+Airteagal 1 Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht
---+Airteagal 1 (a)
---+Airteagal 1 (b)
---+Airteagal 1 (c)
---+Airteagal 1 (d)
---+Airteagal 1 (e)
---+Airteagal 1 (f)
---+Airteagal 1 (g)
---+Airteagal 1 (h)
---+Airteagal 1 (i)
---+Airteagal 1 (j)
---+Airteagal 1 (k)
---+Airteagal 1 (l)

Airteagal 1 Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht

Cuirfidh eintitis airgeadais san áireamh a méid agus a bpróifíl riosca fhoriomlán agus cineál, scála agus gnéithe de chastacht mhéadaithe nó laghdaithe a seirbhísí, a ngníomhaíochtaí agus a n-oibríochtaí, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann leis an méid seo a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 (a)

an cineál seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a chumhdaítear leis an socrú conarthach idir an t-eintiteas airgeadais agus soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí;

Airteagal 1 (b)

an cineál seirbhísí TFC a chumhdaítear leis an socrú conarthach idir soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus a fhochonraitheoirí;

Airteagal 1 (c)

suíomh an fhochonraitheora TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le cuid ábhartha díobh, nó suíomh a mháthairghnóthais;

Airteagal 1 (d)

fad agus castacht shlabhra na bhfochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh arna n-úsáid ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí;

Airteagal 1 (e)

cineál na sonraí a chomhroinntear le fochonraitheoirí TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh;

Airteagal 1 (f)

maidir leis na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, cé acu a bhíonn siad á soláthar nó nach mbíonn siad á soláthar ag fochonraitheoirí, atá lonnaithe laistigh de Bhallstát nó i dtríú tír,, lena n-áirítear an suíomh óna soláthraítear seirbhísí TFC iarbhír agus an suíomh ina ndéantar na sonraí a phróiseáil agus a stóráil iarbhír;

Airteagal 1 (g)

maidir le fochonraitheoirí TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, cé acu atá nó nach bhfuil siad ina gcuid den ghrúpa céanna chomh maith leis an eintiteas airgeadais dá soláthraítear na seirbhísí sin;

Airteagal 1 (h)

maidir le fochonraitheoirí TFC a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, cé acu atá nó nach bhfuil siad údaraithe, cláraithe nó faoi réir maoirseacht nó formhaoirseacht ag údarás inniúil i mBallstát, nó faoi réir an chreata formhaoirseachta faoi Chaibidil V, Roinn II, de Rialachán (AE) 2022/2554;

Airteagal 1 (i)

maidir le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh, cé acu atá nó nach bhfuil siad údaraithe, cláraithe nó faoi réir maoirseacht nó formhaoirseacht ag údarás maoirseachta ó thríú tír;

Airteagal 1 (j)

maidir le soláthar seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh, cé acu atá nó nach bhfuil sé comhchruinnithe d’fhochonraitheoir aonair de chuid soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí nó do líon beag fochonraitheoirí den sórt sin;

Airteagal 1 (k)

maidir le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha a chur amach ar fochonradh, cé acu a bheadh nó nach mbeadh tionchar acu sin ar inaistritheacht na seirbhísí TFC sin chuig soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí eile;

Airteagal 1 (l)

an tionchar féideartha a bheadh ag suaití ar leanúnachas agus infhaighteacht na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh arna soláthar ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus fochonraitheoir á úsáid a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábhartha díobh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas