+Airteagal 6 Measúnú na n-údarás inniúil ar na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu i moltaí an Phríomh-Fhormhaoirseora
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
|
Airteagal 6 Measúnú na n-údarás inniúil ar na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu i moltaí an Phríomh-Fhormhaoirseora
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Mar chuid dá maoirseacht ar eintitis airgeadais, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar thionchar na mbeart arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil ar na heintitis airgeadais bunaithe ar mholtaí an Phríomh-Fhormhaoirseora i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, cuirfidh an t-údarás inniúil na nithe uile seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
leordhóthanacht agus comhleanúnachas na mbeart ceartaitheach agus feabhais arna gcur chun feidhme ag na heintitis airgeadais chun na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí a mhaolú;
|
|
(b)
|
an measúnú a rinne an Príomh-Fhormhaoirseoir ar chomhlíontacht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a áirítear sa tuarascáil i gcás ina mbeidh tionchar aige ar neamhchosaint na n-eintiteas airgeadais atá faoina shainchúram ar na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí;
|
|
(c)
|
tuairim aon údaráis inniúil eile a ndeachthas i gcomhairle leo i gcomhréir le hAirteagal 42(5) de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
(d)
|
cé acu a mheas nó nár mheas an Príomh-Fhormhaoirseoir gur leormhaith na gníomhaíochtaí agus na réitigh a chuir an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil chun feidhme chun neamhchosaint na n-eintiteas airgeadais atá faoina shainchúram ar na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí a mhaolú.
|
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Arna iarraidh sin don Phríomh-Fhormhaoirseoir, cuirfidh an t-údarás inniúil torthaí an mheasúnaithe a leagtar amach i mír 1 ar fáil in am réasúnach. Agus torthaí an mheasúnaithe sin á n-iarraidh aige, déanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir prionsabal na comhréireachta agus méid na rioscaí a bhaineann leis na moltaí a mheas, lena n-áirítear tionchair thrasteorann na rioscaí sin nuair a bhíonn tionchar acu ar eintitis airgeadais a oibríonn i níos mó ná Ballstát amháin.
|
|
Airteagal 6 4
|
4. I gcás inarb ábhartha, iarrfaidh an t-údarás inniúil ar eintitis airgeadais aon fhaisnéis is gá a sholáthar chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|