+Airteagal 68 3.

Airteagal 68 3.

Tabharfaidh an painéal eolaíoch comhairle agus tacaíocht don Oifig um Intleacht Shaorga, go háirithe maidir leis na cúraimí seo a leanas:

(a) 

tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le samhlacha agus córais intleachta saorga ilchuspóireacha, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

foláireamh a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga faoi rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, i gcomhréir le hAirteagal 90;

(ii) 

rannchuidiú le huirlisí agus modheolaíochtaí a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar chumais samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear trí thagarmharcanna;

(iii) 

comhairle a sholáthar maidir le haicmiú samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo;

(iv) 

comhairle a thabhairt maidir le haicmiú samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach;

(v) 

rannchuidiú le huirlisí agus teimpléid a fhorbairt;

(b) 

tacú le hobair na n-údarás faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh;

(c) 

tacú le gníomhaíochtaí faireachais margaidh trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 74(11), gan dochar do chumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh;

(d) 

tacú leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus a dualgais á gcomhlíonadh aici i gcomhthéacs nós imeachta cosanta an Aontais de bhun Airteagal 81.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas