+Airteagal 325bf Ceanglais cúltástála rialála agus fachtóirí iolrúcháin
---+Airteagal 325bf 1.
---+Airteagal 325bf 2.
---+Airteagal 325bf 3.
---+Airteagal 325bf 4.
---+Airteagal 325bf 5.
---+Airteagal 325bf 6.
---+Airteagal 325bf 7.
---+Airteagal 325bf 8.
---+Airteagal 325bf 9.
---+Airteagal 325bf 10.

Airteagal 325bf Ceanglais cúltástála rialála agus fachtóirí iolrúcháin

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325bf 1.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “róluaineacht” athrú aon lae ar luach punainne atá comhdhéanta de na suíomhanna go léir a sannadh don deasc trádála ar athrú luacha é a sháraíonn an luach faoi phriacal gaolmhar a ríomhtar ar bhonn shamhail inmheánach mhalartach na hinstitiúide i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(a) 

beidh ríomh an luacha faoi phriacal faoi réir tréimhse shealbhaíochta dar fad lá amháin;

(b) 

beidh feidhm ag cásanna suaití amach anseo maidir le fachtóirí ►C12  riosca ◄ shuíomhanna na ndeasca trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bg(3) agus measfar iad a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 325be;

(c) 

ionchuir sonraí a úsáidtear chun na cásanna suaite amach anseo a chinneadh arna gcur i bhfeidhm ar na fachtóirí ►C12  riosca ◄ insamhaltaithe, calabrófar iad leis na sonraí stairiúla dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 325bc(4);

(d) 

mura luafar a mhalairt san Airteagal seo, bunófar samhail inmheánach mhalartach na hinstitiúide ar na toimhdí samhaltaithe céanna a úsáidtear chun an tomhas ►C12  riosca ◄ easnaimh ionchasaigh a ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 325ba(1).

Airteagal 325bf 2.
Comhairfidh institiúidí róluaineachtaí laethúla ar bhonn cúltástáil ar na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach na punainne atá comhdhéanta de na suíomhanna go léir a sannadh don deasc trádála.
Airteagal 325bf 3.

Measfar go mbeidh na ceanglais chúltástála comhlíonta ag deasc trádála institiúide i gcás nach sárófar, le líon na róluaineachtaí don deasc trádála sin a tharla in imeacht an 250 lá gnó is déanaí, aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

12 róluaineacht don uimhir luacha faoi phriacal, arna ríomh ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl ar bhonn cúltástáil ar na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne;

(b) 

12 róluaineacht don uimhir luacha faoi phriacal, arna ríomh ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl ar bhonn cúltástáil ar na hathruithe iarbhír ar luach na punainne;

(c) 

30 róluaineacht don uimhir luacha faoi phriacal, arna ríomh ar eatramh muiníne aonfhoircneach 97,5ú peircintíl ar bhonn cúltástáil ar na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne;

(d) 

30 róluaineacht don uimhir luacha faoi phriacal, arna ríomh ar eatramh muiníne aonfhoircneach 97,5ú peircintíl ar bhonn cúltástáil ar na hathruithe iarbhír ar luach na punainne.

Airteagal 325bf 4.

Comhairfidh institiúidí róluaineachtaí aon lae i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a) 

beidh an chúltástáil ar athruithe hipitéiseacha ar luach na punainne bunaithe ar chomparáid idir luach deiridh lae na punainne agus, ag glacadh leis nach bhfuil athruithe ar shuíomhanna, luach na punainne ag deireadh an lae dár gcionn;

(b) 

beidh an chúltástáil ar athruithe iarbhír ar luach na punainne bunaithe ar chomparáid idir luach deiridh lae na punainne agus luach iarbhír na punainne ag deireadh an lae dár gcionn cé is moite de tháillí agus de choimisiúin;

(c) 

comhairfear róluaineacht le haghaidh gach lae gnó nach bhfuil an institiúid in ann luach na punainne a mheasúnú dó nó nach bhfuil sí in ann uimhir an luacha faoi phriacal dá dtagraítear i mír 3 a ríomh dó;

Airteagal 325bf 5.
Ríomhfaidh institiúid, i gcomhréir le mír 6 agus mír 7 den Airteagal seo, an fachtóir iolrúcháin (mc) dá dtagraítear in Airteagal 325ba do phunann na suíomhanna go léir a sannadh do na deasca trádála ar tugadh an cead don institiúid sin samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 325az(2) ina leith.
Airteagal 325bf 6.

►M17  Beidh an fachtóir iolrúcháin (mc) cothrom, ar a laghad, le suim 1,5 móide forlíontán arna chinneadh i gcomhréir le Tábla 3. Maidir leis an bpunann dá dtagraítear i mír 5, ríomhfar an forlíontán sin ar bhonn líon na róluaineachtaí a tharla le linn an 250 lá gnó is déanaí arna fhianú le cúltástáil na hinstitiúide ar uimhir an luacha faoi riosca a ríomhfar i gcomhréir le pointe (a) den fhomhír seo. Beidh ríomh an fhorlíontáin faoi réir na gceanglas seo a leanas: ◄

(a) 

is é an rud a bheidh i róluaineacht athrú aon lae i luach na punainne a sháraíonn uimhir ghaolmhar an luacha faoi phriacal arna ríomh le samhail inmheánach na hinstitiúide i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(i) 

tréimhse shealbhaíochta aon lae;

(ii) 

eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl;

(iii) 

beidh feidhm ag cásanna suaití amach anseo maidir le fachtóirí ►C12  riosca ◄ shuíomhanna na ndeasca trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bg(3) agus a mheastar a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 325be;

(iv) 

na hionchuir sonraí a úsáidtear chun na cásanna suaite amach anseo a chinneadh arna gcur i bhfeidhm ar na fachtóirí ►C12  riosca ◄ insamhaltaithe, calabrófar iad leis na sonraí stairiúla dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 325bc(4);

(v) 

mura luafar a mhalairt san Airteagal seo, bunófar samhail inmheánach na hinstitiúide ar na toimhdí samhaltaithe céanna a úsáidtear chun an tomhas ►C12  riosca ◄ easnaimh ionchasaigh a ríomh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 325ba(1).

(b) 

Beidh líon na róluaineachtaí cothrom leis an líon is airde de na róluaineachtaí faoi na hathruithe hipitéiseacha agus iarbhír i luach na punainne;



Tábla 3

Líon na róluaineachtaí

Forlíontán

Níos lú ná 5

0,00

5

0,20

6

0,26

7

0,33

8

0,38

9

0,42

Os cionn 9

0,50

In imthosca urghnácha, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d’institiúid ceann amháin nó an dá cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

ríomh an fhorlíontáin a theorannú don mhéid sin de atá ina thoradh ar róluaineachtaí de bhun cúltástáil ar athruithe hipitéiseacha, i gcás nach toradh ar easnaimh i samhail inmheánach mhalartach na hinstitiúide é líon na róluaineachtaí de bhun cúltástáil ar athruithe iarbhír;

(b) 

na róluaineachtaí arna bhfianú le cúltástáil athruithe hipitéiseacha nó iarbhír a eisiamh ó ríomh an fhorlíontáin, i gcás nach toradh iad na róluaineachtaí sin ar easnaimh i samhail inmheánach mhalartach na hinstitiúide.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh údaráis inniúla luach mc a mhéadú os cionn na suime dá dtagraítear san fhomhír sin, i gcás ina léirítear easnaimh i samhail inmheánach mhalartach institiúide lena gcuirtear cosc ar na ceanglais cistí dílse a bheith á dtomhas go hiomchuí le haghaidh riosca margaidh.

Airteagal 325bf 7.
Déanfaidh na húdaráis inniúla faireachán ar a iomchuí a bheidh an fachtóir iolrúcháin dá dtagraítear i mír 5 agus ar a mhéid a chomhlíonfaidh deasca trádála na ceanglais chúltástála dá dtagraítear i mír 3. Déanfaidh institiúidí, gan mhoill, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná cúig lá gnó tar éis do róluaineacht tarlú, fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi róluaineachtaí a thagann as a gclár cúltástála agus tabharfaidh siad míniú ar na luaineachtaí sin.
Airteagal 325bf 8.
De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 6, féadfaidh údaráis inniúla a cheadú d’institiúid gan róluaineacht a chur san áireamh i gcás ina bhfuil athrú aon lae i luach a punainne a sháraíonn uimhir an luacha faoi riosca a ríomhtar le samhail inmheánach na hinstitiúide agus atá inchurtha i leith fachtóir riosca nach bhfuil insamhaltaithe.
Airteagal 325bf 9.
Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na gnéithe teicniúla a shonrú a chuirfear san áireamh sna hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach punainne institiúide chun críocha an Airteagail seo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Márta 2020.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 325bf 10.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na coinníollacha agus na critéir ar i gcomhréir leo a fhéadfaidh institiúid gan róluaineacht a chur san áireamh i gcás ina bhfuil athrú aon lae i luach a punainne a sháraíonn uimhir ghaolmhar an luacha faoi riosca arna ríomh ag samhail inmheánach na hinstitiúide agus atá inchurtha i leith fachtóir riosca nach bhfuil insamhaltaithe.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas