+Airteagal 5 Bainistíocht riosca do TLPT
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
|
Airteagal 5 Bainistíocht riosca do TLPT
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Le linn na céime ullmhúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9, déanfaidh an fhoireann rialaithe measúnú ar na rioscaí a bhaineann le córais táirgthe bheo d’fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha an eintitis airgeadais a thástáil, lena n-áirítear tionchair fhéideartha ar na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
an earnáil airgeadais;
|
|
(b)
|
an chobhsaíocht airgeadais ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta.
|
Déanfaidh an fhoireann rialaithe athbhreithniú ar na tionchair sin le linn na tástála.
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Chun críocha an mheasúnaithe riosca agus an bhainistithe riosca, cuirfidh an fhoireann rialaithe na cineálacha rioscaí seo a leanas ar a laghad san áireamh:
|
(a)
|
rochtain a thabhairt don soláthraí faisnéise bagartha agus do na tástálaithe seachtracha, i gcás inarb infheidhme, ar fhaisnéis íogair faoin eintiteas airgeadais;
|
|
(b)
|
easpa comhlíontachta TLPT le Rialachán (AE) 2022/2554 agus leis an Rialachán seo i gcás ina bhfuil easpa fianaithe dá dtagraítear in Airteagal 26(7) de Rialachán (AE) 2022/2554 mar thoradh ar easpa comhlíontachta den sórt sin, lena n-áirítear i gcás inarb é is cúis leis an easpa comhlíontachta sin sáruithe rúndachta ar TLPT nó easpa iompair eiticiúil;
|
|
(c)
|
géarú ar ghéarchéimeanna agus ar theagmhais;
|
|
(d)
|
céim ghníomhach na foirne deirge, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le cur isteach ar ghníomhaíochtaí criticiúla agus le héilliú sonraí de dheasca ghníomhaíochtaí na dtástálaithe, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar thríú páirtithe;
|
|
(e)
|
gníomhaíocht na foirne goirme, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le cur isteach ar ghníomhaíochtaí criticiúla agus le héilliú sonraí de dheasca ghníomhaíochtaí na foirne goirme, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aici ar thríú páirtithe;
|
|
(f)
|
athbhunú neamhiomlán na gcóras a ndéanann TLPT difear dóibh.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|