|
+Airteagal 9 7. |
Airteagal 9 7.Cuimseofar an méid seo a leanas ar a laghad i measúnú tionchair de bhun mhír 6:
(a)
an tionchar féideartha ar fhorbairt an mhargaidh náisiúnta gáis agus ar an iomaíocht ar an leibhéal náisiúnta;
(b)
an tionchar féideartha ar an margadh inmheánach gáis;
(c)
an tionchar féideartha ar shlándáil sholáthar gáis na mBallstát comharsanachta, go háirithe i gcás na mbeart sin a d'fhéadfadh an leachtacht sna margaí réigiúnacha a laghdú nó bac a chur ar shreafaí i dtreo na mBallstát comharsanachta;
(d)
na costais agus na sochair, a dhéantar a mheasúnú i gcomparáid le bearta margadhbhunaithe malartacha;
(e)
measúnú ar riachtanas agus ar chomhréireacht i gcomparáid le bearta margadhbhunaithe féideartha;
(f)
tuiscint ar an amhlaidh an ndéanann an beart comhdheiseanna a áirithiú do gach rannpháirtí sa mhargadh;
(g)
straitéis i gcomhair céimniú amach, an t-achar ama chun an beart atá beartaithe a dhéanamh agus amscála iomchuí le haghaidh athbhreithniú. Is é an t-údarás rialála náisiúnta a dhéanfaidh an anailís dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b). Déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú tionchair a chur ar fáil don phobal agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|