+Airteagal 80 Athbhreithniú leantach ar cháilíocht cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe
---+Airteagal 80 1.
---+Airteagal 80 2.
---+Airteagal 80 3.
---+Airteagal 80 4.
|
Airteagal 80 Athbhreithniú leantach ar cháilíocht cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 80 1.
|
Déanfaidh ÚBE monatóireacht ar chaighdeán na n-ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún láithreach i gcás ina bhfuil fianaise shuntasach ann nach gcomhlíonann na hionstraimí sin na critéir incháilitheachta lena mbaineann a leagtar amach sa Rialachán seo. Ar iarratas ó ÚBE agus gan aon mhoill, cuirfidh údaráis inniúla gach faisnéis ar aghaidh chuig ÚBE a mheasann ÚBE a bhaineann le hábhar i ndáil le hionstraimí nua caipitil nó cineálacha nua dliteanas a eisíodh chun é a chur ar chumas ÚBE faireachán a dhéanamh ar cháilíocht ionstraimí cistí dílse agus dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag institiúidí ar fud an Aontais.
|
|
Airteagal 80 2.
|
Beidh an méid seo a leanas ar áireamh san fhógra:
(a)
míniú mionsonraithe ar chineál agus ar mhéid an easnaimh atá aitheanta;
(b)
comhairle theicniúil maidir leis an mbeart de chuid an Choimisiúin a mheasann an ÚBE a bheith riachtanach.
(c)
forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.
|
|
Airteagal 80 3.
|
Tabharfaidh ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún maidir le haon athruithe suntasacha a mheasann sé a theastaíonn don sainmhíniú ar chistí dílse mar thoradh ar aon cheann díobh seo a leanas:
▼B
(a)
forbairtí ábhartha i gcaighdeáin nó i gcleachtais an mhargaidh;
(b)
athruithe i gcaighdeáin ábhartha dlí nó cuntasaíochta;
(c)
forbairtí móra sa mhodheolaíocht a úsáideann an ÚBE chun tástáil struis a dhéanamh ar shócmhainneacht institiúidí.
|
|
Airteagal 80 4.
|
Tabharfaidh an ÚBE comhairle theicniúil don Choimisiún faoin 1 Eanáir 2014 ar bhealaí ina bhféadfaí gnóthachain neamhréadaithe ag a luach cóir a láimhseáil seachas iad a áireamh gan choigeartú faoi Ghnáthchothromas Leibhéal 1. Tabharfar aird i moltaí den sórt sin ar fhorbairtí ábhartha i gcaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le caighdeáin stuamachta i gcomhair na mbanc.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|