+Airteagal 33 2.
|
Airteagal 33 2.
Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, boscaí gainimh rialála um chibear-athléimneacht a bhunú. Déanfar foráil sna boscaí gainimh rialála sin do thimpeallachtaí tástála rialaithe le haghaidh táirgí nuálacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a bhforbairt, a ndearadh, a mbailíochtú agus a dtástáil a éascú chun an Rialachán seo a chomhlíonadh ar feadh tréimhse theoranta ama sula gcuirtear ar an margadh iad. Féadfaidh an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ENISA, tacaíocht theicniúil, comhairle agus uirlisí a sholáthar chun boscaí gainimh rialála a bhunú agus a oibriú. Déanfar na boscaí gainimh rialála a chur ar bun faoi mhaoirseacht dhíreach na n-údarás um fhaireachas margaidh agus le treoraíocht agus tacaíocht ó na húdaráis sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na húdaráis um fhaireachas margaidh eile ar an eolas maidir le bosca gainimh rialála a bhunú trí ADCO. Ní dhéanfaidh boscaí gainimh rialála difear do chumhachtaí maoirseachta agus ceartaitheacha na n-údarás inniúil. Áiritheoidh na Ballstáit rochtain oscailte, chothrom agus thrédhearcach ar bhoscaí gainimh rialála, agus go háirithe déanfaidh siad rochtain ag micrifhiontair agus fiontair bheaga a éascú, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|