+Airteagal 424 Eis-sreafaí ó shaoráidí creidmheasa agus leachtachta
---+Airteagal 424 1.
---+Airteagal 424 2.
---+Airteagal 424 3.
---+Airteagal 424 4.
---+Airteagal 424 5.
---+Airteagal 424 6.

Airteagal 424 Eis-sreafaí ó shaoráidí creidmheasa agus leachtachta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 424 1.
Tabharfaidh institiúidí tuairisciú ar eis-sreafaí ó shaoráidí tiomanta creidmheasa agus ó shaoráidí tiomanta leachtachta, a chinnfear mar chéatadán den uasmhéid is féidir a tharraingt laistigh den 30 lá dar gcionn. Féadfar an t-uasmhéid sin is féidir a tharraingt a mheasúnú glan ar aon cheanglas leachtachta a bheadh sainordaithe faoiAirteagal 420(2) le haghaidh ítimí atá lasmuigh den chlár comhordaithe a bhaineann le creidmheas trádála agus glan ar an luach i gcomhréir le hAirteagal 418 den chomhthaobhacht a chuirfear ar fáil más féidir leis an institiúid an chomhthaobhacht a athúsáid agus má shealbhaítear an chomhthaobhacht i bhfoirm sócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416. Ní bheidh an chomhthaobhacht a chuirfear ar fáil i bhfoirm sócmhainní arna n-eisiúint ag contrapháirtí na saoráide nó ag ceann dá cuid eintiteas cleamhnaithe. Má tá an fhaisnéis is gá ar fáil don institiúid, cinnfear an t-uasmhéid is féidir a tharraingt le haghaidh saoráidí creidmheasa agus leachtachta mar an t-uasmhéid a d'fhéadfaí a tharraingt ag glacadh leis na hoibleagáidí a bheidh ar an gcontrapháirtí nó ag glacadh leis an sceideal tarraingthe conarthaí réamh-shainmhínithe agus a bheidh dlite sa 30 lá dar gcionn.
Airteagal 424 2.
Déanfar an t-uasmhéid de shaoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe is féidir a tharraingt laistigh den 30 lá dar gcionn a iolrú faoi 5 % má cháilíonn siad d'aicme na ►C9  neamhchosanta ◄ ar mhiondíol faoin gcur chuige caighdeánaithe nó faoi chur chuige IBR maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa.
Airteagal 424 3.

Déanfar an t-uasmhéid de shaoráidí tiomanta creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe is féidir a tharraingt laistigh den 30 lá dar gcionn a iolrú faoi 10 % i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ní cháilíonn siad d'aicme na ►C9  neamhchosanta ◄ ar mhiondíol faoin gcur chuige caighdeánaithe ná faoin gcur chuige IBR maidir le ►C9  riosca ◄ creidmheasa;

(b) 

cuireadh ar fáil iad do chliaint nach custaiméirí airgeadais iad;

(c) 

níor cuireadh ar fáil iad ar mhaithe le cur in ionad chistiú an chliaint i gcásanna nach bhfuil sé ar a chumas a chuid riachtanas cistithe a fháil sna margaí airgeadais.

Airteagal 424 4.
Déanfar an méid tiomanta de shaoráid leachtachta atá curtha ar fáil don SSPE chun cur ar chumas an SSPE sin sócmhainní a cheannach, seachas urrúis, ó chliaint nach custaiméirí airgeadais iad, a iolrú faoi 10 % ar an gcoinníoll go sáraíonn an méid tiomanta méid na sócmhainní atá ceannaithe cheana féin ó chliaint agus go mbeidh an t-uasmhéid is féidir a tharraingt teoranta go conarthach do mhéid na sócmhainní atá ceannaithe cheana féin.
Airteagal 424 5.

Déanfaidh na hinstitiúidí, laistigh den 30 lá dar gcionn, tuairisciú ar an uasmhéid is féidir a tharraingt de shaoráidí tiomanta eile creidmheasa agus leachtachta neamhtharraingthe. Tá feidhm aige sin go háirithe i gcás na nithe seo a leanas:

(a) 

saoráidí leachtachta arna dtabhairt ag an institiúid ar SSPEanna seachas mar a dhéantar cur síos orthu i mír 3(b);

(b) 

socruithe faoina n-éileofar ar an institiúid sócmhainní a cheannach nó a bhabhtáil ó SSPE.

(c) 

saoráidí arna síneadh chuig institiúidí creidmheasa

(d) 

saoráidí arna síneadh chuig institiúidí airgeadais agus gnólachtaí infheistíochta

Airteagal 424 6.
De mhaolú ar mhír 5, institiúidí, a bunaíodh agus atá urraithe ag rialtas láir nó réigiúnach aon Bhallstáit amháin ar a laghad, féadfaidh siad na láimhseálacha a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 a chur i bhfeidhm agus freisin ar shaoráidí creidmheasa agus leachtachta a thugtar d'institiúidí díreach ar mhaithe le hiasachtaí cur chun cinn a cháilíonn d'aicmí na ►C9  neamhchosanta ◄ dá dtagraítear sna míreanna sin a chistiú go díreach nó go hindíreach. ►C2  De mhaolú ar phointe (g) d'Airteagal 425(2), sa chás ina chuirtear síneadh leis na hiasachtaí cur chun cinn sin ◄ trí institiúid eile mar iasachtaí idirghabhála (iasachtaí idirmheánacha) féadfaidh institiúidí insreabhadh agus eis-sreabhadh siméadrach a chur i bhfeidhm. Ní bheidh na hiasachtaí cur chun cinn sin ar fáil ach amháin do dhaoine nach custaiméirí airgeadais iad ar bhonn neamhiomaíoch, gan beann ar bhrabús d'fhonn cuspóirí beartais phoiblí an Aontais agus/nó rialtas láir nó réigiúnach an Bhallstáit sin a chur chun cinn. Ní bheifear in ann tarraingt ar shaoráidí den sórt sin ach amháin i gcás éileamh a bheith déanta, a mbeifí ag súil leis go réasúnta, ar iasacht cur chun cinn agus suas go dtí méid an éilimh sin a bheidh nasctha le tuairisciú ina dhiaidh sin maidir leis an leas a bhainfear as na cistí eisíoctha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas