+Airteagal 7 Tionchar eacnamaíoch
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
|
Airteagal 7 Tionchar eacnamaíoch
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Chun tionchar eacnamaíoch an teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2022/2554 a chinneadh, cuirfidh eintitis airgeadais san áireamh na cineálacha costas agus caillteanas díreach agus indíreach seo a leanas arna dtabhú de thoradh an teagmhais, gan aisghabhálacha airgeadais a áireamh:
|
(a)
|
cistí nó sócmhainní airgeadais díshealbhaithe dá bhfuil siad faoi dhliteanas, lena n-áirítear sócmhainní a cailleadh de thoradh gadaíochta;
|
|
(b)
|
costais as athsholáthar nó athshocrú bogearraí, crua-earraí nó bonneagair;
|
|
(c)
|
costais foirne, lena n-áirítear costais a bhaineann le hathsholáthar nó athshocrú foirne, earcaíocht foirne breise, luach saothair as ragobair agus aisghabháil scileanna caillte nó lagaithe;
|
|
(d)
|
táillí de bharr neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha;
|
|
(e)
|
costais as sásamh agus cúiteamh do chustaiméirí;
|
|
(f)
|
caillteanais de bharr ioncam ligthe thar ceal;
|
|
(g)
|
costais a bhaineann le cumarsáid inmheánach agus sheachtrach;
|
|
(h)
|
costais chomhairleacha, lena n-áirítear costais a bhaineann le comhairleoireacht dhlíthiúil, seirbhísí fóiréinseacha agus seirbhísí réitigh.
|
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Ní áireofar i gcostais agus caillteanais dá dtagraítear i mír 1 costais a bhfuil gá leo d’oibríocht laethúil an ghnólachta, go háirithe an méid seo a leanas:
|
(a)
|
costais as cothabháil ghinearálta bonneagair, trealaimh, crua-earraí agus bogearraí, agus costais as scileanna na foirne a choimeád cothrom le dáta;
|
|
(b)
|
costais inmheánacha nó sheachtracha chun feabhas a chur ar an ngnólacht i ndiaidh an teagmhais, lena n-áirítear uasghráduithe, feabhsuithe agus tionscnaimh um measúnú riosca;
|
|
(c)
|
préimheanna árachais.
|
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Ríomhfaidh eintitis airgeadais na méideanna costas agus caillteanas bunaithe ar shonraí a bhíonn ar fáil tráth an tuairiscithe. I gcás nach féidir na méideanna costas agus caillteanas iarbhír a chinneadh, déanfaidh eintitis airgeadais meastachán i ndáil leis na méideanna sin.
|
|
Airteagal 7 4
|
4. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch an teagmhais, déanfaidh eintitis airgeadais coimriú ar na costais agus caillteanais dá dtagraítear i mír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|