+Airteagal 79 Tarscaoileadh sealadach ó asbhaint ó chistí dílse agus ó dhliteanais incháilithe
---+Airteagal 79 1.
---+Airteagal 79 2.
|
Airteagal 79 Tarscaoileadh sealadach ó asbhaint ó chistí dílse agus ó dhliteanais incháilithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 79 1.
|
I gcás ina sealbhaíonn institiúid ionstraimí caipitil nó dliteanais a cháilíonn mar ionstraimí cistí dílse in eintiteas earnála airgeadais nó mar dhliteanais incháilithe in institiúid agus ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil na sealúchais sin ann chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun inmharthanacht an eintitis nó na hinstitiúide sin a atheagrú agus a athshlánú, féadfaidh an t-údarás inniúil na forálacha maidir le hasbhaint a mbeadh feidhm aici ar shlí eile maidir leis na hionstraimí sin a tharscaoileadh ar bhonn sealadach.
|
|
Airteagal 79 2.
|
Forbróidh an ÚBE dréacht-chaighdeáin theicniúla rialála chun an coincheap “sealadach” a shonrú chun críocha mhír 1 agus chun na coinníollacha a shonrú ar dá réir a measann údarás inniúil gur chun críocha oibríochta cúnaimh airgeadais a ceapadh chun eintiteas ábhartha a atheagrú agus a shábháil iad na sealúchais shealadacha sin dá dtagraítear. Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|