteacha chaighdeán N – 1, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha nó leis na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu:

— 
foirmle N – 1 a ríomh de réir phointe 5 d'Iarscríbhinn II;
— 
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 3(a)(iii) den Iarscríbhinn seo);
— 
má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
— 
mínigh na socruithe arna gcomhaontú chun comhlíonadh oibleagáid N – 1 a áirithiú;
(b) 

acmhainn dhéthreoch

(i) 

tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;

(ii) 

tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);

(iii) 

tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í.

4.    Comhlíonadh an chaighdeáin soláthair (Airteagal 6)

Tabhair tuairisc ar na bearta a glacadh chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh chomh maith le haon chaighdeán soláthair méadaithe nó oibleagáid bhreise, arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis:

(a) 

an sainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint a úsáideadh, lena n-áirítear na catagóirí custaiméirí atá cumhdaithe agus a dtomhaltas gáis bliantúil (in aghaidh na catagóire, an glanluach agus céatadán an tomhaltais gáis bhliantúil deiridh náisiúnta);

(b) 

na toirteanna gáis is gá chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(1);

(c) 

an acmhainn is gá chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(1);

(d) 

an beart nó na bearta atá i bhfeidhm chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh:

(i) 

tuairisc ar an mbeart nó ar na bearta;

(ii) 

na daoine a bhfuil na bearta dírithe orthu;

(iii) 

tabhair tuairisc ar aon chóras faireacháin ex ante, más ann dó, i gcomhar faireachán ar chomhlíonadh an chaighdeáin soláthair;

(iv) 

córas smachtbhannaí, más infheidhme;

(v) 

tabhair tuairisc, i gcás gach birt, ar an méid seo a leanas:

— 
tionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht an bhirt;
— 
tionchar an bhirt ar an gcomhshaol;
— 
tionchar an bhirt ar an tomhaltóir;
(vi) 

i gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):

— 
tabhair údar leis an mbeart (i.e., an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);
— 
léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e., an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);
— 
tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:
(1) 

slándáil soláthair Ballstát eile;

(2) 

an margadh náisiúnta;

(3) 

an margadh inmheánach;

(vii) 

i gcás beart a tugadh isteach an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, tabhair achoimre ghearr ar an measúnú tionchair nó nasc chuig an measúnú tionchair poiblí i gcomhair an bhirt/na mbeart arna dhéanamh/arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9(4);

(e) 

más infheidhme, tabhair tuairisc ar aon chaighdeán soláthair méadaithe nó ar aon oibleagáid bhreise arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis:

(i) 

tuairisc ar an mbeart nó ar na bearta;

(ii) 

sásra chun é a laghdú go dtí na gnáthluachanna de mheon na dlúthpháirtíochta agus i gcomhréir le hAirteagal 13;

(iii) 

más infheidhme, tabhair tuairisc ar aon chaighdeán soláthair méadaithe nua nó ar aon oibleagáid bhreise arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis arna nglacadh an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh;

(iv) 

na daoine a bhfuil na bearta dírithe orthu;

(v) 

toirteanna agus acmhainní gáis lena mbaineann;

(vi) 

léirigh an chaoi a gcomhlíonann an beart sin na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 6(2).

5.    Bearta coisctheacha

Tabhair tuairisc ar na bearta coisctheacha atá i bhfeidhm nó le glacadh:

(a) 

Tabhair tuairisc ar gach ceann de na bearta coisctheacha a glacadh i gcás gach riosca a sonraíodh i gcomhréir leis an measúnú riosca, lena n-áirítear tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i) 

an ghné náisiúnta nó réigiúnach;

(ii) 

an tionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht;

(iii) 

an tionchar ar chustaiméirí.

Más iomchuí, tabhair freisin:

— 
bearta chun idirnaisc idir Ballstáit chomharsanachta a fheabhsú;
— 
bearta chun bealaí gáis agus foinsí soláthair a éagsúlú;

▼M3

— 
bearta chun bac a chur le cnapaireacht acmhainne;

▼B

— 
bearta chun an príomhbhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair a chosaint i ndáil le ceannas ag eintitis tríú tír (lena n-áirítear, más ábhartha, dlíthe um scagadh infheistíochta atá ginearálta nó earnáil-sonrach, cearta speisialta do scairshealbhóirí áirithe, etc.);
(b) 

Tabhair tuairisc ar bhearta eile a glacadh ar chúiseanna eile seachas an measúnú riosca, ach a bhfuil tionchar dearfach acu ar shlándáil an tsoláthair do Bhallstát an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha.

(c) 

I gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):

(i) 

tabhair údar leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);

(ii) 

léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);

(iii) 

tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:

— 
tabhair údar leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);
— 
léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);
— 
tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:
(1) 

slándáil soláthair Ballstát eile;

(2) 

an margadh náisiúnta;

(3) 

an margadh inmheánach;

(4) 

mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh bearta éifeachtúlachta, lena n-áirítear bearta a bhí dírithe ar an éileamh, slándáil an tsoláthair;

(5) 

mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh foinsí in-athnuaite fuinnimh slándáil an tsoláthair;

6.    Bearta agus oibleagáidí eile (e.g. feidhmiú slán an chórais)

Tabhair tuairisc ar bhearta agus ar oibleagáidí eile a forchuireadh ar ghnóthais gáis nádúrtha agus ar chomhlachtaí ábhartha eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis, amhail oibleagáidí maidir le feidhmiú slán an chórais, agus tabhair freisin na páirtithe a ndéanfadh an oibleagáid sin difear dóibh agus na toirteanna gáis lena mbaineann. Mínigh go beacht cathain a bheadh feidhm ag na bearta sin agus cén chaoi.

7.    Tionscadail bhonneagair

(a) 

tabhair tuairisc ar thionscadail bhonneagair a dhéanfar amach anseo, lena n-áirítear Tionscadail Leas Coiteann sna grúpaí riosca ábhartha, agus luaigh an t-am a mheastar a thógfaidh sé chun iad a chur ag obair, a n-acmhainn agus an tionchar a mheastar a mbeidh acu ar shlándáil an tsoláthair gáis sa ghrúpa riosca;

(b) 

léirigh an chaoi a gcuirtear san áireamh sna tionscadail bonneagair PFGDB uile-Aontas, plean a d'fhorbair ENTSOG de bhun Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.

8.    Oibleagáidí seirbhíse poiblí i dtaca le slándáil an tsoláthair

Luaigh na hoibleagáidí seirbhíse poiblí atá ann cheana i dtaca le slándáil an tsoláthair agus tabhair tuairisc ghairid orthu (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt). Mínigh go soiléir cé air a bhfuil sé na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus cén chaoi. Más infheidhme, tabhair tuairisc ar an gcaoi a ndéanfaí na hoibleagáidí seirbhíse poiblí sin a thionscnamh agus cathain a dhéanfaí sin.

9.    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

I gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Rialachán seo, tabhair tuairisc ar an sásra arna úsáid chun an plean agus an plean éigeandála a fhorbairt, agus torthaí na gcomhairliúchán i gcás:

(a) 

gnóthais gháis;

(b) 

eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar theaghlaigh;

(c) 

eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar chustaiméirí tionsclaíocha gáis, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais;

(d) 

údarás rialála náisiúnta.

10.    Gné réigiúnach

Luaigh aon chúinsí náisiúnta agus bearta náisiúnta is ábhartha maidir le slándáil an tsoláthair nár cumhdaíodh sna ranna thuas den phlean.

Luaigh an bealach ar measadh na barúlacha a d'fhéadfadh go bhfuarthas tar éis an chomhairliúcháin a thugtar tuairisc air in Airteagal 8(2).

11.1.   N – 1 a ríomh ar leibhéal an ghrúpa riosca má thagann údaráis inniúla an ghrúpa riosca ar chomhaontú ina leith sin

Foirmle N – 1

(a) 

an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca a shainaithint;

(b) 

foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal an ghrúpa riosca;

(c) 

tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna meas faoin bparaiméadar seo);

(d) 

má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt).

11.2.   Sásraí arna bhforbairt ar mhaithe leis an gcomhar

Tabhair tuairisc ar na sásraí arna n-úsáid don chomhar idir na Ballstáit sna grúpaí riosca ábhartha, lena n-áirítear chun bearta trasteorann a fhorbairt sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus sa phlean éigeandála.

Tabhair tuairisc ar na sásraí arna n-úsáid don chomhar le Ballstáit eile chun na forálacha a cheapadh agus a ghlacadh a bhfuil gá leo chun Airteagal 13 a chur i bhfeidhm.

11.3.   Bearta coisctheacha

Tabhair tuairisc ar na bearta coisctheacha atá i bhfeidhm nó atá le glacadh sa ghrúpa riosca nó mar thoradh ar chomhaontuithe réigiúnacha:

(a) 

Tabhair tuairisc ar gach ceann de na bearta coisctheacha a glacadh i gcás gach riosca a sainaithníodh i gcomhréir leis an measúnú riosca, lena n-áirítear tuairisc ar an méid seo a leanas:

(i) 

a dtionchar ar Bhaill an ghrúpa riosca;

(ii) 

a dtionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht;

(iii) 

a dtionchar ar an gcomhshaol;

(iv) 

a dtionchar ar chustaiméirí.

