+Airteagal 16 Ardán tuairiscithe aonair a bhunú
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
|
Airteagal 16 Ardán tuairiscithe aonair a bhunú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Chun críocha na bhfógraí dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (3) agus in Airteagal 15(1) agus (2) agus chun na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar mhonaróirí a shimpliú, bunóidh ENISA ardán tuairiscithe aonair. Déanfaidh ENISA oibríochtaí laethúla an ardáin tuairiscithe aonair sin a bhainistiú agus a choinneáil ar bun. Le hollstruchtúr an ardáin tuairiscithe aonair, cuirfear ar chumas na mBallstát agus ENISA críochphointí fógartha leictreonacha dá gcuid féin a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Tar éis dó fógra a fháil, déanfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir a fhaigheann an fógra ar dtús an fógra a scaipeadh tríd an ardán tuairiscithe aonair, gan mhoill, ar na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí a bhfuil sé tugtha le fios ag an monaróir ina leith gur cuireadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch. In imthosca eisceachtúla agus, go háirithe, arna iarraidh sin don mhonaróir agus i bhfianaise leibhéal íogaireachta na faisnéise faoina dtugtar fógra mar atá léirithe ag an monaróir faoi Airteagal 14(2), pointe (a), den Rialachán seo, féadfar moill a chur ar scaipeadh an fhógra, ar bhonn forais chibearshlándála a bhfuil údar leo, ar feadh tréimhse a bhfuil géarghá léi, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil leochaileacht faoi réir nós imeachta um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás ina gcinneann CSIRT fógra a choinneáil siar, cuirfidh sé ENISA ar an eolas láithreach faoin gcinneadh agus tabharfaidh sé údar leis an bhfógra a choinneáil siar chomh maith le léiriú ar cathain a scaipfidh sé an fógra i gcomhréir leis an nós imeachta scaipthe a leagtar síos sa mhír seo. Féadfaidh ENISA tacú leis an CSIRT ar fhorais chibearshlándála a chur i bhfeidhm i ndáil le moill a chur ar scaipeadh an fhógra. In imthosca fíoreisceachtúla, i gcás ina léiríonn an monaróir san fhógra dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (b):
(a)
gur shaothraigh gníomhaí mailíseach an leochaileacht faoina dtugtar fógra go gníomhach agus, de réir na faisnéise atá ar fáil, nár saothraíodh í in aon Bhallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir ar thug an monaróir fógra faoin leochaileacht dó;
(b)
gur dócha go mbeadh soláthar faisnéise mar thoradh ar scaipeadh breise láithreach na leochaileachta faoina dtugtar fógra, ar faisnéis í a mbeadh a nochtadh contrártha do leasanna bunúsacha an Bhallstáit sin; nó
(c)
go bhfuil gar-riosca ard cibearshlándála ag baint leis an leochaileacht faoina dtugtar fógra, ar riosca é a eascraíonn as an scaipeadh breise;
ní dhéanfar ach an fhaisnéis go ndearna an monaróir fógra a thabhairt, an fhaisnéis ghinearálta faoin táirge, an fhaisnéis faoi chineál ginearálta an tsaothraithe agus an fhaisnéis gur tugadh an fógra ar bhonn forais slándála, a chur ar fáil an tráth céanna do ENISA go dtí go scaipfear an fógra ina iomláine ar na CSIRTanna lena mbaineann agus ar ENISA. I gcás ina measann ENISA, bunaithe ar an bhfaisnéis sin, go bhfuil riosca sistéamach ann a dhéanann difear don tslándáil sa mhargadh inmheánach, molfaidh sé don CSIRT fála an fógra ina iomláine a scaipeadh ar na CSIRTanna eile atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí agus ar ENISA féin.
|
|
Airteagal 16 3.
|
Tar éis fógra a fháil faoi leochaileacht a shaothraítear go gníomhach i dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó faoi theagmhas tromchúiseach a bhfuil tionchar aige ar shlándáil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha, déanfaidh na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí an fhaisnéis faoina dtugtar fógra a sholáthar d’údaráis um fhaireachas margaidh a mBallstáit faoi seach, ar faisnéis í is gá chun go bhféadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Déanfaidh ENISA bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla atá iomchuí agus comhréireach chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le slándáil an ardáin tuairiscithe aonair agus na faisnéise a chuirtear isteach nó a scaiptear tríd an ardán tuairiscithe aonair. Tabharfaidh sé fógra gan moill mhíchuí faoi aon teagmhas slándála a dhéanann difear don ardán tuairiscithe aonair do ghréasán CSIRTanna agus don Choimisiún.
|
|
Airteagal 16 5.
|
Déanfaidh ENISA, i gcomhar le gréasán CSIRTanna, sonraíochtaí a sholáthar agus a chur chun feidhme maidir leis na bearta teicniúla, oibríochtúla agus eagraíochtúla a bhaineann le bunú, cothabháil agus oibriú slán an ardáin tuairiscithe aonair dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear ar a laghad na socruithe slándála a bhaineann le bunú, oibriú agus cothabháil an ardáin tuairiscithe aonair, chomh maith leis na críochphointí fógartha leictreonacha arna gcur ar bun ag na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí ar an leibhéal náisiúnta agus ag ENISA ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear gnéithe nós imeachta chun a áirithiú, i gcás nach mbeidh aon bheart ceartaitheach nó maolaitheach ar fáil do leochaileacht faoina dtugtar fógra, go gcomhroinnfear faisnéis faoin leochaileacht sin i gcomhréir le prótacail dhiana slándála agus ar bhonn riachtanas eolais.
|
|
Airteagal 16 6.
|
I gcás inar cuireadh CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir ar an eolas faoi leochaileacht a shaothraítear go gníomhach mar chuid de nós imeachta um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555, féadfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir a fhaigheann an fógra ar dtús moill a chur ar scaipeadh an fhógra ábhartha tríd an ardán tuairiscithe aonair, ar bhonn forais chibearshlándála a bhfuil údar leo, ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá agus go dtí go dtabharfaidh na páirtithe a bhfuil baint acu le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí a dtoiliú. Leis an gceanglas sin, ní chuirfear cosc ar mhonaróirí fógra a thabhairt faoi leochaileacht den sórt sin ar bhonn deonach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|