2. Agus an measúnú dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, cuirfidh an t-údarás inniúil na nithe uile seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
leordhóthanacht agus comhleanúnachas na mbeart ceartaitheach agus feabhais arna gcur chun feidhme ag na heintitis airgeadais chun na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí a mhaolú;
|
|
(b)
|
an measúnú a rinne an Príomh-Fhormhaoirseoir ar chomhlíontacht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a áirítear sa tuarascáil i gcás ina mbeidh tionchar aige ar neamhchosaint na n-eintiteas airgeadais atá faoina shainchúram ar na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí;
|
|
(c)
|
tuairim aon údaráis inniúil eile a ndeachthas i gcomhairle leo i gcomhréir le hAirteagal 42(5) de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
(d)
|
cé acu a mheas nó nár mheas an Príomh-Fhormhaoirseoir gur leormhaith na gníomhaíochtaí agus na réitigh a chuir an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil chun feidhme chun neamhchosaint na n-eintiteas airgeadais atá faoina shainchúram ar na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí a mhaolú.
|