|
+Airteagal 6 3. |
Airteagal 6 3.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a nochtadh mar seo a leanas:
(a)
i gcás BCIManna, sna nochtaí d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir 2011/61/AE;
(b)
i gcás gnóthais árachais, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 185(2) de Threoir 2009/138/CE nó, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/97;
(c)
i gcás IORPanna, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/2341;
(d)
i gcás bainisteoirí um chistí caipitil fiontair cáilitheacha, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;
(e)
i gcás bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, i soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;
(f)
i gcás déantóirí táirgí pinsin, i scríbhinn in am trátha sula mbíonn infheisteoir miondíola faoi cheangal ag conradh a bhaineann le táirge pinsin;
(g)
i gcás cuideachtaí bainistíochta GCUI, sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 69 de Threoir 2009/65/CE;
(h)
i gcás gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne nó a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Threoir 2014/65/AE;
(i)
i gcás institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne nó a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 24(4) de Threoir 2014/65/AE;
(j)
i gcás idirghabhálaithe árachais agus gnóthais árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le IBIPanna agus i gcás idirghabhálaithe árachais a chuireann comhairle árachais ar fáil maidir le táirgí pinsin atá nochta do luaineachtaí sa mhargadh, i gcomhréir le hAirteagal 29(1) de Threoir (AE) 2016/97;
(k)
i gcás BCIManna de chuid ELTIFanna, sa réamheolaire dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2015/760;
(l)
i gcás soláthraithe TPPUnna, sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí TPPU dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2019/1238. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|