+Airteagal 6 Trédhearcacht chomhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
|
Airteagal 6 Trédhearcacht chomhtháthú na rioscaí inbhuanaitheachta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Áireoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais tuairisc ar na nithe seo a leanas i nochtaí réamhchonartha:
(a)
an chaoi a gcomhtháthaítear rioscaí inbhuanaitheachta ina gcinntí infheistíochta; agus
(b)
torthaí an mheasúnaithe ar thionchair dhóchúla na rioscaí inbhuanaitheachta ar fháltais na dtáirgí airgeadais a chuireann siad ar fáil.
I gcás ina measfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nach bhfuil na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha, áireoidh na tuairiscí dá dtagraítear sa chéad fhomhír míniú soiléir gonta ar an bhfáth leis an méid sin.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Áireoidh comhairleoirí airgeadais tuairiscí ar na nithe seo a leanas i nochtaí réamhchonarthacha:
(a)
an chaoi a gcomhtháthaítear rioscaí inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó árachais; agus
(b)
toradh an mheasúnaithe ar thionchair dhóchúla na rioscaí inbhuanaitheachta ar fháltais na dtáirgí airgeadais a dtugann siad comhairle ina leith.
I gcás ina measfaidh comhairleoirí airgeadais nach bhfuil na rioscaí inbhuanaitheachta ábhartha, áireoidh na tuairiscí dá dtagraítear sa chéad fhomhír míniú soiléir gonta ar an bhfáth leis an méid sin.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a nochtadh mar seo a leanas:
(a)
i gcás BCIManna, sna nochtaí d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir 2011/61/AE;
(b)
i gcás gnóthais árachais, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 185(2) de Threoir 2009/138/CE nó, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/97;
(c)
i gcás IORPanna, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/2341;
(d)
i gcás bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;
(e)
i gcás bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;
(f)
i gcás déantóirí táirgí pinsin, i scríbhinn in am trátha sula mbíonn infheisteoir miondíola faoi cheangal ag conradh a bhaineann le táirge pinsin;
(g)
i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUI, sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE;
(h)
i gcás gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne nó a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Threoir 2014/65/AE;
(i)
i gcás institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne nó a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Threoir 2014/65/AE;
(j)
i gcás idirghabhálaithe árachais agus gnóthais árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le IBIPanna agus i gcás idirghabhálaithe árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le táirgí pinsin atá nochta do luaineachtaí sa mhargadh, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/97;
(k)
i gcás BCIManna de chuid ELTIFanna, sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2015/760;
(l)
i gcás soláthraithe TPPUnna, sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2019/1238.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|