1. Féadfaidh sealbhóir sonraí bearta cosanta teicniúla iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear conarthaí cliste agus criptiú, chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí a chosc, lena n-áirítear meiteashonraí, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 4, 5, 6, 8 agus 9, chomh maith leis na téarmaí conarthacha arna gcomhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil. Ní dhéanfaidh na bearta cosanta teicniúla sin idirdhealú idir faighteoirí sonraí ná ní chuirfidh siad bac ar cheart an úsáideora cóip, aisghabháil, úsáid nó rochtain a fháil ar shonraí, sonraí a sholáthar do thríú páirtithe de bhun Airteagal 5 ná aon cheart de chuid tríú páirtí faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní dhéanfaidh úsáideoirí, tríú páirtithe ná faighteoirí sonraí bearta cosanta teicniúla den sórt sin a athrú ná a bhaint ach amháin má chomhaontaíonn an sealbhóir sonraí leis sin.