+Airteagal 49 An oibleagáid faisnéise atá ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.

Airteagal 49 An oibleagáid faisnéise atá ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 49 1.

Cuirfidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:

(a) 

aon deimhniú a ndiúltaítear dó, a shriantar, a fhionraítear nó a tharraingítear siar;

(b) 

aon imthosca a dhéanann difear don raon feidhme nó do na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt;

(c) 

aon iarraidh ar fhaisnéis atá faighte acu ó údaráis um fhaireachas margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;

(d) 

arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.

Airteagal 49 2.
Déanfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha faoi shaincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin dóibh, torthaí dearfacha i dtaca le measúnuithe comhréireachta, a sholáthar do na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina gcumhdaítear na táirgí céanna ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas