+Airteagal 486 Teorainneacha ar ítimí a mharthanú in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2
---+Airteagal 486 1.
---+Airteagal 486 2.
---+Airteagal 486 3.
---+Airteagal 486 4.
---+Airteagal 486 5.
---+Airteagal 486 6.

Airteagal 486 Teorainneacha ar ítimí a mharthanú in ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, de Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus de Chaipiteal Leibhéal 2

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 486 1.
I rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021, beidh teorainn leis an méid a cháileoidh na hionstraimí agus ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484 mar chistí dílse i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 486 2.

Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(3) a cháileoidh mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 teoranta don chéatadán is infheidhme de shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin:

(a) 

méid ainmniúil an chaipitil dá dtagraítear in Airteagal 484(3) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012;

(b) 

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hítimí dá dtagraítear i bpointe (a);

Airteagal 486 3.

Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a cháileoidh mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 teoranta don chéatadán is infheidhme iolraithe faoin toradh a fhaightear nuair a dhealaítear suim na méideanna a shonraítear i bpointí (c) go (f) den mhír sin ó shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin:

(a) 

méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí eisithe fós an 31 Nollaig 2012;

(b) 

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) 

méid na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí, an 31 Nollaig 2012, os cionn na dteorainneacha a shonraítear sna bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 66(1) agus Airteagal 66(1a) de Threoir 2006/48/CE;

(d) 

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (c);

(e) 

méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 ach nach gcáilíonn mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 489(4);

(f) 

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (e).

Airteagal 486 4.

Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a cháileoidh mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 teoranta don chéatadán is infheidhme den toradh a fhaightear nuair a dhealaítear suim na méideanna a shonraítear i bpointí (e) go (h) den mhír sin ó shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) go (d):

(a) 

méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe fós an 31 Nollaig 2012;

(b) 

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);

►C2  (c) 

méid ainmniúil an chaipitil ó iasacht fho-ordaithe a bhí fós eisithe an 31 Nollaig 2012, laghdaithe leis ◄ an méid a éilítear de bhun na mbeart náisiúnta trasuímh maidir le pointe (c) d'Airteagal 64(3) de Threoir 2006 /48/CE;

(d) 

méid ainmniúil na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 44(5), seachas na hionstraimí agus an caipiteal ó iasacht fho-ordaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) den mhír seo, a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012;

(e) 

méid ainmniúil na n-ionstraimí agus na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 agus a chuaigh thar na teorainneacha a shonraítear sna bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 66(1) de Threoir 2006/48/CE;

(f) 

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (e);

(g) 

méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(5) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 nach gcáilíonn mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2 de bhun Airteagal 490(4);

(h) 

na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (g).

Airteagal 486 5.

Chun críocha an Airteagail seo, tiocfaidh na céatadáin is infheidhme dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 faoi na raonta seo a leanas:

(a) 

60 % go 80 % le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 o dtí an 31 Nollaig 2014;

(b) 

40 % go 70 % i rith na tréimhse ón 01.01.15 go dtí an 31.12.15;

(c) 

20 % go 60 % i rith na tréimhse ón 01.01.16 go dtí an 31.12.16;

(d) 

0 % go 50 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017;

(e) 

0 % go 40 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2018;

(f) 

0 % go 30 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019;

(g) 

0 % go 20 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2020;

(h) 

0 % go 10 % i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021

Airteagal 486 6.
Déanfaidh na húdaráis inniúla na céatadáin is infheidhme sna raonta a shonraítear i mír 5 a chinneadh agus a fhoilsiú;

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas