+Airteagal 141 Ítimí airgeadra intíre agus eachtraigh
---+Airteagal 141 1.
---+Airteagal 141 2.

Airteagal 141 Ítimí airgeadra intíre agus eachtraigh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 141 1.
Ní úsáidfear measúnú creidmheasa a thagraíonn d’ítim atá ainmnithe in airgeadra intíre an oibleagáideora chun ualú riosca a dhíorthú do neamhchosaint maidir leis an oibleagáideoir céanna sin atá ainmnithe in airgeadra eachtrach.
Airteagal 141 2.
De mhaolú ar mhír 1, i gcás ina dtagann neamhchosaint chun cinn trí rannpháirtíocht institiúide in iasacht arna síneadh ag, nó arna ráthú in aghaidh in-chomhshóiteachta agus aistriú riosca ag, banc forbartha iltaobhach a liostaítear in Airteagal 117(2) a n-aithnítear a stádas mar chreidiúnaí tosaíochta sa mhargadh, féadfar an measúnú creidmheasa ar ítim airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid ar mhaithe le hualú riosca a dhéanamh le haghaidh neamhchosaint ar an oibleagáideoir céanna sin atá ainmnithe in airgeadra eachtrach.

Chun críocha na chéad fhomhíre, i gcás ina bhfuil an neamhchosaint atá ainmnithe in airgeadra eachtrach ráthaithe in aghaidh in-chomhshóiteachta agus aistriú riosca, ní fhéadfar an measúnú creidmheasa ar ítim airgeadra intíre an oibleagáideora a úsáid ach chun críoch ualaithe riosca ar an gcuid ráthaithe den neamhchosaint sin. Déanfar an chuid den neamhchosaint nach bhfuil ráthaithe a ualú ó thaobh riosca bunaithe ar mheasúnú creidmheasa ar an oibleagáideoir ina dtagraítear d’ítim atá ainmnithe san airgeadra eachtrach sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas