+Airteagal 270d Measúnuithe creidmheasa a úsáid
---+Airteagal 270d 1.
---+Airteagal 270d 2.
---+Airteagal 270d 3.
---+Airteagal 270d 4.

Airteagal 270d Measúnuithe creidmheasa a úsáid

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 270d 1.
Féadfaidh institiúid a chinneadh IMCS amháin nó níos mó a ainmniú, agus úsáidfear measúnuithe creidmheasa ón institiúid/ó na hinstitiúidí sin chun an chuid sin dá méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoin gCaibidil seo (“IMCS ainmnithe”).
Airteagal 270d 2.

Bainfidh institiúid úsáid as measúnuithe creidmheasa ar a suíomhanna urrúsúcháin go comhsheasmhach agus ní go roghnach agus, chun na gcríoch sin, comhlíonfaidh an institiúid na ceanglais seo a leanas:

(a) 

ní úsáidfidh institiúid measúnuithe creidmheasa IMCS dá suíomhanna i dtráinsí áirithe agus measúnuithe creidmheasa de chuid IMCS eile dá suíomhanna i dtráinsí eile laistigh den urrúsú céanna a d’fhéadfadh a bheith nó gan bheith rátáilte ag an gcéad IMCS;

(b) 

i gcás ina bhfuil dhá mheasúnú creidmheasa ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfidh an institiúid úsáid as an measúnú creidmheasa is lú fabhar;

(c) 

i gcás ina bhfuil trí mheasúnú creidmheasa nó níos mó ó IMCSanna ainmnithe ann maidir le suíomh, bainfear úsáid as an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí. I gcás ina bhfuil an dá mheasúnú creidmheasa is fabhraí éagsúil le chéile, bainfear úsáid as an measúnú is lú fabhar;

(d) 

ní iarrfaidh institiúid go ndéanfar rátálacha is lú fabhar a tharraingt siar.

Airteagal 270d 3.
I gcás ina mbaineann na risíochtaí a fholuíonn urrús leas as cosaint chreidmheasa incháilithe iomlán nó i bpáirt i gcomhréir le Caibidil 4 agus gur léirigh IMCS ainmnithe an tionchar atá ag an gcosaint sin sa mheasúnú creidmheasa ar shuíomh urrúsúcháin, úsáidfidh an institiúid an t-ualú priacail a bhaineann leis an measúnú creidmheasa sin. I gcás nach bhfuil an chosaint chreidmheasa dá dtagraítear sa mhír seo incháilithe faoi Chaibidil 4, ní aithneofar an measúnú creidmheasa agus láimhseálfar an suíomh urrúsúcháin mar shuíomh gan rátáil.
Airteagal 270d 4.
I gcás ina mbaineann suíomh urrúsúcháin leas as cosaint chreidmheasa incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4 agus gur léirigh IMCS ainmnithe an tionchar atá ag an gcosaint sin ina mheasúnú creidmheasa, láimhseálfaidh an institiúid an suíomh urrúsúcháin amhail is go raibh sé gan rátáil agus déanfaidh sí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le Caibidil 4.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas