+Airteagal 25 Gealltanais
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.

Airteagal 25 Gealltanais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Más rud é, le linn na n-imeachtaí faoi Airteagal 18, go dtabharfaidh an geatóir lena mbaineann gealltanais i dtaca leis na croísheirbhísí ardáin ábhartha chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar na cinntí sin ceangailteach ar an ngeatóir sin agus lena ndearbhófar nach bhfuil aon fhorais eile ann le gníomhaíocht. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
Airteagal 25 2.

Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh a fháil nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí ábhartha a athoscailt le cinneadh, i gcás:

(a) 

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu;

(b) 

ina ngníomhaíonn an geatóir lena mbaineann contrártha dá ghealltanais;

(c) 

ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair na páirtithe;

(d) 

nach bhfuil na gealltanais éifeachtach.

Airteagal 25 3.
Má mheasann an Coimisiún nach bhféadfar comhlíonadh éifeachtach na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 7, a áirithiú leis na gealltanais a chuir an geatóir lena mbaineann isteach, míneoidh sé na cúiseanna gan na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach sa chinneadh ina dtugtar na himeachtaí ábhartha i gcrích.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas