+Airteagal 68 Painéal eolaíoch saineolaithe neamhspleácha
---+Airteagal 68 1.
---+Airteagal 68 2.
---+Airteagal 68 3.
---+Airteagal 68 4.
---+Airteagal 68 5.

Airteagal 68 Painéal eolaíoch saineolaithe neamhspleácha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 68 1.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, forálacha maidir le painéal eolaíoch de shaineolaithe neamhspleácha (an “painéal eolaíochta”) a bhunú, ar painéal é a bheartaítear chun tacú leis na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
Airteagal 68 2.

Ar an bpainéal eolaíoch, beidh saineolaithe arna roghnú ag an gCoimisiún ar bhonn saineolas eolaíoch nó teicniúil atá cothrom le dáta i réimse na hintleachta saorga atá riachtanach le haghaidh na gcúraimí a leagtar amach i mír 3, agus beidh sé in ann a léiriú go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

saineolas agus inniúlacht ar leith agus saineolas eolaíoch nó teicniúil a bheith acu i réimse na hintleachta saorga;

(b) 

neamhspleáchas ar aon soláthraí córas intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireach;

(c) 

an cumas gníomhaíochtaí a dhéanamh go dícheallach, go cruinn agus go hoibiachtúil.

Cinnfidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBord, líon na saineolaithe ar an bpainéal i gcomhréir leis na riachtanais is gá agus áiritheoidh sé ionadaíocht chothrom inscne agus gheografach.

Airteagal 68 3.

Tabharfaidh an painéal eolaíoch comhairle agus tacaíocht don Oifig um Intleacht Shaorga, go háirithe maidir leis na cúraimí seo a leanas:

(a) 

tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le samhlacha agus córais intleachta saorga ilchuspóireacha, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

foláireamh a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga faoi rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, i gcomhréir le hAirteagal 90;

(ii) 

rannchuidiú le huirlisí agus modheolaíochtaí a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar chumais samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear trí thagarmharcanna;

(iii) 

comhairle a sholáthar maidir le haicmiú samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo;

(iv) 

comhairle a thabhairt maidir le haicmiú samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach;

(v) 

rannchuidiú le huirlisí agus teimpléid a fhorbairt;

(b) 

tacú le hobair na n-údarás faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh;

(c) 

tacú le gníomhaíochtaí faireachais margaidh trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 74(11), gan dochar do chumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh;

(d) 

tacú leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus a dualgais á gcomhlíonadh aici i gcomhthéacs nós imeachta cosanta an Aontais de bhun Airteagal 81.

Airteagal 68 4.
Déanfaidh na saineolaithe ar an bpainéal eolaíoch a gcúraimí a chomhlíonadh le neamhchlaontacht agus le hoibiachtúlacht, agus áiritheoidh siad rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheobhaidh siad agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu. Ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu faoi mhír 3. Dréachtóidh gach saineolaí dearbhú leasanna a chuirfear ar fáil don phobal. Bunóidh an Oifig um Intleacht Shaorga córais agus nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú go gníomhach agus a chosc.
Airteagal 68 5.
Áireofar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir leis na coinníollacha, na nósanna imeachta agus na socruithe mionsonraithe don phainéal eolaíoch agus dá chomhaltaí chun foláirimh a eisiúint, agus chun cúnamh na hOifige um Intleacht Shaorga a iarraidh chun cúraimí an phainéil eolaíoch a fheidhmiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas