+Airteagal 67 Fóram comhairleach
---+Airteagal 67 1.
---+Airteagal 67 2.
---+Airteagal 67 3.
---+Airteagal 67 4.
---+Airteagal 67 5.
---+Airteagal 67 6.
---+Airteagal 67 7.
---+Airteagal 67 8.
---+Airteagal 67 9.
---+Airteagal 67 10.

Airteagal 67 Fóram comhairleach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 67 1.
Bunófar fóram comhairleach chun saineolas teicniúil a sholáthar agus chun comhairle a chur ar an mBord agus ar an gCoimisiún, agus chun rannchuidiú lena gcúraimí faoin Rialachán seo.
Airteagal 67 2.
Beidh ballraíocht an fhóraim chomhairligh ina léiriú ar roghnú cothrom na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear tionscal, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, an tsochaí shibhialta agus an lucht léinn. Déanfar ballraíocht an fhóraim chomhairligh a chothromú maidir le leasanna tráchtála agus neamhthráchtála agus, laistigh den chatagóir leasanna tráchtála, maidir le FBManna agus gnóthais eile.
Airteagal 67 3.
Ceapfaidh an Coimisiún comhaltaí an fhóraim chomhairligh, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2, as measc geallsealbhóirí a bhfuil saineolas aitheanta acu i réimse na hintleachta saorga.
Airteagal 67 4.
Mairfidh téarma oifige chomhaltaí an fhóraim chomhairligh 2 bhliain, agus féadfar síneadh nach faide ná 4 bliana a chur leis.
Airteagal 67 5.
Beidh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, ENISA, an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC), agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) ina gcomhaltaí buana den fhóram comhairleach.
Airteagal 67 6.
Déanfaidh an fóram comhairleach a rialacha nós imeachta a tharraingt suas. Toghfaidh sé beirt chomhchathaoirleach as measc a chomhaltaí, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2. Mairfidh téarma oifige na gcomhchathaoirleach 2 bhliain agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.
Airteagal 67 7.
Tionólfaidh an fóram comhairleach cruinnithe 2 uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh an fóram comhairleach cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do gheallsealbhóirí eile chuig a chruinnithe.
Airteagal 67 8.
Féadfaidh an fóram comhairleach tuairimí, moltaí agus rannchuidithe i scríbhinn a ullmhú arna iarraidh sin don Bhord nó don Choimisiún.
Airteagal 67 9.
Féadfaidh an fóram comhairleach foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú de réir mar is iomchuí chun ceisteanna sonracha a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a scrúdú.
Airteagal 67 10.
Déanfaidh an fóram comhairleach tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena chuid gníomhaíochtaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas