|
+Airteagal 16 2. |
Airteagal 16 2.Tar éis dó fógra a fháil, déanfaidh an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir a fhaigheann an fógra ar dtús an fógra a scaipeadh tríd an ardán tuairiscithe aonair, gan mhoill, ar na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí a bhfuil sé tugtha le fios ag an monaróir ina leith gur cuireadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar fáil ar a gcríoch. In imthosca eisceachtúla agus, go háirithe, arna iarraidh sin don mhonaróir agus i bhfianaise leibhéal íogaireachta na faisnéise faoina dtugtar fógra mar atá léirithe ag an monaróir faoi Airteagal 14(2), pointe (a), den Rialachán seo, féadfar moill a chur ar scaipeadh an fhógra, ar bhonn forais chibearshlándála a bhfuil údar leo, ar feadh tréimhse a bhfuil géarghá léi, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil leochaileacht faoi réir nós imeachta um nochtadh comhordaithe leochaileachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2022/2555. I gcás ina gcinneann CSIRT fógra a choinneáil siar, cuirfidh sé ENISA ar an eolas láithreach faoin gcinneadh agus tabharfaidh sé údar leis an bhfógra a choinneáil siar chomh maith le léiriú ar cathain a scaipfidh sé an fógra i gcomhréir leis an nós imeachta scaipthe a leagtar síos sa mhír seo. Féadfaidh ENISA tacú leis an CSIRT ar fhorais chibearshlándála a chur i bhfeidhm i ndáil le moill a chur ar scaipeadh an fhógra. In imthosca fíoreisceachtúla, i gcás ina léiríonn an monaróir san fhógra dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (b):
(a)
gur shaothraigh gníomhaí mailíseach an leochaileacht faoina dtugtar fógra go gníomhach agus, de réir na faisnéise atá ar fáil, nár saothraíodh í in aon Bhallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir ar thug an monaróir fógra faoin leochaileacht dó;
(b)
gur dócha go mbeadh soláthar faisnéise mar thoradh ar scaipeadh breise láithreach na leochaileachta faoina dtugtar fógra, ar faisnéis í a mbeadh a nochtadh contrártha do leasanna bunúsacha an Bhallstáit sin; nó
(c)
go bhfuil gar-riosca ard cibearshlándála ag baint leis an leochaileacht faoina dtugtar fógra, ar riosca é a eascraíonn as an scaipeadh breise; ní dhéanfar ach an fhaisnéis go ndearna an monaróir fógra a thabhairt, an fhaisnéis ghinearálta faoin táirge, an fhaisnéis faoi chineál ginearálta an tsaothraithe agus an fhaisnéis gur tugadh an fógra ar bhonn forais slándála, a chur ar fáil an tráth céanna do ENISA go dtí go scaipfear an fógra ina iomláine ar na CSIRTanna lena mbaineann agus ar ENISA. I gcás ina measann ENISA, bunaithe ar an bhfaisnéis sin, go bhfuil riosca sistéamach ann a dhéanann difear don tslándáil sa mhargadh inmheánach, molfaidh sé don CSIRT fála an fógra ina iomláine a scaipeadh ar na CSIRTanna eile atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí agus ar ENISA féin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|