Más iomchuí, tabhair freisin:

— 
bearta chun idirnaisc idir Ballstáit chomharsanachta a fheabhsú;
— 
bearta chun bealaí gáis agus foinsí soláthair a éagsúlú;

▼M3

— 
bearta chun bac a chur le cnapaireacht acmhainne;

▼B

— 
bearta chun an príomhbhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair a chosaint i ndáil le ceannas ag eintitis tríú tír (lena n-áirítear, más ábhartha, dlíthe um scagadh infheistíochta atá ginearálta nó earnáil-sonrach, cearta speisialta do scairshealbhóirí áirithe, etc.);
(b) 

tabhair tuairisc ar bhearta eile a glacadh ar chúiseanna eile seachas an measúnú riosca, ach a bhfuil tionchar dearfach acu ar shlándáil an tsoláthair don ghrúpa riosca;

(c) 

i gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):

(i) 

tabhair údar maidir le cén fáth go bhfuil gá leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);

(ii) 

tabhair údar maidir le cén fáth go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);

(iii) 

tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:

— 
tabhair údar leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin),
— 
léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir),
— 
tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:
(1) 

slándáil soláthair Ballstát eile;

(2) 

an margadh náisiúnta;

(3) 

an margadh inmheánach;

(d) 

mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh bearta éifeachtúlachta, lena n-áirítear bearta a bhí dírithe ar an éileamh, slándáil an tsoláthair;

(e) 

mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh foinsí in-athnuaite fuinnimh slándáil an tsoláthair.

IARSCRÍBHINN VII




IARSCRÍBHINN VII

Teimpléad don phlean éigeandála

Eolas ginearálta

Ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an bplean reatha a ullmhú ( 23 )

1.    Na leibhéil éigeandála a shainiú

(a) 

tabhair an comhlacht atá freagrach as gach leibhéal éigeandála a fhógairt agus na nósanna imeachta atá le leanúint i ngach cás nuair a dhéantar na fógraí sin;

(b) 

más ann dóibh, tabhair anseo na táscairí nó na paraiméadair a úsáidtear chun a mheas an mbeidh meath suntasach ar shlándáil an tsoláthair de dheasca teagmhais, agus lena chinneadh cén leibhéal éigeandála a fhógrófar.

2.    Bearta atá le glacadh de réir an leibhéil éigeandála ( 24 )

2.1.   Luathrabhadh

Tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i) 

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii) 

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;

(iii) 

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic le tionchar aon teagmhais nó leis an ullmhúchán roimh an teagmhas;

(iv) 

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann.

2.2.   Leibhéal Foláirimh

(a) 

tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i) 

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii) 

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;

(iii) 

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic leis an leibhéal foláirimh;

(iv) 

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(b) 

tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha nuair atá an leibhéal foláirimh ann.

2.3.   Leibhéal Éigeandála

(a) 

leag síos liosta gníomhaíochtaí réamhshainithe ó thaobh soláthair agus éilimh de chun gás a chur ar fáil i gcás éigeandála, lena n-áirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí;

(b) 

tabhair tuairisc ar na bearta margadhbhunaithe atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i) 

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii) 

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint;

(iii) 

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú;

(iv) 

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(c) 

tabhair tuairisc ar na bearta nach bhfuil margadhbhunaithe atá beartaithe nó atá le cur chun feidhme nuair atá an leibhéal éigeandála ann, lena n-áirítear, i gcás gach birt:

(i) 

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii) 

measúnú ar an ngá atá le beart den chineál sin chun dul i ngleic le géarchéim, lena n-áirítear an méid úsáide a bhainfear as;

(iii) 

tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an nós imeachta leis an mbeart a chur chun feidhme (e.g. cad é a dhéanfadh an beart seo a thionscain, cé a dhéanfadh an cinneadh);

(iv) 

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú mar chomhlánú ar bhearta margadhbhunaithe;

(v) 

déan éifeachtaí eile an bhirt a mheasúnú;

(vi) 

léirigh go gcomhlíonann an beart na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11(6);

(vii) 

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(d) 

tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha.

3.    Bearta sonracha maidir le leictreachas agus téamh ceantair

(a) 

téamh ceantair

(i) 

tabhair go hachomair an tionchar is dealraitheach a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis in earnáil an téimh ceantair;

(ii) 

tabhair na bearta agus na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun an tionchar a mhaolú a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar théamh cheantair. De rogha air sin, mínigh cén fáth nach iomchuí bearta ar leith a ghlacadh;

(b) 

soláthar leictreachais arna ghiniúint ó ghás

(i) 

tabhair go hachomair an tionchar is dealraitheach a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis in earnáil an leictreachais;

(ii) 

tabhair na bearta agus na gníomhaíochtaí atá le déanamh chun an tionchar mhaolú a bheadh ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar earnáil an leictreachais a mhaolú. De rogha air sin, mínigh cén fáth nach iomchuí bearta ar leith a ghlacadh;

(iii) 

tabhair na sásraí/na forálacha atá ann cheana chun comhordú iomchuí a áirithiú, lena n-áirítear malartú faisnéise, idir na príomhghníomhaithe in earnálacha an gháis agus an leictreachais, go háirithe oibreoirí córais tarchurtha nuair atá leibhéil éagsúla géarchéime ann.

4.    Bainisteoir géarchéime nó foireann ghéarchéime

Sonraítear cé hé an bainisteoir géarchéime agus sainítear a ról.

5.    Róil agus freagrachtaí gníomhaithe éagsúla

(a) 

i gcás gach leibhéil géarchéime, sainigh na róil agus na freagrachtaí, lena n-áirítear idirghníomhaíochtaí leis na húdaráis inniúla agus, nuair is iomchuí, leis an údarás rialála náisiúnta, atá ag:

(i) 

gnóthais gáis nádúrtha;

(ii) 

custaiméirí tionsclaíocha;

(iii) 

táirgeoirí leictreachais ábhartha;

(b) 

i gcás gach leibhéil géarchéime, sainigh róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí ar tarmligeadh na cúraimí chucu.

6.    Bearta maidir le tomhaltas míchuí ag custaiméirí nach custaiméirí atá faoi chosaint iad

Tabhair tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm chun cosc a chur le custaiméirí nach custaiméirí atá faoi chosaint iad an soláthar gáis atá beartaithe do chustaiméirí atá faoi chosaint a thomhailt le linn éigeandála, a mhéid is féidir agus gan oibriú sábháilte agus iontaofa an chórais gáis a chur i mbaol nó staideanna neamhshábháilte a chruthú. Sonraigh an cineál birt atá ann (beart riaracháin, teicniúil, etc.), na príomhghníomhaithe agus na nósanna imeachta a thiocfaidh ina dhiaidh.

7.    Tástálacha éigeandála

(a) 

tabhair an t-amchlár le haghaidh ionsamhlúcháin freagartha fíor-ama na staideanna éigeandála;

(b) 

tabhair na gníomhaithe a bhí páirteach ann, na nósanna imeachta a ionsamhlaíodh agus na cásanna eiseamláireacha mórthionchair agus meántionchair a ionsamhlaíodh.

Do na nuashonruithe ar an bplean éigeandála: tabhair tuairisc ghairid ar na tástálacha a rinneadh ón uair a cuireadh an plean éigeandála deireanach isteach, agus príomhthorthaí na dtástálacha sin. Sonraigh na bearta a glacadh mar thoradh ar na tástálacha sin.

8.    Gné Réigiúnach

8.1.   Bearta atá le glacadh de réir an leibhéil éigeandála:

8.1.1.   Luathrabhadh

Tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i) 

tabhair tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii) 

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;

(iii) 

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic le tionchar aon teagmhais nó leis an ullmhúchán roimh an teagmhas;

(iv) 

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann.

8.1.2.   Leibhéal Foláirimh

(a) 

tabhair tuairisc ar na bearta atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i) 

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii) 

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint, más infheidhme;

(iii) 

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun dul i ngleic le tionchar aon teagmhais nó leis an ullmhúchán roimh an teagmhas;

(iv) 

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(b) 

tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha nuair atá an leibhéal foláirimh ann.

8.1.3.   Leibhéal Éigeandála

(a) 

leag síos liosta gníomhaíochtaí réamhshainithe ó thaobh soláthair agus éilimh de chun gás a chur ar fáil i gcás éigeandála, lena n-áirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí;

(b) 

tabhair tuairisc ar na bearta margadhbhunaithe atá le cur i bhfeidhm ag an gcéim seo agus déan an méid seo a leanas, i gcás gach birt:

(i) 

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii) 

tabhair tuairisc ar an nós imeachta atá le leanúint;

(iii) 

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú;

(iv) 

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(c) 

tabhair tuairisc ar na bearta nach bhfuil margadhbhunaithe atá beartaithe nó atá le cur chun feidhme nuair atá an leibhéal éigeandála ann, lena n-áirítear, i gcás gach birt:

(i) 

tuairisc ghairid ar an mbeart agus ar na príomhghníomhaithe lena mbaineann;

(ii) 

measúnú ar an ngá atá le beart den chineál sin chun dul i ngleic le géarchéim, lena n-áirítear an méid úsáide a bhainfear as;

(iii) 

tabhair tuairisc mhionsonraithe ar an nós imeachta leis an mbeart a chur chun feidhme (e.g. cad é a dhéanfadh an beart a thionscain, cé a dhéanfadh an cinneadh);

(iv) 

luaigh a mhéid a mheastar a chuideodh an beart seo chun an staid ar leibhéal éigeandála a mhaolú mar chomhlánú ar bhearta margadhbhunaithe;

(v) 

déan éifeachtaí eile an bhirt a mheasúnú;

(vi) 

léirigh go gcomhlíonann an beart na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11(6);

(vii) 

tabhair tuairisc ar na sreafaí faisnéise idir na gníomhaithe lena mbaineann;

(d) 

tabhair tuairisc ar na hoibleagáidí tuairiscithe arna bhforchur ar ghnóthais gáis nádúrtha.

8.2.   Sásraí comhair

(a) 

tabhair tuairisc ar na sásraí atá i bhfeidhm le haghaidh comhar i ngach ceann de na grúpaí riosca ábhartha agus chun comhordú iomchuí a áirithiú i gcás gach leibhéil géarchéime. Más ann do nósanna imeachta cinnteoireachta atá ceaptha gníomhú iomchuí ar leibhéal réigiúnach a áirithiú i gcás gach leibhéil géarchéime, ach nár cumhdaíodh i bpointe 2 iad, tabhair tuairisc orthu;

(b) 

tabhair tuairisc ar na sásraí atá i bhfeidhm chun dul i gcomhar le Ballstáit eile lasmuigh den ghrúpa riosca agus chun gníomhaíochtaí a chomhordú i gcás gach leibhéil géarchéime.

8.3.   Dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát

(a) 

tabhair tuairisc ar na socruithe a comhaontaíodh idir na Ballstáit atá nasctha go díreach chun a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm prionsabal na dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 13;

(b) 

más infheidhme, tabhair tuairisc ar na socruithe a comhaontaíodh idir na Ballstáit atá nasctha le chéile trí thríú tír chun a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm prionsabal na dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 13.

IARSCRÍBHINN VIII




IARSCRÍBHINN VIII

Liosta de bhearta nach bhfuil margadhbhunaithe i dtaca le slándáil an tsoláthair gáis

Le linn don údarás inniúil an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála a fhorbairt, ní dhéanfaidh sé an méid a chuirfeadh an liosta táscach agus neamhchuimsitheach seo a leanas de bhearta leis na pleananna sin a bhreithniú ach amháin i gcás éigeandála:

(a) 

bearta atá dírithe ar an soláthar:

— 
úsáid stórála straitéisí gáis,
— 
úsáid éigeantach stoc breoslaí malartacha (e.g. i gcomhréir le Treoir 2009/119/CE ón gComhairle ( 25 )),
— 
úsáid éigeantach leictreachais a ghintear ó fhoinsí cé is moite de ghás,
— 
méadú éigeantach ar na leibhéil táirgthe gáis,
— 
aistarraingt éigeantach stórála;
(b) 

bearta atá dírithe ar an éileamh:

— 
céimeanna éagsúla de laghdú éigeantach ar an éileamh lena n-áirítear:
— 
malartú éigeantach breosla,
— 
úsáid éigeantach conarthaí in-idirbhriste, i gcás nach bhfuil siad go hiomlán in úsáid mar chuid de bhearta margadhbhunaithe,
— 
sceitheadh éigeantach ualaigh dhocht.
IARSCRÍBHINN IX




IARSCRÍBHINN IX

Tábla comhghaoil



Rialachán (AE) Uimh. 994/2010

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 8

Airteagal 6

Airteagal 9

Airteagal 7

Airteagal 4

Airteagal 8

Airteagal 5

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

—

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 12

Airteagal 4

—

Airteagal 15

—

Airteagal 16

Airteagal 14

Airteagal 17

—

Airteagal 18

—

Airteagal 19

Airteagal 16

Airteagal 20

Airteagal 15

Airteagal 21

Airteagal 17

Airteagal 22

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Airteagal 7

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn I

—

Iarscríbhinn IV

—

Iarscríbhinn V

—

Iarscríbhinn VI

—

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn II

—

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn VIII

—

Iarscríbhinn IX

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas