+Airteagal 423 Eis-sreabha Breise
---+Airteagal 423 1.
---+Airteagal 423 2.
---+Airteagal 423 3.
---+Airteagal 423 4.
---+Airteagal 423 5.
---+Airteagal 423 6.
|
Airteagal 423 Eis-sreabha Breise
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 423 1.
|
Beidh comhthaobhacht seachas sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 416(1) (a), (b) agus (c), arna breacadh ag an institiúid maidir le conarthaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus díorthaigh chreidmheasa, faoi réir ag eis-sreabhadh breise 20 %
|
|
Airteagal 423 2.
|
Cuirfidh institiúid na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na conarthaí go léir a dhéantar, ar conarthaí iad a n-eascróidh eis-sreabha leachtachta nó riachtanais chomhthaobhachta bhreise as a gcoinníollacha conartha, laistigh de 30 lá i ndiaidh do mheathlúchán ábhartha teacht ar cháilíocht chreidmheasa na hinstitiúide. I gcás ina measann na húdaráis inniúla go bhfuil na conarthaí sin ábhartha maidir leis na heis-sreabha leachtachta a d'fhéadfadh a bheith ag an institiúid, cuirfidh siad ceangal ar an institiúid eis-sreabh breise a chur isteach le haghaidh na gconarthaí sin ar eis-sreabh é a chomhfhreagróidh do na riachtanais chomhthaobhachta bhreise a thiocfaidh chun cinn ó mheathlúchán ábhartha ar cháilíocht chreidmheasa na hinstitiúide amhail íosghrádú trí scór ina measúnú creidmheasa seachtrach. Déanfaidh an institiúid athbhreithniú rialta ar mhéid an mheathlúcháin ábhartha sin i bhfianaise an mhéid a bhaineann le hábhar faoi na conarthaí atá déanta aici agus tabharfaidh sí fógra maidir le toradh a athbhreithnithe do na húdaráis inniúla.
|
|
Airteagal 423 3.
|
Cuirfidh an institiúid eis-sreabh breise isteach a chomhfhreagróidh do na riachtanais chomhthaobhachta a thiocfadh chun cinn ón tionchar a bheadh ag cás díobhálach an mhargaidh maidir lena hidirbhearta díorthach más ábhartha iad. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na coinníollacha faoina bhféadfar nóisean na hábharthachta a chur i bhfeidhm agus lena sonrófar modhanna chun an eis-sreabh breise a thomhas. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2014. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 423 4.
|
Cuirfidh an institiúid eis-sreabhadh breise isteach a chomhfhreagróidh do mhargadhluach na n-urrús nó na sócmhainní eile a dhíoltar folamh agus a bheidh le seachadadh laistigh den tréimhse 30 lá murar leis an institiúid na hurrúis atá le seachadadh nó mura bhfuil siad ar iasacht aici ar théarmaí lena n-iarrtar go dtabharfaí ar ais iad tar éis na tréimhse 30 lá amháin agus nach cuid de shócmhainní leachtacha na hinstitiúide iad na hurrúis.
|
|
Airteagal 423 5.
|
Cuirfidh an institiúid eis-sreabhadh breise isteach a chomhfhreagróidh do na nithe seo a leanas:
(a)
an chomhthaobhacht iomarcach atá i seilbh na hinstitiúide ar féidir an contrapháirtí iad a ghlaoch go conarthach ag am ar bith;
(b)
comhtaobhacht a dhlítear a thabhairt ar ais don chontráphairtí;
(c)
comhthaobhacht a chomhfhreagraíonn do shócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha chun críocha Airteagal 416 ar féidir í a chur in ionad sócmhainní a chomhfhreagraíonn do shócmhainní nach gcáileodh mar shócmhainní leachtacha chun críocha Airteagal 416 gan toiliú na hinstitiúide.
|
|
Airteagal 423 6.
|
Ní áireofar go mbeidh taiscí a fhaightear mar chomhthaobhacht ina ndliteanais chun críocha Airteagal 422 ach beidh siad faoi réir fhorálacha an Airteagail seo i gcás inarb infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|