+Airteagal 92b Ceanglais ar G-SIInna neamh-AE maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
---+Airteagal 92b 1.
---+Airteagal 92b 2.
---+Airteagal 92b 3.

Airteagal 92b Ceanglais ar G-SIInna neamh-AE maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 92b 1.
Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí ábhartha iad de G-SIInna neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad ceanglais i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe ar comhionann iad agus 90 % de na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos in Airteagal 92a.
Airteagal 92b 2.
Ar mhaithe le mír 1 a chomhlíonadh, ní chuirfear ionstraimí breise Leibhéal 1, Leibhéal 2 agus ionstraimí dliteanas incháilithe san áireamh ach i gcás gur le máthairghnóthas deiridh G-SII neamh-AE iad agus gur eisíodh iad, go díreach nó go hindíreach, trí eintitis eile sa ghrúpa céanna, ar choinníoll go bhfuil na heintitis sin go léir bunaithe sa tríú tír céanna is atá an máthairghnóthas deiridh nó i mBallstát.
Airteagal 92b 3.

Ní chuirfear aon ionstraim dliteanas incháilithe san áireamh chun mír 1 a chomhlíonadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh sí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta mar a shainmhínítear i bpointe (47) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE, beidh an t-éileamh a eascróidh ón dliteanas rangaithe faoi bhun na n-éileamh a thiocfaidh as dliteanais nach gcomhlíonfaidh na coinníollach a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nach bhfuil incháilithe mar ionstraimí cistí dílse;

(b) 

tá sí faoi réir na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 59 go hAirteagal 61 de Threoir 2014/59/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas