+Airteagal 47 Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
---+Airteagal 47 1.
---+Airteagal 47 2.
---+Airteagal 47 3.
---+Airteagal 47 4.
---+Airteagal 47 5.
---+Airteagal 47 6.
|
Airteagal 47 Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47 1.
|
Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra measúnuithe comhréireachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 32 agus in Iarscríbhinn VIII.
|
|
Airteagal 47 2.
|
Déanfar measúnuithe comhréireachta ar bhealach comhréireach agus seachnófar ualaí neamhriachtanacha a leagan ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta a ngníomhaíochtaí agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid na ngnóthas, go háirithe maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, an earnáil ina n-oibríonn siad, a struchtúr, a gcastacht agus leibhéal riosca cibearshlándála na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus an teicneolaíocht atá i gceist agus mais nó cineál srathach an phróisis táirgthe.
|
|
Airteagal 47 3.
|
Mar sin féin, urramóidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid déine agus an leibhéal cosanta is gá chun go gcomhlíonfadh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 47 4.
|
I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I ná sna caighdeáin chomhchuibhithe chomhfhreagracha ná i sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 27 comhlíonta ag monaróir, ceanglóidh sé ar an monaróir sin bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus ní eiseoidh sé deimhniú comhréireachta.
|
|
Airteagal 47 5.
|
I gcás ina bhfionnann comhlacht faoina dtugtar fógra, le linn dó faireachán a dhéanamh ar chomhréireacht tar éis dó deimhniú a eisiúint, go bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ann nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a thuilleadh, cuirfidh sé de cheangal ar an monaróir bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh agus déanfaidh sé an deimhniú a fhionraí nó a tharraingt siar más gá.
|
|
Airteagal 47 6.
|
I gcás nach ndéantar bearta ceartaitheacha nó nach bhfuil an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú a shrianadh, a fhionraí nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|