+Airteagal 33 Bearta tacaíochta i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.

Airteagal 33 Bearta tacaíochta i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 1.

Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí seo a leanas, atá saincheaptha do riachtanais na micrifhiontar agus na bhfiontar beag:

(a) 

gníomhaíochtaí sonracha múscailte feasachta agus oiliúna a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b) 

bealach tiomnaithe a leagan síos chun cumarsáid a dhéanamh le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus, de réir mar is iomchuí, le húdaráis phoiblí áitiúla chun comhairle a chur ar fáil agus chun freagairt d’fhiosrúcháin faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo;

(c) 

tacú le gníomhaíochtaí tástála agus gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, le tacaíocht ón Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála.

Airteagal 33 2.
Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, boscaí gainimh rialála um chibear-athléimneacht a bhunú. Déanfar foráil sna boscaí gainimh rialála sin do thimpeallachtaí tástála rialaithe le haghaidh táirgí nuálacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a bhforbairt, a ndearadh, a mbailíochtú agus a dtástáil a éascú chun an Rialachán seo a chomhlíonadh ar feadh tréimhse theoranta ama sula gcuirtear ar an margadh iad. Féadfaidh an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ENISA, tacaíocht theicniúil, comhairle agus uirlisí a sholáthar chun boscaí gainimh rialála a bhunú agus a oibriú. Déanfar na boscaí gainimh rialála a chur ar bun faoi mhaoirseacht dhíreach na n-údarás um fhaireachas margaidh agus le treoraíocht agus tacaíocht ó na húdaráis sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na húdaráis um fhaireachas margaidh eile ar an eolas maidir le bosca gainimh rialála a bhunú trí ADCO. Ní dhéanfaidh boscaí gainimh rialála difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na n-údarás inniúil. Áiritheoidh na Ballstáit rochtain oscailte, chothrom agus thrédhearcach ar bhoscaí gainimh rialála, agus go háirithe déanfaidh siad rochtain ag micrifhiontair agus fiontair bheaga a éascú, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.
Airteagal 33 3.
I gcomhréir le hAirteagal 26, cuirfidh an Coimisiún treoraíocht ar fáil do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 33 4.
Fógróidh an Coimisiún an tacaíocht airgeadais atá ar fáil i gcreat rialála chláir an Aontais atá ann cheana, go háirithe chun an t-ualach airgeadais ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga a mhaolú.
Airteagal 33 5.
Féadfaidh micrifhiontair agus fiontair bheaga eilimintí uile na doiciméadachta teicniúla a shonraítear in Iarscríbhinn VII a sholáthar trí úsáid a bhaint as formáid shimplithe. Chun na críche sin, sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhoirm shimplithe den doiciméadacht theicniúil atá dírithe ar riachtanais micrifhiontar agus fiontar beag, lena n-áirítear conas atá na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII le soláthar. I gcás ina roghnaíonn micrifhiontar nó fiontar beag an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a sholáthar ar bhealach simplithe, bainfidh sé úsáid as an bhfoirm dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra leis an bhfoirm sin chun críoch measúnaithe comhréireachta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas