Airteagal 55
Struchtúir úinéireachta lena mbaineann socruithe dlíthiúla nó eintitis dhlítheanacha chomhchosúla
I gcás ina bhfuil úinéireacht ag eintitis dhlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 57, nó ag socruithe dlíthiúla, san eintiteas corparáideach, bíodh sin ar bhonn aonair nó go carnach, nó i gcás ina rialaíonn siad an t-eintiteas corparáideach, go díreach nó go hindíreach, trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile, is iad na húinéirí tairbhiúla na daoine nádúrtha a bheidh ina n-úinéirí tairbhiúla ar na heintitis dhlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 57 nó ar na socruithe dlíthiúla.