+Airteagal 5 2

Airteagal 5 2

2.   Chun críocha an mheasúnaithe riosca agus an bhainistithe riosca, cuirfidh an fhoireann rialaithe na cineálacha rioscaí seo a leanas ar a laghad san áireamh:

(a)

rochtain a thabhairt don soláthraí faisnéise bagartha agus do na tástálaithe seachtracha, i gcás inarb infheidhme, ar fhaisnéis íogair faoin eintiteas airgeadais;

(b)

easpa comhlíontachta TLPT le Rialachán (AE) 2022/2554 agus leis an Rialachán seo i gcás ina bhfuil easpa fianaithe dá dtagraítear in Airteagal 26(7) de Rialachán (AE) 2022/2554 mar thoradh ar easpa comhlíontachta den sórt sin, lena n-áirítear i gcás inarb é is cúis leis an easpa comhlíontachta sin sáruithe rúndachta ar TLPT nó easpa iompair eiticiúil;

(c)

géarú ar ghéarchéimeanna agus ar theagmhais;

(d)

céim ghníomhach na foirne deirge, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le cur isteach ar ghníomhaíochtaí criticiúla agus le héilliú sonraí de dheasca ghníomhaíochtaí na dtástálaithe, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar thríú páirtithe;

(e)

gníomhaíocht na foirne goirme, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le cur isteach ar ghníomhaíochtaí criticiúla agus le héilliú sonraí de dheasca ghníomhaíochtaí na foirne goirme, agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith aici ar thríú páirtithe;

(f)

athbhunú neamhiomlán na gcóras a ndéanann TLPT difear dóibh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas