+Airteagal 13 Cumarsáid mhargaíochta
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.

Airteagal 13 Cumarsáid mhargaíochta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Gan dochar do reachtaíocht earnála níos righne, go háirithe Treoracha 2009/65/CE, 2014/65/AE agus (AE) 2016/97 agus Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, áiritheoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais nach mbréagnaíonn a gcumarsáid mhargaíochta an fhaisnéis a nochtar de bhun an Rialacháin seo.
Airteagal 13 2.
Féadfaidh na ÚMEnna, trí mheán an Chomhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú chun cur i láthair caighdeánach na faisnéise ar chur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chinneadh.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 13 3.
I gcás ina n-eisíonn agus ina nochtann rannpháirtí sa mhargadh airgeadais nó comhairleoir airgeadais rátáil ESG, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2024/3005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), do thríú páirtithe mar chuid dá chumarsáid mhargaíochta, áireoidh sé ar a shuíomh gréasáin an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear le pointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin agus nochtfaidh sé sa chumarsáid mhargaíochta sin nasc chuig na nochtaí suímh gréasáin sin.

Forbróidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a shonrú, agus an fhaisnéis a nochtadh cheana de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo á cur san áireamh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír faoi bhráid an Choimisiúin.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas