+Airteagal 207 Ceanglais maidir le comhthaobhacht airgeadais
---+Airteagal 207 1.
---+Airteagal 207 2.
---+Airteagal 207 3.
---+Airteagal 207 4.
---+Airteagal 207 5.
|
Airteagal 207 Ceanglais maidir le comhthaobhacht airgeadais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 207 1.
|
Faoi na cineálacha cur chuige agus modhanna uile, cáileoidh comhthaobhacht airgeadais agus óir mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais uile a leagtar síos i míreanna 2 go 4.
|
|
Airteagal 207 2.
|
Ní bheidh comhghaol deimhneach ábhartha idir cáilíocht chreidmheasa an oibleagáideora agus luach na comhthaobhachta. I gcás ina dtiocfaidh laghdú suntasach ar luach na comhthaobhachta, ní mar thoradh air sin amháin a thiocfadh meathlú suntasach ar chaighdeán creidmheasa an oibleagáideora. I gcás ina n-éireoidh caighdeán creidmheasa an oibleagáideora criticiúil, ní mar thoradh air sin amháin a thiocfadh laghdú suntasach ar luach na comhthaobhachta. Ní cháileofar urrúis arna n-eisiúint ag an oibleagáideoir, ná ag aon eintiteas grúpa gaolmhar, mar chomhthaobhacht incháilithe. D'ainneoin sin, cáilítear eisiúintí an oibleagáideora féin de bhannaí faoi chumhdach a thagann faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 129 mar chomhthaobhacht incháilithe nuair a bhreactar iad mar chomhthaobhacht le haghaidh idirbhirt athcheannaigh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad an coinníoll a leagtar amach sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 207 3.
|
Comhlíonfaidh institiúidí aon cheanglais chonarthacha nó reachtúla i ndáil le hin-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta faoin dlí is infheidhme maidir lena leas sa chomhthaobhacht, agus déanfaidh siad na bearta is gá d'fhonn é sin a áirithiú. Beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúidí lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta i ngach dlínse iomchuí. Déanfaidh siad athbhreithnithe den chineál sin arís de réir mar is gá d'fhonn in-fhorfheidhmitheacht leanúnach a áirithiú.
|
|
Airteagal 207 4.
|
Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais oibriúcháin uile a leanas:
(a)
déanfaidh siad na socruithe comhthaobhachta a dhoiciméadú mar is cuí agus beidh nósanna imeachta soiléire agus stóinsithe i bhfeidhm acu le haghaidh leachtú tráthúil na comhthaobhachta;
(b)
úsáidfidh siad nósanna imeachta agus próisis stóinsithe chun rialú a dhéanamh ar priacail a thagann as úsáid comhthaobhachta, lena n-áirítear priacail cosanta creidmheasa teipthe nó laghdaithe, priacail measúnaithe, priacail a bhaineann le foirceannadh na cosanta creidmheasa,
►C9
riosca ◄ comhchruinnithe a thagann as úsáid comhthaobhachta agus as an idirghníomhaíocht le próifíl
►C9
riosca ◄ fhoriomlán na hinstitiúide;
(c)
beidh beartais agus próisis dhoiciméadaithe i bhfeidhm acu a bhaineann le cineálacha agus méideanna na comhthaobhachta a nglactar leo;
▼M17
(d)
ríomhfaidh siad margadhluach na comhthaobhachta, agus déanfaidh siad é a athluacháil dá réir sin, uair amháin gach 6 mhí ar a laghad agus aon am a bheidh cúis acu le creidiúint go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar mhargadhluach na comhthaobhachta; le breithnithe a bhaineann le CSR, spreagfar measúnú ar cé acu ar tharla nó nár tharla laghdú suntasach ar mhargadhluach na comhthaobhachta;
▼B
(e)
i gcás in bhfuil an chomhthaobhacht i seilbh tríú páirtí, déanfaidh siad bearta réasúnta lena áirithiú go leithscarfaidh an tríú páirtí an chomhthaobhacht óna sócmhainní féin;
(f)
áiritheoidh siad go ndíreoidh siad acmhainní leordhóthanacha ar fheidhmiú ordúil na gcomhaontuithe corrlaigh le díorthaigh thar an gcuntar agus contrapháirtithe um maoiniú urrús, mar a thomhaistear é le tráthúlacht agus beachtas a nglaonna corrlaigh amach agus leis an aga freagartha ar ghlaonna corrlaigh isteach;
(g)
beidh beartais bhainistíochta i leith comhthaobhachta i bhfeidhm acu d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an méid seo a leanas agus chun é a rialú agus a thuairisciú:
(i)
na priacail ar a mbíonn siad
►C9
neamhchosanta ◄ de thoradh na gcomhaontuithe corrlaigh;
(ii)
an
►C9
riosca ◄ comhchruinnithe do chineálacha éagsúla de shócmhainní comhthaobhachta;
(iii)
athúsáid na comhthaobhachta lena n-áirítear na heasnaimh leachtachta a d'fhéadfadh tarlú mar thoradh ar athúsáid na comhthaobhachta a fhaightear ó chontrapháirtithe;
(iv)
géilleadh na gceart maidir le comhthaobhacht breactha go dtí contrapháirtithe.
|
|
Airteagal 207 5.
|
Chomh maith leis na ceanglais uile a leagtar amach i mír 2 go mír 4 a chomhlíonadh, chun go gcáileofar comhthaobhacht airgeadais mar chomhthaobhacht incháilithe faoin Modh Simplí Comhthabhach Airgeadais beidh aibíocht iarmhair na cosanta ar a laghad chomh fada le haibíocht iarmhair na
►C9
neamhchosanta ◄ .
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|